SRAITH PICTIÚR: Lá ag Cluiche Rugbaí

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, ag scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura mbíonn tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna, más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh  tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtithe éagsúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh, ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile. 

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé. 

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi imeacht spóirt ar fhreastail tú féin air.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: déan cur síos ar an atmaisféar, tabhair cuntas ar an spórt/cluiche, cuir mothúcháin in iúl, cé a bhí leat? cén chaoi a ndeachaigh sibh ann?
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Lá ag Cluiche Rugbaí sa Stade de France

1. An mhí seo caite bhí Seán, Liam agus Pól ag ithe lóin i gceaintín na scoile.
Bhíodar ag caint faoi Chraobh na Sé Náisiún sa rugbaí.
Bhí Éire le haghaidh a thabhairt ar an bhFrainc an deireadh seachtaine sin.
Bheartaíodar dul go dtí an cluiche.

2. Ar an Satharn thugadar aghaidh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Shroicheadar ceann scríbe cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.
Fuaireadar bus go lár na cathrach.
Bhí radharc breá acu ar an Túr Eiffel.

3. Thuirlingíodar den bhus agus d’imíodar ag spaisteoireacht.
Bhaineadar lán a gcuid súl as an Arc de Triomphe.
Mheas Liam gur radharc dochreidte é.
Ina dhiaidh sin chuadar go siopa spóirt le hearraí spóirt a cheannach.

4. Thosnaigh an cluiche ag a trí a chlog.
Bhí an Stade de France dubh le daoine.
Bhí comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann.
Bhí an Fhrainc chun cinn ag leath ama leis an scór 12 le 3.

5. Thosnaigh an taoide ag casadh sa dara leath nuair a fuair Éire clibirt.
Rug imreoir na hÉireann greim an duine bháite ar an liathróid agus rith sé i dtreo an chúil ar nós na gaoithe.
Bhí imreoirí na Fraince sna sála air.
D’éirigh leis a chosa a thabhairt leis thar líne an úid.

6. D’éirigh le hÉire an cic slánaithe a fháil.
Bhí an cluiche idir dhá cheann na meá as sin go ceann scríbe.
Bhí lucht leanúna na hÉireann ag béicigh in ard a gcinn is a ngutha. D’éirigh le hÉire an bua a thabhairt leo leis an scór 21-15.

Ceisteanna:

  1. Cén t-aerfort atá i gceist i mbosca 2?
  2. Cad a cheannaigh siad sa siopa? (bosca 3)
  3. Cad é an scór sa chluiche? (bosca 4)

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Lá ag Cluiche Rugbaí'