SRAITH PICTIÚR: Bua ag Cór na Scoile

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá a bheadh idir tú féin agus do chairde tar éis daoibh comórtas mór scoile a bhuachan.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Bíodh áthas oraibh, tabhair cur síos ar an gcineál comórtais a bhí ann, cuir pléisiúr agus sástacht in iúl, inis cén uair/cén áit a bhí an comórtas ar siúl
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Bua ag Cór na Scoile

(Téacs an fhíseáin)

1) Mí Mheán Fhómhair seo caite reáchtáil RTE comórtas do chóir scoile.
Chuir cór Choláiste Phádraig isteach ar an gcomórtas.
Craoladh an comórtas beo ar RTÉ.
Bhí na scoláirí an-neirbhíseach ach thug siad taispeántas den scoth uathu.

2) An lá dár gcionn chuir eagraí an chomórtais glaoch ar phríomhoide Choláiste Phádraig.
Dúirt sí gur cháiligh an cór don chraobh a bheadh ar siúl i gcathair Dhoire.
Bhí áthas an domhain ar an bpríomhoide an scéal seo a chloisteáil.
Chuir sé an dea-scéal in iúl do na scoláirí.

3) Seachtain roimh an gcomórtas tháinig criú scannánaíochta ó RTÉ le taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí scoile.
Bhí na scoláirí an-neirbhíseach ach bhí siad ag tnúth go mór lena bhfeiceáil féin ar an teilifís.
Ar dtús rinneadh taifeadadh ar an gcluiche sacair a bhí ar siúl ar pháirc na scoile.
Ina dhiaidh sin sin chuaigh siad chuig díospóireacht scoile.
An oíche sin d’fhreastail siad ar léiriú den cheoldráma scoile.

4) Bhí an clár faoin scoil ar siúl an Aoine sin.
D’fhéach máithreacha gach duine sa scoil ar an gclár, measaim.
D’aontaigh siad ar fad gur thug an clár cuntas maith ar an méid a bhí ag tarlú sa scoil.
An Satharn sin thug an cór aghaidh ar chathair Dhoire.

5) Bhí an comórtas ar siúl i Halla na Mílaoise.
Bhí triúr moltóirí suite lámh leis an stáitse.
Tháinig crith cos agus lámh ar scoláirí Choláiste Phádraig.
D’éirigh an halla chomh ciúin le reilig agus ansin thosaigh siad ag canadh.

6) Thug an cór taispeántas den scoth uathu.
Lig siad osna faoisimh nuair a bhí sé thart.
Ag deireadh na hoíche d’fhógair na moltóirí go raibh an bua ag Coláiste Phádraig.
Bhí áthas an domhain orthu.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cad is ainm don scoil?
  • Cén dáta atá luaite i mbosca 1?
  • Cé hé an fear atá le feiceáil i mbosca 2?
  • Luaigh ceann de na himeachtaí atá ar siúl i mbosca 3.
  • Cá bhfuil siad ag dul i mbosca 4?