Slán fágtha ag beirt de laochra móra na hiomána leis an saol seo

Tá áit tuillte ag Jim Fives agus Theo English i measc laochra na hiomána

Slán fágtha ag beirt de laochra móra na hiomána leis an saol seo

Theo English ó Thiobraid Árann

D’fhág beirt de laochra móra na hiomána slán leis an saol seo le gairid.

Dé Domhnaigh seo caite bhásaigh Theo English a d’imir ar fhoirne Thiobraid Árann a thug Corn Mhic Cárthaigh leo i 1958, ’61, ’62, ’64 agus 65. Seachtain roimh lá Nollag a chuaigh Jim Fives ar shlí na fírinne.

Níor bhuaigh Jim bonn chraobh na hÉireann riamh. B’fhéidir nach amhlaidh a bheadh murach gur fhág a phost mar oifigeach airm ar deoraíocht é i nGaillimh, seachas a bheith sa mbaile ina chontae dúchais nuair a bhuaigh Port Láirge Cluiche Ceannais 1959. Ina áit sin bhí Jim ar fhoirne na Gaillimhe a chlis in aghaidh na dTiobraid Árannach sa gcluiche a thug a chéad bhonn do English agus roimhe sin nuair a bhuaigh Loch Garman ar Ghaillimh i 1955.

Ba mhinic a chas mé dó i mBóthar na Trá i rith na mblianta fada a fuair sé ar a phinsean, trócaire air – é chomh breabhsach agus a bhí tráth a raibh sé ag iománaíocht agus ag imirt na peile freisin. Bhí sé ar fhoireann an Chéad Chatha nuair a thug siad Craobh na Gaillimhe leo i 1951.

Ba ar an Tuairín in aice le Ceapach Choinn a tógadh é, an duine ab óige de chúigear dearthár. D’imir siad ar fad don chumann áitiúil agus thaistealaíodh siad in éineacht chuig cluichí agus chun traenála. Bhaineadh Jim an-solamar as scéal a bhí aige faoin gcaoi a mbíodh 25 duine in aon ghluaisteán amháin an uair sin. Nuair a déarfaí leis nach mbeadh a leithéid indéanta, ba é a fhreagra go raibh. “Five Fives”, a deireadh sé agus meangadh air!

Jim Fives ar fhoireann na Gaillimhe a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann 1958

Chuir imeacht Theo English i gcuimhne dom go bhfágann traidisiúin láidir iomána Thiobraid Árann gur éasca dearmad a dhéanamh go mba í an pheil ba láidre i ndeisceart an chontae, áit ar tógadh é siúd in aice Chluain Meala. Go deimhin is fíor sin i gcónaí.

Ba é English an chéad duine as club Pháirc an Mhalra a d’imir ar fhoireann shinsearach iomána an chontae agus bhí ceithre bliana caite aige ar fhoireann peile Thiobraid Árann faoin tráth sin. Go deimhin bhí cluiche imeartha aige dóibh i Nua-Eabhrac.

Tá an roinnt chéanna le tabhairt faoi deara i gcontaetha go leor eile – Gaillimh, an Clár, Luimneach, Uíbh Fhailí, Laois, Ciarraí agus cinn eile nach iad.

Ba iad iománaithe Dhurlais a thug an chéad chraobh riamh leo agus is sa deisceart atá Tiobraid Fheorainn a bhuaigh an dara ceann a tháinig an bealach in 1895. Ach de réir a chéile thosaigh foirne an tuaiscirt ag glacadh ceannais agus le 100 bliain beagnach is ag cumainn as an gceantar sin atá Craobhacha Iomána Thiobraid Árann ar fad buaite, cé is moite de chúpla ceann fánach.

Fearacht Theo English ba é geansaí na bpeileadóirí ba thúisce a chaith deisceartach eile Michael ‘Babs’ Keating é féin nuair a tháinig sé chun cinn le foireann Ard Fhionáin. Bhí ceithre bliana caite ag Babs é féin leis na peileadóirí sular imir sé iomáint dá chontae. Ba é an scéal céanna é ag Nicky English agus é ina mhionúr agus i 1988 ba é a chomhghleacaí John Leahy an chéad duine iománaí riamh as cumann Mhuileann na hUabhann a roghnaíodh ar fhoireann shinsir Thiobraid Árann, ainneoin iad a bheith ar an bhfód ó 1885.

Cé gur bhain Theo English le ré a mba feirmeoirí téagartha agus fir cheirde chrua a bhíodh chun cinn i gcluiche na hiomána, ba stílí amach agus amach é féin – cáilíocht nach mbíodh le feiceáil ach go hannamh i measc na dtosach; a bhí gann go maith sa gcuid sin den pháirc inar imir seisean (lár an gharraí) agus a nglactaí leis mar laincis dá mba chosantóir tú.

Bhí naonúr feirmeoirí, ceathrar oifigeach airm, triúr tiománaithe leoraí, Garda, meicneoir, siúinéir agus gréasaí ag imirt i gCluiche Ceannais sin na hÉireann 1958. Ina measc bhí líne chosanta Thiobraid Árann a thuill an leasainm ‘Hell’s Kitchen’ dóibh fhéin – John Doyle, Michael Maher agus Kieran Carey. Fós d’fhan Theo English dílis dá chumas iomána féin amháin agus é in iomaíocht leis an imreoir lár páirce ba ealaíonta sa tír ag an am – Joe Salmon na Gaillimhe.

Bhíodh rud éicint ag baint leis, go fiú as a dhealramh. Feisteas deas néata á chaitheamh aige i gcónaí, a chuid gruaige cíortha agus é glanbhearrtha. Ba mhinic cuma dhrochmhúinte a bheith ar chuid mhaith acu siúd a bhíodh ina thimpeall agus iad chomh crosach, giobach go gcuirfeadh siad scéin i nduine.

Ba é an crot suaimhneach céanna a bhíodh ar Theo English agus é ina roghnóir nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan trí huaire as a chéile agus Craobh na hÉireann i 1989.

Threoraigh Keating, an bainisteoir an uair sin, cúrsaí ó imeall na páirce; ghluais an roghnóir eile Donie Nealon feadh na háite, ach mura ndeachaigh tú ar a thóir, ba dheacair duit amharc a fháil ar Theo – é ina shuí go ciúin i measc na bhfear ionaid ag fanacht go foighdeach go n-iarrfaí air saibhreas a chuid eolais a roinnt.

Fág freagra ar 'Slán fágtha ag beirt de laochra móra na hiomána leis an saol seo'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Léargas fírinneach tugtha ag Martan ar Theo English, atá imithe ar shlí na fírinne. Chuir mé aithne ar Theo samhradh na bliana 1967, nuair a fuaireas job san oifig le Esso. Bhí beirt de fhoireann Thiobrad Árann ag tiomáint lorraí ola do Esso ag an am: Theo agus Babs Keating. Ba mhinic iad críochnaithe luath sa lá agus iad ag comhrá le chéile sa depot faoi chluiche mór a bhí le imirt acu in aghaidh Cill Chainnigh sa gCluiche Ceannais ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair 1967. Mise i mo lead óg, an Ardteist díreach críochnaithe aige, ag seiceáil na dockets ón mbeirt acu agus mo chluasa bioraithe ag éisteacht leis an gcomhrá eatarthu faoin mbealach a mb’fhearr Cill Chainnigh a chloí. Is cuimhneach liom go maith go raibh Babs an imníoch faoi Pa Dillon, duine de chosantóirí na gCat. Mar a tharla buaileadh Tiobrad Árann an bhliain sin agus ceapaim nár imir Theo le Tiobrad Árann ina dhiaidh sin ach chonaic mé é ag imirt le Marlfield, agus é ina chaogadaí.

    Ba áit ait é Marlfield a bhí thart ar 2km amach ó Chluain Meala. Inis Leamhnacht an sean ainm Gaelach a bhí ar gceantar. Ní mba paróiste é agus ní sráidbhaile a bhí ann ach bhí teach mór cois Siúire ag na Bagwells ann. Ní raibh aon siopa ann, ná teach tábhairne. Bhí eaglais Protastúnach ann, ach chuaigh na caitlicigh isteach go Cluain Meala le dul ag Aifreann. Seans maith gurb iad na Bagwells a bhaist Marlfield ar an áit. Ar aon chaoi siad na Bagwells a chuir an pháirc imeartha ar fáil agus b’shin ba chúis leis an iománaíocht a bheith láidir i Marlfield. Murach na Bagwells seans nach bhéarfadh Theo English ar chamán go deo, mar ba é an pheil an cluiche ba mhó a bhíodh á imirt thart ar Chluain Meala.

  • Colm Mac Séalaigh

    Is cuimhin liom Theo (bhí sé sciliúil, grástúil mar iománaí) agus iománaithe na seascaidí a fheiceáil toisc mar lead óg i mBAC go mbinn seasta ag cluichí i bPc an Chrócaigh, cluichí sraithe, craoibhe, dúshláin, Oireachtais, Bóthar Iarainn. Bhí leabhar síniúchán agam agus tá sé agam fós dubh le sínithe laochra na linne, Theo English ina measc. Théinn agus col ceathar liom isteach ar an mbus gach domhnach nuair a bhí cluiche ar bun, iomáint agus peil, agus bhíodh go leor leor cluichí ar bun gan Áth C a bheith ag imirt. Chonaic muid na himreoirí móra ar fad agus níor chosain sé ach réal ag geata na ndaltaí bunscoile go dtí go rabhmar 18mbl d’aois!