Seo iad mo chúigear laochra féin i saol na Gaeilge. Cén cúigear atá agatsa?

Is fiú agus caint ann faoi fhiúntas Bhliain na Gaeilge aitheantas a thabhairt do na laochra Gael a choiníonn an teanga beo

Seo iad mo chúigear laochra féin i saol na Gaeilge. Cén cúigear atá agatsa?

Cé gur bhreá liom deis cheilúrtha agus gur iomaí rud atá bainte amach ó thaobh na Gaeilge ó aimsir na hathbheochana i leith, ar nós go leor daoine sílim, bhí rud éigin faoi Bhliain na Gaeilge, ar airigh mé míchompordach faoi. Ní raibh mé in ann mo mhéar a leagan air agus in ainneoin mo chuid iarrachtaí ní raibh ag éirí liom teacht ar an gcúis go raibh mé chomh cantalach faoin rud ar fad.

Ansin a thuig mé é, na héachtaí atá bainte amach ó thaobh na Gaeilge, ní gan dua a tharla siad nó ní mar a bheadh splancanna  ann a tharla siad. Rinneadh na héachtaí sin toisc gur oibrigh daoine go dian dícheallach.  B’fhéidir nach maith leis na Gaeil an moladh, gan trácht ar an bhféinmholadh, agus mar sin, is dóigh liom gur fiú cúpla duine de mo laochra Gael féin a ainmniú –daoine a bhfuil aithne phearsanta agam orthu agus daoine i saol na Gaeilge nach bhfuil aithne agam orthu. Tá éacht déanta ag na daoine seo ar fad i mo thuairimse ar a mbealach ciúin féin.

Ba mhaith liom dá gcuirfeadh daoine leis an liosta seo sna tráchtanna thíos, nó cibé áit, agus in ionad a bheith ag gearán, an babhta seo, daoine eile a lua le cur leis an liosta fada Gael a bhfuil obair na gcapall déanta acu chun an teanga a athbheochan agus a chur chun cinn agus chun deiseanna a thabhairt do gach saghas duine í a fhoghlaim agus sult a bhaint aisti.

  1. Siobhán Nic Gaoithín a dhéanann go leor éachtaí ar son na Gaeilge, ina measc ranganna Gaeilge a mhúineadh do theifigh an tsoláthair dhírigh (Direct Provision).
  2. Mícheál Ó Cuaig a thiomáin isteach go Cathair na Gaillimhe as Carna chuile sheachtain chun amhránaíocht ar an sean-nós a mhúineadh do na gasúir i gCathair na Gaillimhe.
  3. Neansaí Ní Choistealbha a chuireann clár ceoil den scoth ar fáil cúpla uair sa tseachtain ar RnaG, clár atá chomh maith sin go meallann sé daoine ar aoibhinn leo an ceol traidisiúnta, is cuma an bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil. Ó thaobh cúrsaí reatha de, is amhlaidh do Chormac Ó hEaghra agus Cormac ag a Cúig.
  4. Mo mhúinteoir Gaeilge ar scoil, Mrs Cooney, bean a raibh PhD sa Ghaeilge aici ó Choláiste na Tríonóide, ach a chinn dul ag múineadh i scoil i gceantar lucht oibre,  bean a thug go Ráth Chairn muid agus go dtí léacht Gaeilge in UCD tráth a bhásaigh Máirtín Ó Díreáin. Níor thuig mé ag an am cén chúis a bhí aici leis na rudaí sin a dhéanamh, cé go raibh an scéal cloiste agam faoi na cáilíochtaí ar fad a bhí aici, ach tuigim anois go raibh an t-ádh dearg orainn í a bheith mar mhúinteoir Gaeilge againn agus fair play di.
  5. Paula Kehoe a dhéanann cláracha áille Gaeilge ar nós Dearghúil agus An Dubh ina Gheal toisc gur mian léi na scéalta sin a insint, agus iad a insint trí Ghaeilge.

Níl sna daoine atá luaite agam thuas ach liosta pearsanta, agus go deimhin tá laochra Gael eile ann. Tuairisceoirí ar fad an nuachtáin ar líne seo a sheasann an fód i saol na hiriseoireachta Gaeilge agus a chuireann ábhar amach a mbeadh fonn ar dhuine é a léamh in aon teanga. Chomh maith leis sin, tá go leor eile ann; na daoine atá ag treabhadh leo i saol an léinn, Tuismitheoirí na Gaeltachta atá ag seasamh an fhóid i gcoinne mheath na Gaeltachta agus Darach Ó Tuairisg agus Fibín a bhfuil éacht á dhéanamh acu ó thaobh na n-ealaíon Gaeilge. Sin gan trácht ar na laochra a bhí páirteach i nGluaiseacht Chearta Shibhialta na Gaeltachta ná ar an iarChomisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, ná ar ghlúin nua mhuintir Bhaile Átha Cliath, leithéidí Ciara Ní É agus REIC agus Eoin P Ó Murchú agus Na Gaeil Óga. Is iontach dá bhfuil acu atá ann, idir bheo agus mharbh.

Tá súil agam go n-ainmneoidh daoine ar an suíomh seo nó ar na meáin shóisialta a laochra Gael féin, agus go dtabharfar aitheantas dóibh arís is arís eile,  mar is mar gheall ar na daoine seo, agus ar dhaoine dá leithéid, a mhaireann an teanga, agus a mhairfidh sí, ‘Against the Odds’, mar a déarfadh lucht an Bhéarla.

Fág freagra ar 'Seo iad mo chúigear laochra féin i saol na Gaeilge. Cén cúigear atá agatsa?'

  • Seán Mag Leannáin

    Seán Treanor, Don Reilly, Seán Ó Fearghaíl, Bríd Heslin, Barbara Ní Néill, Pól Ó Guaire, Séadna Mac Seoin agus Pól Ó Dubhlaing, iar-chomhghleacaithe liom sa Roinn Leasa Shóisialaigh. Ní bhfuair an t-ochtar sin aon aitheantas nó cúiteamh riamh as a gcuid iarrachtaí ar son na Gaeilge sa Roinn sin. D’ainneoin an neamhaitheantais, agus ag amanntaí d’ainneoin na gconstaicí a cuireadh rompu, d’fhan siad dílis i gcónaí don teanga.

  • Ian

    Lucht bunaithe na nGaelscoileanna, nach raibh ainmneacha a bhformhóir i mbéal an phobail riamh, agus a raibh orthu snámh in aghaidh go leor easanna, idir oifigiúil agus eile. Duine acu ba ea Tomás Mac Gabhann, duine a chuireadh cúrsaí Gaeilge, saoránaíochta agus eile ar fáil timpeall na tíre do dhaltaí i scoileanna Béarla. Ba mhór an spreagadh agus an cineáltas a thug sé agus a bhean Treasa do go leor.

  • Sam

    Pádraig Ó Cuanacháin, chuir a anam, a chroí is a ghéarinntleacht isteach i mbunú Gaelscoileanna fud fad na tíre. Cén t-aitheantas a fuair sé? Michael Davitt, a choinnigh Scoil Dhúnchaoin ar oscailt. Séamus Langford agus Séamus Ruiséal a choinnigh Árus na Díge ar oscailt i gCorcaigh. Albert Fry a chuir ceol álainn binn ar fáil don saol Fódhla. Ní chloistear in aon chor anois é. Jeaic Ó Muircheartaigh RNG. Mícheál de Mórdha agus Breandán Feirtéar. Iliomad beart ar son na teanga curtha i gcrích acu. Seosamh Ó Cuaig….fear ildánach, ceannairceach, dána, meabhrach. Go maire sé an céad.