Sí an Nollaig í agus cathanna na gceithre chúige romhainn

Tá na Muimhnigh as baile tráthnóna inniu i gcoinne na nUltach agus ar an RDS agus ar churaidh an chomórtais atá na Connachtaigh ag triall 

Sí an Nollaig í agus cathanna na gceithre chúige romhainn

Sammy Arnold (Cúige Mumhan) Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An deireadh seachtaine roimh an Nollaig atá ann agus na cluichí idirchúige linn arís. Tar éis na gcluichí i gcomórtais na hEorpa a bhí á n-imirt le coicís anois tá foirne na gcúigí ar ais sa mbaile le dul in iomaíocht lena chéile le linn na dtrí seachtaine atá amach romhainn.   

Is minic ráite agam gur ag an gcúige a bhíonn ar bharr an chomórtais áirithe seo idir na ceithre chúige a bhíonn an t-údar is mó gleo agus mórtais is cuma má bhíonn greim ag aon chúige eile ar aon ghradam eile. Beidh chuile chúige, seachas Cúige Mumhan b’fhéidir, breá sásta leis an réiteach a bhí acu le cúpla seachtain, iad ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfreasúra san Eoraip. Bhí an mí-ádh ar Chúige Mumhan gur theip orthu an Satharn seo caite agus iad as baile i ndeisceart na Fraince i gcoinne Castres, curaidh an Top 14.

Beidh na Muimhnigh as baile arís tráthnóna inniu agus iad ag taisteal go Béal Feirste le tabhairt faoi na hUltaigh. Chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 5 den chomórtas seo, mar ar thug na Muimhnigh greadadh uafásach, 64-7, do na hUltaigh agus iad ag imirt ar Pháirc Thuamhan. Mar sin féin, níl tada idir na foirne seo ar thábla an Pro 14.  Bhí an lámh in uachtar ag na Muimhnigh i ndeich gcluiche a d’imir siad go dtí seo. Sé bhua atá faighte ag na hUltaigh agus bhí comhscór acu i gcluiche amháin eile. Sin ráite is ag na hUltaigh atá buntáiste an bhaile don chluiche seo agus tá siad ar cheann de na foirne is mó feabhas ó thús an tséasúir.  

Ach an mbeidh siad in ann tógáil ar an dul chun cinn sin agus na Muimhnigh ag cur brú damanta orthu? 

Braitheann go leor ar mheon agus ar dhearcadh na foirne. Má chuireann foireann bainistíochta an dá fhoireann a gcéad rogha chun páirce, beidh taispeántas iontach rugbaí againn agus coimhlint ar chaighdeán idirnáisiúnta againn idir imreoirí atá in iomaíocht lena chéile ar thóir áit ar phainéal Joe Schmidt do chomórtais na sé náisiún agus an choirn dhomhanda atá le teacht.

Ar an Satharn a bheas an dá chúige eile ag tabhairt faoina chéile. Beidh Cúige Chonnacht ag tabhairt cuairt ar an RDS le himirt in aghaidh Chúige Laighean, curaidh an chomórtais. Bhí an lá leis na curaidh nuair a chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 5 ar an mBóthar Beag agus bearna seacht bpointe dhéag idir na foirne ag deireadh (22-3). Tá greim daingean ag na Laighnigh ar bharr ghrúpa B den chomórtas, gan ach cluiche amháin caillte acu go dtí seo. Ní hionann an cás ag fir na Gaillimhe. Chaill siad ceithre chluiche go dtí seo. Is deacair dá bhrí sin bua a thuar do na cuairteoirí an Satharn seo. Más leo pointí a thabhairt abhaile don Nollaig,  beidh iarracht níos mó agus imirt níos fearr ná mar atá feicthe againn go dtí seo ag teastáil ó fhoireann in iarthair. 

Tá na Connachtaigh ag feabhsú, níl aon dabht faoi sin, ach mar sin féin ní dóigh liom go bhfuil dóthain iontu fós le croitheadh a bhaint as na curaidh. 

Nár bhreá liom dul amú a bheith orm!

Fág freagra ar 'Sí an Nollaig í agus cathanna na gceithre chúige romhainn'