Síneadh fada ar bith ar fáil le linn chuairt an Choimisinéara Teanga ar Thithe an Oireachtais

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna go raibh ‘náire’ uirthi nach raibh córas digiteach an choiste in ann ag ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu

Síneadh fada ar bith ar fáil le linn chuairt an Choimisinéara Teanga ar Thithe an Oireachtais

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais tráthnóna go raibh “náire” uirthi nach raibh córas digiteach an choiste in ann ag ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. 

Dúirt an Cathaoirleach, Catherine Connolly, an méad sin le linn don Choimisinéir Teanga a bheith os comhair an choiste le plé a dhéanamh, i measc rudaí eile, ar an tsiléig a dhéantar go minic i gcás ceartlitriú ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu.

Ní raibh síneadh fada ar bith curtha ag córas an choiste ar ainm an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill ná ar dhuine ar bith eile a bhí i láthair ag an gcruinniú inniu.

D’aontaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur mhór an náire go gceilfí a sínte fada ar dhaoine a thagann os comhair an choiste Oireachtais, coiste a bhíonn ag plé go minic le sárú cearta teanga.

Dúirt Ó Cuív go raibh go leor lochtanna ar chóras Thithe an Oireachtais agus mhaígh sé nach nglacann córas nua cláraithe atá i bhfeidhm i dTeach Laighean ach oiread le hainmneacha Gaeilge.

Ina ráiteas tosaigh ag cruinniú an lae inniu i dTithe an Oireachtais, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh sé thar a bheith “míshásúil” nach nglacann córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí leis an síneadh fada.

“Bhí an fhadhb maidir le húsáid ainm agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa Tuarascáil do cé chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le sínte fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Ní sé míréasúnta a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí…”

Thagair an Coimisinéir chomh maith don chinneadh a rinne oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí an mhí seo caite nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nach bhféadfadh sé aon tuairim a thabhairt faoi chinneadh an Choimisiúin toisc nár bhain sé lena réimse cumhachta ach dúirt sé gur ceist cearta teanga a bhí i gceist. 

“An méid sin ráite creidim go láidir nár chóir gur ceist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. 

“Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht a bhaineann leis an ábhar seo a bheith cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo…

“Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhur mbráid go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach mar atá ráite agam roimhe seo creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an Státchóras a bheith in ann glacadh le síneadh fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.”

Bhí an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna chun plé a dhéanamh ar a thuarascáil bhliantúil a foilsíodh an mhí seo caite.

Dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil sin go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh lucht RTÉ a chuid moltaí i bhfeidhm mar “a dhéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach”. Má dhéantar sin beidh “tionchar mór” aige “ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht”, a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil “craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta” faoin tráth seo.

Rinne baill an choiste cáineadh láidir ar RTÉ mar gheall ar a dteip cloí leis an dlí maidir lena ndualgas i leith soláthar clár Gaeilge.

Tá an Coimisinéir ag súil go gcuirfidh RTÉ plean feidhmithe faoina bhráid go luath ina leagfar amach conas a chinnteofar go gcloífidh feasta lena ndualgas i leith na Gaeilge.

Mura mbíonn an Coimisinéir sásta leis an bplean sin, cuirfidh sé tuairisc faoi theip RTÉ faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Síneadh fada ar bith ar fáil le linn chuairt an Choimisinéara Teanga ar Thithe an Oireachtais'

  • Béarla Teanga an Stáit

    Níor deineadh cinnte de go mbeadh an córas digiteach i bpairlimint na 26 condae in ann síneadh fada a dhéanamh!
    An bhfuill brí ar bith le hAlt 8 de Bhunreacht na hÉireann?