Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh sé róluath aon rud a rá faoi na himpleachtaí a bheadh ag an gcinneadh do chlár vacsaínithe na hÉireann ach go bhfaigheadh sé uasdátú faoin scéal tráthnóna

Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá

Tá Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá agus sos ó úsáid na snáthaide molta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá ag moladh go n-éireofaí as an tsnáthaid Johnson & Johnson fad is atá scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh sé róluath aon rud a rá faoi na himpleachtaí a bheadh ag an gcinneadh do chlár vacsaínithe na hÉireann ach go bhfaigheadh sé uasdátú faoin scéal tráthnóna.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh gá lena thuilleadh eolais a fháil faoin scéal ach gur cinnte go bhféadfadh sé cur isteach go mór ar an gclár vacsaínithe abhus.

Táthar ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt na húdaráis sláinte i Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh an moladh á dhéanamh chun a bheith “fíorchúramach ar fad”.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mná idir 18-48 a bhí sa seisear.

D’fhéadfadh an sos i ndáileadh na vacsaíne cur isteach ar phlean rialtas Joe Biden go mbeadh gach duine fásta sna Stáit Aontaithe vacsaínithe faoi dheireadh na Bealtaine.

D’fhéadfadh gur buille eile a bheadh i gcás Johnson & Johnson do chlár vacsaínithe na hÉireann.

Cinneadh an tseachtain seo nach dtabharfaí an tsnáthaid AstraZeneca ach do dhaoine os cionn 60 amháin.

Tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar chlár vacsaínithe an Stáit á mheas ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

As an 34 milliún duine a fuair an tsnáthaid AstraZeneca san Aontas Eorpach, sa Bhreatain agus i dtíortha eile tuairiscíodh 222 cás de théachtáin fola neamhghnácha.

D’fhógair Rialtas na hAstráile inniu nach mbeadh vacsaíní Johnson & Johnson á n-ordú acu.

An Dr Ronan Glynn ag labhairt ag Coiste Oireachtais inniu

Idir an dá linn, dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn nárbh amhlaidh go raibh an ceathrú maidhm den ghalar á tuar ag NPHET ach go raibh seans ann i gcónaí go dtarlódh a leithéid.

Mar sin féin, bhí níos mó údar dóchais anois ann ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime, arsa an Dr Glynn.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste sláinte an Oireachtais dúirt go raibh seans ann chomh maith go ndéanfaí a thuilleadh srianta a mhaolú an mhí seo chugainn má leanann na figiúirí orthu ag dul sa treo ceart.

Luaigh sé oscailt siopaí neamhriachtanacha, spóirt taobh amuigh agus gnóthaí taobh amuigh.

Dúirt an Dr Glynn go mbeadh “i bhfad níos mó den tsochaí oscailte” faoi dheireadh mhí an Mheithimh má bhíonn an galar faoi smacht agus dáileog amháin faighte ag 80% de dhaoine fásta mar atá beartaithe. Ní bheadh aon ghá an uair sin idirdhealú a dhéanamh idir daoine a mbeadh an tsnáthaid faighte acu agus daoine nach mbeadh.

 

Fág freagra ar 'Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá'

  • Antóin

    Sé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine as seacht milliún duine a fuair an vacsaín
    J & J. i Meiriceá. Agus táthar á chur ar athlá. N’fheadar an bhfuil an scéal iomlán againn.