Sraith díospóireachtaí Gaeilge le craoladh ar Oireachtas TV

Seán Ó Cuirreáin, an chéad Choimisinéir Teanga sa stát, a bheidh mar chathaoirleach ar shraith díospóireachtaí a bheidh ar siúl i Leabharlann Thithe an Oireachtais

Sraith díospóireachtaí Gaeilge le craoladh ar Oireachtas TV

Seán Ó Cuirreáin

Pléifear i nGaeilge i dTithe an Oireachtais anocht an caidreamh idir an pholaitíocht agus na meáin in Éirinn.

 Is í díospóireacht na hoíche anocht an chéad cheann i sraith díospóireachtaí Gaeilge atá á n-eagrú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na nGaeilge i gcomhar le Oireachtas TV as seo go ceann bliain go leith.

Déanfar na díospóireachtaí a thaifeadadh agus cuirfear ar fáil iad ar Oireachtas TV.

Seán Ó Cuirreáin, an t-iar-iriseoir agus an chéad Choimisinéir Teanga sa stát, a bheidh mar chathaoirleach ar na díospóireachtaí a bheidh ar siúl sa seomra léitheoireachta i Leabharlann Thithe an Oireachtais. Pléifear ag na díospóireachtaí téamaí éagsúla a bhaineann le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí staire, cúrsaí pobail agus cúrsaí eacnamaíochta.

‘An pholaitíocht agus na meáin i ndomhan luaineach – an dearcadh Éireannach’ is teideal do sheisiún na hoíche anocht agus is iad na haoichainteoirí, John Downing ón Irish Independent, Gráinne Ní Aodha ó PA Media agus Dualta Ó Broin ó Meta/ Facebook.

Tá an tsraith díospóireachtaí á heagrú mar chuid de ghealltanas Thithe an Oireachtais ‘parlaimint’ atá go hiomlán dátheangach a bhunú.

 

Fág freagra ar 'Sraith díospóireachtaí Gaeilge le craoladh ar Oireachtas TV'