Staidéar féidearthachta faoi sheirbhís raidió Gaeilge do dhaoine óga le cur faoi bhráid an Aire Cumarsáide

Tá plé déanta le roinnt blianta anuas maidir le stáisiún raidió náisiúnta a bhunú a bheadh dírithe ar Ghaeilgeoirí óga

Staidéar féidearthachta faoi sheirbhís raidió Gaeilge do dhaoine óga le cur faoi bhráid an Aire Cumarsáide

Deir Coimisiún na Meán (CnaM) go bhfuil taighde faoi sheirbhís raidió Gaeilge don óige á chríochnú i láthair na huaire agus go gcuirfear na torthaí faoi bhráid an Aire Cumarsáide go luath.

Choimisiúnaigh Coimisiún na Meán staidéar féidearthachta anuraidh le breathnú ar ‘mhúnlaí éifeachtúla” faoina bhféadfaí  stáisiún nua a bhunú. Tugtar aird  sa staidéar ar chostais agus ar an tionchar a bheadh ag aon seirbhís nua ar an earnáil.

Tá plé déanta le roinnt blianta anuas maidir le stáisiún raidió náisiúnta a bhunú a bheadh dírithe ar Ghaeilgeoirí óga  agus é ráite ag Coimisiún na Meán agus RTÉ go bhfuil siad chun na deiseanna atá ann i leith a leithéid de sheirbhís a fhiosrú.

“Tá an staidéar féidearthachta do Sheirbhís Raidió Náisiúnta Gaeilge don Óige á chríochnú ag Coimisiún na Meán i láthair na huaire,” a dúirt urlabhraí. “Nuair a bheidh an staidéar féidearthachta críochnaithe, cuirfear é faoi bhráid an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le roinnt blianta go mbunófaí stáisiún náisiúnta Gaeilge FM agus an eagraíocht anois ag iarraidh go mbronnfaí an ceadúnas cuí ar Raidió Rí-Rá, stáisiún a dtugann Conradh na Gaeilge tacaíocht dó a dhíríonn ar chainteoirí óga Gaeilge. Is ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh seirbhís raidió Gaeilge ar fáil don óige agus tá Raidió Rí-Rá ag soláthar an chineál sin seirbhíse cheana féin,” a dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge. “Léirigh pobalbhreith Ireland Thinks go gceapann 60% den phobal gur cheart stáisiún raidió Gaeilge a bheadh dírithe ar dhaoine óga agus ar fáil ar FM a mhaoiniú trí tháillí an cheadúnais reatha.

“Is stáisiún bríomhar Gaeilge é Raidió Rí-Rá atá dírithe ar an aos óg agus tá an t-éileamh air ag fás. Tá a raon feidhme teoranta mar stáisiún digiteach, ach le stádas FM, d’fhéadfadh daoine óga é a chloisteáil i ngach áit sa tír.”

Deir an Conradh go neartódh seirbhís náisiúnta FM an nasc a bhíonn ag daoine óga leis an nGaeilge.

“Éilímid ar an Aire O’Donovan na hacmhainní agus an ceadúnas FM a thabhairt do Raidió Rí-Rá chun an tseirbhís atá á cur ar fáil acu cheana féin a sholáthar do dhaoine óga ar fud na tíre,” a dúradh.

Dúradh i dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, in 2023 nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.

Dúradh go léirigh torthaí an taighde go raibh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Gaeilge do dhaoine óga agus go raibh  “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.

Gealladh i straitéis cúig bliana RTÉ go dtabharfadh an craoltóir náisiúnta faoi staidéar féidearthachta do stáisiún raidió digiteach Gaeilge nua a bheadh ag díriú ar éisteoirí idir 15-34 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Staidéar féidearthachta faoi sheirbhís raidió Gaeilge do dhaoine óga le cur faoi bhráid an Aire Cumarsáide'