Seoid i gcónaí í Craobh Iomána na Mumhan agus eipic eile againn in 2023

Sa chéad phíosa dá shúil siar ar chraobh iomána na bliana, caitheann ár gcolúnaí a shúil ar Chraobh na Mumhan

Seoid i gcónaí í Craobh Iomána na Mumhan agus eipic eile againn in 2023

An tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn, caithfidh mé súil siar ar chomórtas sinsir na craoibhe, craobh a chríochnaigh leis na foirne céanna sa chluiche ceannais is a bhí ann anuraidh agus leis an mbuaiteoir céanna arís, ar ndóigh.

Is dócha gur féidir linn a rá go raibh an séasúr iomána ina eipic le críoch iontach agus corn luachmhar Mhic Cárthaigh ag Luimneach don cheathrú bliain as a chéile. Bhíodar mar rogha na coitiantachta ón tús agus cé go raibh orthu dianiarracht a dhéanamh chun teacht amach as an gcúige, chuadar ó neart go neart ina dhiaidh sin.

Tá nós ag foireann John Kiely barr a maitheasa a bhaint amach sa chluiche deireanach agus rinneadar sin arís i mbliana. Bhíodar dochreidte ar fad sna 20 nóiméad deireanach in aghaidh Chill Chainnigh sa chluiche ceannais. Tá cúig cinn de chraobhacha buaite acu anois le sé bliana anuas agus iad gar go leor de bharr an liosta de na foirne is fearr a bhí againn riamh.

Is beag nár theip ar Luimneach teacht slán ó Chraobh na Mumhan, áfach, agus comórtas iontach againn sa chúige in 2023. Cuireadh tús leis an gcraobh le cluiche idir contae an Chláir agus Tiobraid Árann inar scóráladh ocht gcúl. Bhí ardchluiche againn ina dhiaidh sin idir an Clár agus Luimneach nuair a tháinig na Cláirínigh amach chun cinn. Bhí sárchoimhlintí ann freisin idir Corcaigh agus an Clár agus idir Luimneach agus Tiobraid Árann agus, i ndáiríre, seans nach raibh ann ach dhá chluiche ina raibh an choimhlint lag go maith, sin iad na cinn idir Corcaigh agus Port Láirge agus idir Tiobraid Árann agus Port Láirge.

Bhí críoch iontach againn ag deireadh bhabhtaí na ngrúpaí i gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean chomh maith ar an Domhnach deireanach de mhí an Bhealtaine, tráth nach raibh mórán socraithe maidir le cé a bheadh ag dul tríd agus cé a bheadh ag fágáil na craoibhe.

I gcúige Laighean, bhí Áth Cliath agus Gaillimh sa tóir ar áit sa chluiche ceannais nuair a thugadar aghaidh ar a chéile agus bhí ar Loch Garman an ceann is fearr a fháil ar a sean-naimhde, Cill Chainnigh chun a chinntiú nach mbeadh siad dícháilithe go dtí Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha an bhliain seo chugainn. An lá céanna bhí Aontroim agus an Iarmhí ag iarraidh an dícháiliú a sheachaint chomh maith.

Sna cluichí deireanacha sin sa Mhumhain, bhí ar Chorcaigh aghaidh a thabhairt ar Luimneach agus toradh maith ag teastáil ón dá fhoireann chun fanacht sa chraobh.

Is beag caint a rinneadh faoin choimhlint eile idir Port Láirge agus Tiobraid Árann a bhí ar siúl an lá céanna toisc go raibh na trí chluiche go dtí sin caillte ag Port Láirg. Ag caint ar cá mbeadh an cluiche ceannais idir an Clár agus Tiobraid Árann is mó a bhí daoine agus súil ann go n-éireodh leis na Tiobraid Árannaigh na Déisigh a bhualadh.

Dar ndóigh, bhuail Port Láirge bob ar Thiobraid Árann agus leis an mbua dhá chúilín a bhí ag Luimneach ar Chorcaigh, ba iad Luimneach a bheadh sa chluiche ceannais, Tiobraid Árann ag triall ar na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais agus deireadh ar fad tagtha le séasúr Chorcaí.

Ní raibh cluiche ceannais na Mumhan idir Luimneach agus an Clár chomh hiontach agus a bhí an ceann idir na foirne céanna anuraidh ach bhí sé fíorspéisiúil mar sin féin agus cluiche teann, crua againn ina raibh an choimhlint idir dhá cheann na meá go dtí deireadh an chluiche. Bhí an t-ádh dearg ar Luimneach, agus ní hé sin an chéad uair acu, nár bronnadh poc saor ar an gClár agus an t-am caite chun deis a thabhairt dóibh teacht ar ais ar comhscór.

Bhí an cluiche ceannais sin ar cheann de na ceithre chluiche i gCraobh na Mumhan nach raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne ag an deireadh. Chríochnaigh péire eile ar comhscór agus ní raibh ach dhá phointe idir na foirne i gcluiche eile, rud a léiríonn cé chomh hiomaíoch is a bhí an chraobh i mbliana.

Tá neart roghanna againn mar sin don chluiche is fearr i gCraobh na Mumhan in 2023 ach is dócha gurb é an ceann idir an Clár agus Luimneach i mbabhtaí an ghrúpa is mó a sheas amach. Bhí sé géar crua agus gan aon chur i gcéill ann. Bhí an-bhrú ar an gClár roimh an gcluiche tar éis dóibh a gcéad chluiche a chailliúint in aghaidh Thiobraid Árann ach thugadar ceann de na taispeántais is fearr i mbliana chun seaimpíní na hÉireann a bhualadh.

Bhí obair chrua le déanamh ag Luimneach ina dhiaidh sin ach, mar atá feicthe againn, rinneadar é chun Craobh na Mumhan a bhuachan agus choinnigh siad orthu ag obair i dtreo Chraobh na hÉireann ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Seoid i gcónaí í Craobh Iomána na Mumhan agus eipic eile againn in 2023'