Seasmhacht nó anord? Ní fios ach níl aon éalú ón éiginnteacht…

Tá toghchán romhainn nach mbeidh ach ceannaire amháin páirteach ann a mbeidh sé ar a chumas oifig an Taoisigh a bhaint amach…

Keny Adams Burton Martin

In ainneoin a ndeir Micheál Martin inniu faoi Fhianna Fáil a bheith ar an bpáirtí is mó sa tír i ndiaidh an toghcháin, ní bheidh bunú rialtais á thairiscint ach ar thaobh amháin san olltoghchán atá ag teannadh linn. Tá olltoghchán neamhghnách romhainn, mar a bhí in earrach 2011 – is é sin le rá, toghchán nach mbeidh ach ceannaire amháin páirteach ann a mbeidh sé ar a chumas oifig an Taoisigh a bhaint amach ina dhiaidh.

Tá leas á bhaint as an éagothromaíocht seo ag cosantóirí an rialtais ar dhóigh intuigthe. Má vótálann tú in aghaidh Fhine Gael agus an Lucht Oibre, dar leo, beidh tú ag vótáil i bhfabhar na héiginnteachta, nó an anoird (‘chaos‘), mar a thugann Enda Kenny air de ghnáth.

Go bunúsach, ní féidir an argóint seo a shéanadh. Má fhágtar téarmaíocht chlaonta an rialtais as an áireamh, is fíor a rá nach féidir a bheith cinnte cén toradh a bheas ar vóta a thabhairt do pháirtí ar bith seachas Fine Gael agus an Lucht Oibre. Ní hionann sin agus a rá nár chóir vóta a thabhairt do pháirtithe eile, ach ní féidir a shéanadh ach go dtagann an éiginnteacht i gceist go mór, más é do rogha é vóta a thabhairt do pháirtí eile seachas páirtithe an Rialtais.

Ar an taobh eile den choimhlint, ní foláir a bheith amhrasach faoi áiteamh an rialtais gurb ionann vóta d’Fhine Gael nó don Lucht Oibre agus vóta ar son na seasmhachta.

An-chuid amhrais? Sea, an-chuid amhrais, toisc go mbeidh 79 suíochán Dála de dhíth ar an rialtas nua, agus nach léir fós conas a bhainfidh páirtithe an rialtais an sprioc sin amach.

Tá cóir ghaoithe leis an dá pháirtí le tamall, gan dabht, mar a léirigh an phobalbhreith is deireanaí. Ach ainneoin dul chun chinn Fhine Gael (go dtí 32 faoin gcéad, dar le Red C, an mhí seo caite) agus neartú beag an Lucht Oibre (go dtí a naoi faoin gcéad, sa suirbhé céanna), tá ualach oibre le déanamh acu sula mbeidh siad i ngiorracht móraimh arís i nDáil Éireann.

Le leathchéad bliain anuas, ba é 44 faoin gcéad* an sciar is lú den vóta céad rogha náisiúnta a bhí ag aon páirtithe ar éirigh leo comhrialtas a chur ar bun tar éis toghcháin. Má leanann Fine Gael agus an Lucht Oibre ag neartú leo, bainfidh siad an sprioc sin amach agus beidh rith an ráis leo. Mura leanfar, ní bheidh ceachtar páirtí slán. Táimid ag caint ar leibhéal tacaíochta nár bhain páirtithe an rialtais amach i bpobalbhreith ar bith le ceithre bliana anuas. Ní féidir, mar sin, ceist na héiginnteachta a chur i leataobh ar fad, fiú má ghlactar leis go dtoghfar Enda Kenny mar Thaoiseach arís, ar deireadh thiar.

Abair, mar shampla, go mbeadh naoi vóta de dhíth ar pháirtithe an chomhrialtais chun Enda Kenny a thoghadh mar Thaoiseach arís tar éis an olltoghcháin. Cén sórt margadh seasmhach a dhéanfaí idir Fine Gael agus:

* An dáréag teachtaí a bheadh fágtha sa Lucht Oibre briste brúite:

* Roisín Shortall, Catherine Murphy agus an triúr Daonlathach Sóisialta eile;

* Lucinda Creighton agus triúr eile as Renua;

* Cúigear neamhspleách, abair, a mbeadh a dtacaíocht riachtanach ar fhaitíos go mbeadh aighneas idir na páirtithe comhrialtais;

B’fhéidir go mbeadh comhrialtas dá leithéid seasmhach. Ach cé a bheadh cinnte go mbeadh?

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Seasmhacht nó anord? Ní fios ach níl aon éalú ón éiginnteacht…'