SRAITH PICTIÚR: Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh!

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Muna bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán.
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi uair éigin go ndearna tú féin agus do chomhghleacaithe gaisce ar scoil.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos ar an ngaisce, mínigh cad a bhí go maith faoi, déan tagairt do na dúshláin, cuir bród in iúl, tabhair comhairle.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Mo Cheol tú! Mo cheol sibh!

(Téacs an fhíseáin)

Eagraíodh grúpa traidisiúnta i gColáiste Phádraig.
Ba iad Máirtín, Deirdre, Aoife agus Seán a bhí sa ghrúpa.
Bhíodh siad ag cleachtadh ag am lóin agus tar éis scoile gach Luan agus Céadaoin.
Bhaineadh siad an-taitneamh as na seisiúin seo.

Ba cheoltóirí den chéad scoth an ceathrar acu.
Sheinneadh Deirdre agus Seán an fhidil, bhíodh Aoife ar an bhfeadóg stáin agus Máirtín ar an bhfeadóg mhór.
Bhíodh an Máistir Ó Riain faoi dhraíocht ag an gceol a bhíodh acu.
Bhíodh siad sa scoil go dtí a cúig a chlog. 

Bhíodh orthu port nua a fhoghlaim agus a chleachtadh gach seachtain.
Obair chrua a bhíodh ann agus bhíodh go leor ama i gceist.
Bhí Deirdre tuirseach, traochta, tnáite an oíche sin ach lean sí uirthi leis an gcleachtadh.
“Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a dúirt sí léi féin.

Chuir siad isteach ar fhleadh an chontae.
Thug siad taispeántas den scoth uathu.
Bhí comhrac an bhradáin idir iad agus na hiomaitheoirí eile.
Thug siad an lá leo.
D’éirigh leo i bhFleadh an Chúige ina dhiaidh sin.

Chuaigh siad go Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Ceanainn.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhí an iomaíocht an-ghéar.
Bhí sceitimíní ar na scoláirí.
Thug siad an lá leo arís.
Sheinn siad ag ceolchoirm na mbuaiteoirí an oíche sin ag a hocht a chlog.

Bhí ceiliúradh mór dóibh i gColáiste Phádraig.
Sheinn siad an oíche sin do mhúinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí an choláiste.
Dúradh gur bhua stairiúil a bhí ann agus go raibh an-chreidiúint ag dul don ghrúpa.
Ghabh an príomhoide buíochas le gach duine a thug lámh chúnta dóibh.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Céard atá scríofa ar chlár na bhfógraí i mbosca 1?
  2. Cén t-am é i mbosca 2?
  3. Cén dá chomórtas atá luaite i mbosca 4?
  4. Cá raibh an Fhleadh Cheoil ar siúl?
  5. Cén t-am a raibh an cheolchoirm ar siúl?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh!'