Slán leo siúd a chuir croí agus cuisle ina bpobal

Bíonn go leor cainte i gcónaí faoin gcaipiteal sóisialta, ach tá an dream a thugadh dúshlán an duibheagáin ag imeacht leo

Slán leo siúd a chuir croí agus cuisle ina bpobal

Is fánach an chaoi ar féidir linne a bhíonn ag cur corrscráib ar pháipéar a ligean i ndearmad gur daoine a bhfuil croí agus cuisle iontu a bhíonn i gceist againn go minic. Ar ndóigh, scaití bíonn muid ag cur beagán ar pháipéar freisin faoi dhaoine a bhfuil an croí agus an cuisle éalaithe uathu go brách – daoine a bhfuil a seal tugtha acu ar an saol seo agus atá gaibhte ar shlí na firinne. Nó mar a deireadh m’athair mór – ‘gaibhte abhaile’.

Agus mé ag scríobh beagán le gairid faoi dhaoine a ‘chuaigh abhaile’– mar sciob duibheagán an gheimhridh seo go leor daoine leis – chuimhnigh mé go raibh an bás théis an chuisle a ghoid ó roinnt daoine a chuir croí agus cuisle ina bpobail féin ar feadh na scórtha bliain.

Chuir mé an cheist orm féin agus mé ag críochnú na bpíosaí beaga a bhí scríofa agam faoi na daoine seo, cá bhfaighfear a leithéidí seo de dhaoine arís i bpobail tuaithe?

I dtuaisceart Chonamara a bhí an bheirt atá i gceist agam agus is dóigh go raibh a macasamhail i bpobail eile ar fud na tíre.

Ba as Cliara, oileán i gCuan Mó, é Jackie O’Grady ó dhúchas. Fear Tí Solais a bhí ann ina óige. Go deimhin, chríochnaigh sé a sheirbhís leis na Tithe Solais ar an oileán sin aige féin nuair a cuireadh deireadh leis na sean bhealaí ar Chliara é. Theann sé anuas thar teorainn go Conamara agus thosaigh sé ag obair i ngaráiste sa gClochán. Le himeacht aimsire bhog sé isteach i dtionscal na bialainne agus na turasóireachta agus bhí cáil i bhfad agus i ngearr ar an tseirbhís a chuir sé féin agus a bhean Marion, agus a gclann mhac Shane agus Michael, ar fáil. Ach ní taobh leis féin agus a líon tí féin a bhí mianta Jackie O’Grady.

Thuig sé dúshláin na mara agus dúshláin na bpobal cois cósta. Ba é a thosaigh an Cumann Bád Tarrthála sa gClochán agus a d’fhan ar an stiúir ansin ar feadh i bhfad. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí chomhlacht Aerfort Chonamara agus bhí sé ina stiúrthóir air go dtí le ríghairid. Bhí aithne ag an bpobal air san obair phobail sin. Ach ní dóigh gur airigh daoine mórán, más tada é, faoin obair a rinne Jackie i gCumann Naomh Uinsionn de Pól ar bhealach ciúin cineálta agus faoin lámh chúnta a thug sé ar bhealaí eile. Scríobh sé leabhar faoina óige ar Oileán Chléire agus é ag teannadh amach sna blianta, The Green Road to the Lighthouse.

D’imigh Jackie ar shlí na fírinne agus é beagnach nócha bliain d’aois le gairid agus lorg a láimhe fágtha aige ar muir agus ar tír. Tháinig daoine slán de bharr a chuid oibre.

Ba as ceantar an Chladaigh Dhuibh é Hubert de Lappe – ar imeall thiar thuaidh Chonamara. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chúrsa

Gailf i mBaile Conaola. Rinne sé siúl agus treabhadh beagnach leathchéad bliain ó shin ag cruinniú puint agus pingineacha leis an obair a thosú, agus é féin ag gníomhú gan pingin ná leathphingin. Chaith sé blianta ina rúnaí ar an gcumann (ba obair ar phá a bhí inti sin) ach d’oibrigh sé go deonach sna blianta sin freisin. Roimhe sin bhí lámh mhór aige sa gCumann Lúthchleas Gael.

Mar thraenálaí ar chumann an Chlocháin, chinntigh sé go dtabharfaí fear óg darbh ainm, Jack Cosgrave, chuig traenáil d’fhoirne óige agus sinsir na Gaillimhe, soir go Tuaim nó pé áit a raibh cluiche ag Gaillimh. Thiomáin sé an fear óg as an gCladach Dubh na céadta agus na céadta míle ag tráth den saol a raibh carranna gann faoin tuath. Le himeacht na haimsire, bhain Cosgrave gradam All Star amach agus é ina lánchúlaí ag Gaillimh.

Ar ndóigh, níl dabht ach go bhfuil curtha go mór ag an gcúrsa gailf le tionscal na turasóireachta i gConamara agus teacht isteach agus fostaíocht cruthaithe aige.

Cé a thiocfaidh in áit na bhfear seo – agus a macasamhail d’fhir agus de mhná – agus a chuirfeas an oiread sin allais ar mhaithe lena bpobail féin amach anseo? Tá chuile chosúlacht ann nach mbeidh a leath-oiread acu ann.

‘Social capital’, nó caipiteal sóisialta, a thugann an dream acadúil ar a leithéid seo d’obair dheonach; an pobal ag obair i dteannta a chéile ar mhaithe leis an bpobal a neartú. Is minic go mbíonn difríocht an-mhór idir an chaoi a n-oibríonn ‘social capital’ ar leic an dorais agus ar an gcaoi a bhfuil sé ceaptha oibriú ar pháipéar sna hollscoileanna agus áiteacha dá sórt. Ní shiúlfaidh tú i bhfad anois nó go gcloisfidh tú go bhfuil athrú mór ar an ‘social capital’ go háitiúil. Ní bhíonn fonn ar mhórán daoine an dua, an trioblóid, an t-am agus an díocas a chaitheamh leis mar a rinne Jackie O’Grady agus Hubert de Lappe. Athrú saoil.

Breis agus scór blianta ó shin anois a scríobh an t-údar Meiriceánach, Robert Putnam an saothar, Bowling Alone. Ba ollamh le polasaí sóisialta é Putnam in Ollscoil Harvard, a thug suntas don lagachan a bhí tarlaithe i gcumainn an chluiche babhlála ar fud na Stát Aontaithe. Ba nós é ag dul i bhfad siar go dtagadh comhluadair le chéile ag imirt an chluiche. Bhíodh an cluiche i gceist agus bhíodh an comhluadar ann.

Scríobh Putnam faoin gcaoi a raibh na ceangail phobail laghdaithe go mór sa gceathrú dheireanach den fichiú haois i Meiriceá. Bhí an freastal ar chruinnithe chumainn éagsúla i Meiriceá laghdaithe 20%. Bhí líon na ndinnéar teaghlaigh laghdaithe 58% agus bhí an líon cuirí a fhaightí chuig tithe na gcomharsan laghdaithe 45%. Sampla a bhí sna staitisticí seo, dar le Putnam, go raibh go leor daoine deighilte amach óna gcuid pobal, bíodh siad i mbaile mór no faoin tuath.

Tá dúshláin na tuaithe in Éirinn níos mó ná a bhí le fada. Ach an bhfuil an claonadh sa saol ar scríobh Robert Putnam faoi ag teannadh linn níos tréine freisin?

Is boichte go mór a bheadh pobail tuaithe dá bharr sin.

Ní dóigh gur labhair Hubert de Lappe as an gCladach Dubh ná Jackie O’Grady as Oileán Chliara agus an Clochán ar ‘social capital’ ariamh. Fir ghnímh a bhí iontu. Thugadar dúshlán an duibheagáin, chuireadar croí agus cuisle sa bpobal.

Fág freagra ar 'Slán leo siúd a chuir croí agus cuisle ina bpobal'