Tá dóchas snn trátnóna go leanfar leis an tseirbhís aeir d’oileáin Árann atá á cur ar fáil ag Aer Arann go dtí deireadh na míosa seo agus tuairiscí ann go bhfuiltear ar tí socrú a dhéanamh le Roinn na Gaeltachta gan éirí as an tseirbhís Déardaoin seo chugainn mar a bhí beartaithe acu.
Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna go rabhthas gar do shocrú a dhéanamh maidir le tús a chur leis an bpróiseas faoina bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta Aerfort na Mine i gCois Fharraige a cheannach ó úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.
Níor éirigh le Tuairisc.ie na tuairiscí sin a dheimhniú tráthnóna.
Tá a bhfuil i ndán don tseirbhís idir dhá cheann na meá ó d’fhógair Aer Arann mí an Mheithimh go raibh fúthu éirí as ar an 6 Nollaig i bhfianaise easaontas mar gheall ar théarmaí conartha.
Mar réiteach ar an tsáinn ina bhfuil cás na seirbhíse aeir, tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh aerstráice na Mine, ar le húinéir Aer Arann an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh é chomh maith, a cheannach.
Dúirt úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie mí Dheireadh Fómhair go raibh sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát, agus tá an scéal á phlé ag dlíodóirí an dá dhream le tamall.
Dúirt Aire na Gaeltachta Josepha Madigan an tseachtain seo caite go raibh a Roinn sásta i gcónaí tús a chur le cainteanna faoi Aerfort na Mine a cheannach dá dtarraingeodh Aer Arann siar “an bhagairt” deireadh a chur leis an tseirbhís.
Dúirt an tAire Madigan go raibh “teagmháil ag leibhéal dlíodóra” ar siúl le tamall idir a Roinn agus Aer Arann maidir le ceannach an Aerfoirt.
Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.
Tuairiscíodh an tseachtain seo chomh maith go raibh tairiscint déanta ag úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, an comhlacht aeir a bhronnadh saor in aisce ar chomharchumainn oileáin Árann.
Tá tús curtha ag an Roinn leis na socruithe a bheadh le déanamh chun go mbeadh seirbhís ghearrthéarmach ag freastal ar na hoileáin as Aerfort na Sionainne sa chás nach mbeadh Aerfort na Mine ar fáil. Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag an Roinn chomh maith chun dul i mbun próiseas tairisceana do chonradh gearrthéarmach.
Fág freagra ar 'Dóchas ann go leanfaidh Aer Arann le soláthar seirbhís aeir go dtí deireadh na míosa'