Seirbhís Ghaeilge ar fáil den chéad uair ó eagraíocht a chabhraíonn le daoine a fhulaingíonn foréigean baile

As Gaeltacht Chonamara aon trian de chliaint nua na heagraíochta Freagra ar Fhoréigean Baile sa Ghaillimh

Seirbhís Ghaeilge ar fáil den chéad uair ó eagraíocht a chabhraíonn le daoine a fhulaingíonn foréigean baile

Tá seirbhís i nGaeilge ar fáil ón eagraíocht Freagra ar Fhoréigean Baile den chéad uair riamh.

Tá Oifigeach Forbartha nua ar cainteoir dúchais í, Mary Ann Ní Cheallaigh, fostaithe ag Freagra ar Fhoréigean Baile sa Ghaillimh agus Conamara mar chúram uirthi.

Deir an eagraíocht gurb as Conamara a thagann aon trian de na cliaint nua a lorgaíonn cúnamh uathu.

“Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach nuair a bhíonn daoine ag lorg tacaíochta uainn go mbeadh compord a dteanga féin acu,” a deir Mary Ann Ní Cheallaigh agus í ag labhairt le Tuairisc faoina post nua.

“Bíonn daoine in ann míniú níos fearr a thabhairt ar rudaí atá ag dul ar aghaidh. Is daoine iad seo a bhfuil tráma orthu. Tá sé tábhachtach go mbeadh siad in ann labhairt ar an méid atá siad a iarraidh, seachas ar an méid den teanga atá acu.”

Deir Mary Ann Ní Cheallaigh go bhfuil “chuile dhuine chomh hoscailte” agus iad ag iarraidh “an focal a scaipeadh” maidir le drochíde baile agus na seirbhísí a chuireann Freagra Ar Fhoréigean Baile ar fáil don phobal.

Cuireann an eagraíocht tacaíocht ar fáil do dhaoine a d’fhulaing nó atá ag fulaingt foréigean baile. Chomh maith leis sin, cuireann siad oideachas ar fáil do dhaoine óga sna scoileanna agus sna clubanna ionas go n-aithneoidís comharthaí na drochíde go luath.

Tá méadú 56% tagtha ar líon na gcliant nua atá ag Freagra ar Fhoréigean Baile i mbliana i gcomparáid leis na chéad sé mhí de 2021. Mar aon leis sin, tá méadú 14% tagtha ar choinní atá tagtha ar ais arís.

Dar le Cabhair ó Dhrochíde Baile Gaillimh, an chiall atá leis an téarma foréigean baile ná “an mhí-úsáid nó an drochíde” a tharlaíonn i gcaidrimh.

“Tá níos mó i gceist ná mí-úsáid fhisiciúil amháin,” a deir lucht na heagraíochta. “Tarlaíonn drochíde baile nuair atá duine ag déanamh scrios ar an duine eile, ar pheataí, ar na caidrimh a bhíonn ag duine le cairde nó clann, agus ag déanamh bagairtí orthu agus ar na páistí. Tá stalcaireacht, smacht, mí-úsáid airgeadais agus mí-úsáid ghnéis mar thréithe den drochíde baile freisin.”

Dearbhaítear san Acht Foréigin Teaghlaigh 2018 gur cion coiriúil é smacht comhéigneach. Is mí-úsáid intinne a tharlaíonn i gcaidrimh phearsanta atá i gceist leis an smacht comhéigneach, smacht a chothaíonn faitíos roimh fhoréigean agus anacair.

Deir Mary Ann Ní Cheallaigh go mbraitheann an tseirbhís a chuireann siad ar fáil ar an duine atá ag glaoch nó atá tar éis dul i dteagmháil leis an eagraíocht.

“Cuid de na daoine glaonn siad orainn agus níl siad réidh le himeacht ón mbaile,” ar sí. “Daoine eile, glaonn siad faoi dhrochíde baile a tharla tamall mhaith ó shin agus cuireann muid comhairleoireacht ar fáil dóibh. Uaireanta eile bíonn ordú ón gcúirt ag teastáil anois díreach.”

De bharr go bhfuil na scoileanna ar saoire faoi láthair, tá seans ag Mary Ann Ní Cheallaigh bheith ag eagrú agus ag pleanáil don scoilbhliain atá amach romhainn.

“Tá go leor oibre le déanamh sna scoileanna agus sna clubanna,” a deir sí.

Tá go leor bealaí gur féidir leis an bpobal dul i dteagmháil le Freagra ar Fhoréigean Baile. Is féidir teachtaireacht a chur ar WhatsApp, ar Facebook, glaoch ar 091866740 nó tuilleadh eolais a fháil ar domesticviolenceresponse.com.

Seirbhís saor in aisce a chuireann siad ar fáil.

“Tar chugainn, tá cabhair le fáil,” a deir Mary Ann Ní Cheallaigh.

Fág freagra ar 'Seirbhís Ghaeilge ar fáil den chéad uair ó eagraíocht a chabhraíonn le daoine a fhulaingíonn foréigean baile'

  • Ruth

    Go hiontach!

  • An Teanga Bheo

    Thar ama againnn dúisigh suas go beo, cabhair Dé againn ar deire ?