SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 09). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Word Puzzle

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi uair éigin a rinne tú féin rud éigin as bealach ar scoil. Muna raibh tú riamh i dtrioblóid déan scéilín a chumadh!

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair cur síos ar an rud a rinne tú, tabhair míniú, cuir cathú, fearg agus imní in iúl, déan argóint, bíodh rabhadh i gceist, tabhair cur síos ar an smachtbhanna.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 


Ag Téacsáil sa Rang

(Téacs an fhíseáin)

 

1) Bhí an rang mata faoi lánseol.

Ní raibh gíog ná míog as éinne sa rang.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh gach duine ag obair go dian dícheallach.

Dhírigh an múinteoir aird na scoláirí ar an gclár bán.

Thug na scoláirí cluas le héisteacht di.

2) Bhí Seán suite ar chúl an ranga ar a sháimhín só.

Baineadh geit as nuair a tháinig téacs go dtí an fón.

Liam a bhí ann.

Bhí cóisir á heagrú aige ina theach an Aoine sin mar go raibh a thuistí as baile.

Thug sé cuireadh do Sheán teacht.

3) Tháinig an múinteoir aniar aduaidh ar Sheán agus rug sí air leis an bhfón ina láimh.

Bhain sí preab uasfásach as Seán.

Tháinig sí air le linn na coire. Bhí a fhios aige go raibh sé in umar na haimléise.

Bhí iontas an domhain ar na scoláirí eile.

4) Cuireadh Seán go hoifig an phríomhoide ar an bpointe boise.

Tháinig crith cos agus lámh air.

Thug an príomhoide íde béil dó.

Dúirt sí nár léirigh sé meas don mhúinteoir ná don rang.

Mhínigh sí dó go mbeadh uirthi glaoch ar thuismitheoirí Sheáin.

5) Ghlaoigh an príomhoide ar mháthair Sheáin.

D’inis sí an scéal di.

Ní mó ná sásta a bhí máthair Sheáin.

D’iarr an príomhoide uirthi teacht chun na scoile.

Dúirt an mháthair go dtiocfadh sí isteach láithreach.

6) Bhí cruinniú acu ar fad in oifig an phríomhoide.

Dúirt máthair Sheáin go raibh sí an-mhíshásta le rialacha na scoile.

Dúirt an príomhoide nach raibh an dara rogha aici ach é a chur ar fionraí.

Mhothaigh Seán an-chiontach.

Gheall sé dóibh go raibh ciall ceannaithe aige.

Ceisteanna:

  1. Cé mhéad lá fionraí a fuair sé?

  2. Cén rang atá ar siúl i mbosca 1?

  3. An bhfuil Liam sa scoil chéanna?

  4. An raibh cead ag Seán dul chuig an gcóisir?

  5. An é seo an chéad uair gur tharla eachtra mar seo do Sheán?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Ag Téacsáil sa Rang'