Déanfaidh an Coiste Téarmaíochta staidéar oifigiúil den chéad uair riamh ar an nglacadh atá ag an bpobal leis na téarmaí a mholann siad. Dúirt an Príomhthéarmeolaí Donncha Ó Cróinín go raibh sé i gceist ag an bhfoireann tabhairt faoi anailís a dhéanamh go bhfeicfidh siad cé na téarmaí is mó agus is lú ar ghlac an pobal leo.
Dúirt Ó Cróinín go nglactar leis i saol na téarmeolaíochta go gcaitear fanacht ar a laghad cúig bliana sula mbítear in ann measúnú a dhéanamh ar úsáid téarmaí nua agus nach mbeidh téarmaí a cumadh níos lú ná cúig bliana ó shin san áireamh san anailís nua.
“Conas atá ag éirí linn? Cad iad na téarmaí atá in úsáid anois? Agus ar tháinig athrú ar na téarmaí a bhí in úsáid in imeacht ama? Sin iad na ceisteanna a bheimid a fhiosrú sa taighde seo. Tá a fhios againn cé mhéad téarma a cuireadh leis an mbunachar, agus tá a fhios againn cé mhéad duine a thugann cuairt ar an suíomh Téarma.ie gach bliain ach níl tuairim againn cad iad na téarmaí atá in úsáid,” a dúirt sé.
Thug Ó Cróinín an téarma ‘Brexit’ mar shampla den chaoi a n-athraíonn téarmaí ó bhliain go bliain i saol na Gaeilge. Dúirt sé go léiríonn corpas na Gaeilge labhartha agus scríofa gurbh é an téarma iasachta ‘Brexit’ féin a bhí in úsáid i nGaeilge sular reáchtáladh an reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach. Tháinig athrú air sin sna blianta i ndiaidh an reifrinn agus tháinig an téarma ‘Breatimeacht’ chun cinn go mór.
“Is téarmaí ciotacha iad ‘Breatimeacht’ agus ‘Brexit’ sa dá theanga. Ar ndóigh níorbh í an Bhreatain a d’fhág an tAontas Eorpach ach an Ríocht Aontaithe – cuid den oileán seo san áireamh. Beimid in ann a fheiceáil, mar sin féin, cén téarma is mó atá i mbéal an phobail anois agus cén t-athrú atá tagtha air sin ó thosaigh an chaint ar Brexit ar dtús.
“Is sampla é Brexit de théarma a bhí sa chúrsaíocht láithreach. Ní mar sin a bhíonn i gcás gach téarma. Sampla eile de sin ná an téarmaíocht a bhain le Covid, a theastaigh go tapa, agus a bhí sna meáin agus i bhfoilseacháin an stáit. Tá difríocht mhór ann i gcás téarma a lorgaíonn duine atá ag scríobh leabhair nó aistritheoir atá ag plé le cáipéis an-sainiúil nach léifidh mórán,” a dúirt sé.
Ar na pleananna eile atá beartaithe ag lucht Téarma.ie agus an Coiste Téarmaíochta do na blianta atá amach romhainn tá athdhearadh ar an suíomh agus athdhearadh ar an mbunachar téarmaíochta le hiad a choinneáil ar comhchéim leis na caighdeáin idirnáisiúnta téarmeolaíochta.
Tá sé i gceist acu freisin cruinniú urghnách a ghairm le “himpleachtaí an Chaighdeáin Oifigiúil 2017” ar an mbunachar téarmaíochta a phlé.
Fág freagra ar 'Staidéar le déanamh ag an gCoiste Téarmaíochta ar an nglacadh a bhíonn ag an bpobal le téarmaí nua'