Stádas Uí Chuív mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta i mbaol i gcónaí

Tá tuairimíocht láidir ann go bhfuil faoi cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin pionós a ghearradh ar Ó Cuív go luath as an mbaint a bhí aige le seoladh toghcháin ó thuaidh

Stádas Uí Chuív mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta i mbaol i gcónaí

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Bhí Éamon Ó Cuív ag cur ceisteanna sa Dáil ar maidin mar urlabhraí de chuid Fhianna Fáil, ach d’fhéadfadh go gcuirfidh an páirtí ‘smacht’ air go fóill mar gheall ar an mbaint a bhí aige le seoladh toghcháin ó thuaidh.

Má chailleann Ó Cuív a stádas mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí, buille a bheadh ann do chás na teanga sa Dáil mar nach mbeadh na cearta céanna aige ó thaobh ceisteanna ó bhéal a chur ar Aire na Gaeltachta sa Dáil.

Aithnítear go forleathan gurb é an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar an té is géarchúisí agus is eolaí sa bhfreasúra ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tráth a bhfuil Teachtaí Dála a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí sin gann, ní hamháin i bhFianna Fáil ach sa Dáil go léir.

Tá tuairimíocht láidir ann le tamall go bhfuil faoi cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin pionós a ghearradh ar Ó Cuív agus an Seanadóir Mark Daly scéala gur fhreastail siad ar sheoladh toghcháin ar an Ómaigh ag ar cuireadh Sorcha McAnespy i láthair mar iarrthóir de chuid Fhianna Fáil i dtoghcháin áitiúla an Tuaiscirt.

Mhéadaigh ar an tuairimíocht go raibh a stádas mar urlabhraí gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta, pobail agus tuaithe le baint de Ó Cuív nuair a fógraíodh inné go raibh a stádas mar leascheannaire Fhianna Fáil sa Seanad bainte den Seanadóir Daly.

Tuairiscíodh go raibh cruinniú beartaithe inné ag Martin le Ó Cuív chun a sciurd ó thuaidh a phlé, ach bhí an t-iar-aire Gaeltachta i láthair sa Dáil ar maidin agus an tAire Gnóthaí Tuaithe Michael Ring á cheistiú aige.

Cé gur éirigh le Ó Cuív na cosa a thabhairt leis go fóill, meastar go bhfuil sé i gceist ag Martin i gcónaí pionós a ghearradh air agus gur beag rogha atá ag ceannaire Fhianna Fáil ach déanamh amhlaidh ó baineadh a theideal de Mark Daly.

Bhí Ó Cuív agus an Seanadóir Daly le feiceáil i bpictiúir ón ócáid a tionóladh ó thuaidh don chomhairleoir neamhspleách, ócáid a raibh brandáil láidir Fhianna Fáil uirthi.

Tuairiscíodh go raibh Micheál Martin le ceangal faoin eachtra tráth a bhfuil cainteanna ar bun ag Fianna Fáil agus an SDLP maidir le dul i mbun comhghuaillíochta ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Stádas Uí Chuív mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta i mbaol i gcónaí'