Spreagadh iad laochra Laoise soiscéal na hiomána a scaipeadh níos faide

B’iontach an gaisce a rinne Laois an lá faoi dheireadh agus b’iontach an ócáid í. A thuilleadh ócáidí dá leithéid atá ag teastáil…

Spreagadh iad laochra Laoise soiscéal na hiomána a scaipeadh níos faide

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus ansin bhí ceithre chontae fágtha, péire ó chúige Laighean agus péire ó chúige Mumhan.

Bhíos féin ag ceapadh ag tosach na bliana go mbeadh Luimneach ar cheann de na ceithre fhoireann dheireanach ach taobh amuigh díobhsan sin ní raibh mé cinnte in aon chor faoi na foirne eile a bheadh ina seasamh fós sna babhtaí leathcheannais. Is dócha nár shíl mé go mbeadh an Ghaillimh agus Corcaigh imithe.

Bhí dhá phríomhscéal againn an Domhnach seo caite agus sin gur chaill Corcaigh agus gur thug Laois an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann. Nach iontach an t-atmaisféar a bhí i bPáirc an Chrócaigh an lá sin roimh an gcluiche, lena linn agus ina dhiaidh. Cad é mar ghártha molta a fuair laochra Laoise agus iad ag tabhairt cúrsa na ngaiscíoch orthu féin timpeall Pháirc an Chrócaigh i ndiaidh na himeartha.  Cé gur buaileadh iad, ní go héasca é agus cailliúint dhearfach a bhí inti (más ann dá leithéid).

Is trua nach bhfuil níos mó contaetha ag forbairt mar atá Laois i láthair na huaire. Léigh mé leabhar suimiúil Paul Rouse The Hurlers anuraidh, leabhar ina dtugtar cur síos cuimsitheach ar an gcéad chraobh uile-Éireann riamh san iomáint agus ar fhorbairt na hiomána sna 1880idí. Rinne Rouse diantaighde ar an gcluiche agus ar na daoine cumasacha a chuir an lasair faoin seanchluiche a bhí imithe i léig sa tír faoin tráth sin.

Tá níos mó ná céad is a tríocha bliain ó imríodh an chéad chraobh sin ach is mór an trua nach bhfuil borradh agus fás tagtha faoin iomáint i mórán contaetha taobh amuigh den dosaen (ar a mhéid) a bhí páirteach sna laethanta luatha sin. Faraor tá na contaetha céanna fós láidir cé go scaoileann corrchontae anois is arís greim scornaí Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus Chorcaí ar an gcraobh. 93 craobh ar fad atá ag an trí chontae sin.

Ach caithfear an cheist a chur, cén fáth nach bhfuil an cluiche iontach seo i diaidh bláthú i níos mó contaetha? An bhfuil an locht le fáil sna contaetha éagsúla nó an bhfuil chuid maith den locht le cur ar Chumann Lúthchleas Gael?

Dar ndóigh ní thar oíche a tháinig foireann Laoise faoi bhláth. Cuireadh tús le clár forbartha ‘Hurling for Laois’ sa bhliain 2000 agus bhí 2013 ann sula raibh toradh de shórt éigin le feiceáil. An bhliain sin bhain an mhionúir cluiche ceannais an chúige amach agus tháinig cúigear a thosaigh i gcluiche na seachtaine seo caite as an mbuíon sin imreoirí. Is iontach suntasach an dul chun cinn é sin ach an cheist ollmhór a bhí á cur, an mbeidh siad ábalta cur leis sna blianta beaga amach romhainn?

Beidh Laois ag imirt i bpríomhroinn na sraithe an chéad bhliain eile agus sa roinn sin leo beidh Ceatharlach, Áth Cliath, An Clár, Loch Garman agus Cill Chainnigh. Is beag an baol nach gcuirfidh sé sin go mór leis an taithí a fuaireadar i mbliana. Ach an féidir leo fanacht ag an gcaighdeán sin mura mbíonn i bhfad níos mó imreoirí óga á bhforbairt acu? D’fhéadfainn an rud céanna a rá maidir le Ceatharlach agus an Iarmhí.

Mura bhfuil plean cuimsitheach, dóthain airgid, díocas, athrú cultúir agus na daoine cearta ann chun an plean a chur i gcrích is beag seans go ndéanfar dul chun cinn. Rinne Baile Átha Cliath é tamall de bhlianta ó shin agus tá méid an-mhór ar fad daoine óga ag imirt na gcluichí Gaelacha sa chontae faoi láthair.

Tá seoid againn san iomáint ach caithfidh Cumann Lúthchleas Gael iarracht ollmhór a dhéanamh an spórt a fhorbairt ar fud na tíre ar fad.

B’iontach an radharc a bhí le feiceáil againn agus sinn ag féachaint ar fhoireann Laoise an lá faoi dheireadh. Tá níos mó laethanta mar sin ag teastáil. Is mithid oibriú air.

Fág freagra ar 'Spreagadh iad laochra Laoise soiscéal na hiomána a scaipeadh níos faide'