‘Siléig bhunúsach’ déanta ag an stát ar an earnáil tithíochta leis na scórtha blianta – An Coimisiún Tithíochta

Deirtear i dtuarascáil nua ón gCoimisiún Tithíochta go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is mó san Eoraip a chaitheann airgead poiblí ar thithíocht ach go bhfuil sí ar cheann de na tíortha is measa a fhaigheann toradh ar an gcaiteachas sin

‘Siléig bhunúsach’ déanta ag an stát ar an earnáil tithíochta leis na scórtha blianta – An Coimisiún Tithíochta

Tá an Coimisiún Tithíochta ag éileamh go gcuirfí go mór le ról an stáit in earnáil na tithíochta.

Déantar an t-éileamh sin i dtuarascáil a cháineann “an tsiléig bhunúsach agus chórasach” atá déanta ag an stát ar an earnáil tithíochta leis na scórtha blianta.

Áitítear sa tuarascáil go bhfuil an tír seo suas le 256,000 teach cónaithe gann.

De réir tuairisc san Irish Times, éilíonn an Coimisiún Tithíochta sa tuarascáil go dtabharfaí reachtaíocht nua isteach, go mbunófaí foras maoirseachta nua, go mbeadh ról níos mó ag an Stát ó thaobh tithíocht a mhaoiniú agus go leasófaí ó bhonn fóirdheontais agus scéimeanna an stáit.

Luaitear sa tuarascáil “teipeanna bunúsacha córasacha” nár réitíodh le blianta fada.

Deirtear nach bhfuil ach leigheas amháin ar an bhfadhb tithíochta, is é sin leasú radacach a dhéanamh ar an bpolasaí tithíochta.

Áitítear sa tuarascáil nua seo atá curtha faoi bhráid an Aire Tithíochta Darragh O’Brien, gurb iad na príomhlaigí atá againn go mbíonn “cinntí neamhéifeachtacha á ndéanamh, polasaithe á gceapadh róthobann, agus doicheall roimh riosca”.

“Cuireann na laigí sin, sa mhullach ar chúrsaí taobh amuigh den tír a mbíonn tionchar acu ar dhinimic na tithíochta, leis an míshocracht sa soláthar tithíochta agus baineann siad an bonn ó inacmhainneacht an chórais tithíochta,” a deirtear.

Deirtear go bhfuil an neamhréireacht in earnáil na tithíochta “ag déanamh dochar don mhuinín” agus de bharr “teipeanna ó thaobh polasaí de go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is mó san Eoraip a chaitheann airgead poiblí ar thithíocht agus go bhfuil muid ar cheann de na cinn is measa a fhaigheann toradh ar an gcaiteachas sin”.

Deir an Coimisiún Tithíochta nach féidir le hÉirinn brath ar an gcur chuige a deir “is ionann an réiteach ar gach cás” i gcúrsaí tithíochta agus áitítear sa tuarascáil seo cé go bhféadfadh sonraí ar leith “a bheith casta, níl an straitéis iomlán chun córas tithíochta inbhuanaithe a sholáthar casta”.

Éilíonn an Coimisiún sa tuarascáil go n-ardófaí go dtí 20% an céatadán den tithíocht a bheadh ina tithíocht shóisialta agus tithíocht ar cíos de réir costais.

Moltar chomh maith go gcuirfeadh an Stát tacaíocht níos mó ar fáil do chúrsaí tithíochta “seachas freastal ar ghéar-riachtanais na ndaoine is leochailí”. Ba chóir don stát leas a bhaint as “an cumas atá aige dul i bhfeidhm ar an margadh agus aon saobhadh a bheadh ann a ghlanadh”.

Bunaíodh an Coimisiún Tithíochta chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir leis an bpolasaí tithíochta.

De réir taighde atá déanta ag an gCoimisiún, meastar go dteastóidh suas le 62,000 teach sa mbliain as seo go 2050 le freastal ar an éileamh agus sin beagnach a dhá oiread an líon atá mar sprioc i bplean an Rialtais le haghaidh na ndeich mbliana seo romhainn.

Fág freagra ar '‘Siléig bhunúsach’ déanta ag an stát ar an earnáil tithíochta leis na scórtha blianta – An Coimisiún Tithíochta'