Seoltaí nua d’fhoclóirí na Gaeilge ar líne

Is ag www.teanglann.ie a thiocfar feasta ar an ábhar a bhíodh le fáil ar an suíomh www.breis.focloir.ie agus is é www.tearma.ie a thabharfar feasta ar an suíomh ar a dtugtaí www.focal.ie

Screen Shot 2015-02-27 at 20.26.05

Tá suíomh nua dá gcuid féin faighte ag na leaganacha digiteacha d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe. Is ag www.teanglann.ie a thiocfar feasta ar an ábhar a bhíodh le fáil ar an suíomh www.breis.focloir.ie.

Seoladh an suíomh Oíche Shamhna 2013 ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Tá leangacha inchuardaithe leictreonacha den dá mhórfhoclóir ar fáil ar an suíomh chomh maith le bunachar gramadaí agus foghraíochta ina dtugtar foirmeacha infhillte d’ainmfhocail, briathra agus aidiachtaí agus comhaid fuaime sna trí mhórchanúint.

Rinneadh an t-aistriú ó www.breis.focloir.ie go www.teanglann.ie mar chuid de thogra athbhrandála a bheidh á chur i gcrích ag Foras na Gaeilge i mí Márta 2015 chun na trí shuíomh foclóireachta agus téarmaíochta atá faoi chúram an Fhorais a chur ar aon dul le chéile.

Tabharfar www.focloir.ie ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, a seoladh i mí Eanáir 2013. Is foclóir nua-aimseartha é seo a chríochnófar ag deireadh na bliana. Cuirfear leagan clóite ar fáil sa bhliain 2016.

Is é www.tearma.ie a thabharfar feasta ar an suíomh ar a dtugtaí www.focal.ie. Táthar ag súil go dtuigfí go soiléir ón ainm nua gur bunachar téarmaíochta atá i www.tearma.ie seachas foclóir agus nach mbeidh mearbhall ar an bpobal mar gheall ar a chosúlaí is atá www.focal.ie agus ww.focloir.ie le chéile.

Beidh www.teanglann.ie mar stóras le haghaidh gach toradh eile ar obair foclóireachta an Fhorais.

Fág freagra ar 'Seoltaí nua d’fhoclóirí na Gaeilge ar líne'

  • Colmán

    Is aisteach liom an córas a d’úsáideadh siad. Agus dar liom gur aistí arís an teanglann.ie seo. In ainneoin focloir.ie is é foclóir Uí Dhónaill an foclóir is fearr sa Ghaeilge go fóill. Ba chóir an trí phríomhfoclóir a chur i dtoll a chéile in aon inneall mór cuardaigh amháin. Ba chóir an foclóir Spáinnis-Gaeilge a chur ar fáil ar líne chomh maith. Agus níor mhiste “an foclóir beag” a úsáid ann chomh maith. Is é an múnla is fearr a chonaic mé go dtí seo ná http://www.wordreference.com – b’fhiú amharc air. Beidh ar focloir.ie seo a dhéanamh amach anseo. B’fhearr dóibh toiseacht inniu agus dearmad a dhéanamh ar an chóras aisteach teanglann.ie seo.

  • Colmán

    Ha níor léigh mé an t-alt mar is ceart b’fhéidir go ndéanfaidh teanglann.ie cúis