Seasamh Coveney mar ábhar ceannaire neartaithe ag cath an chíosa

Ní bheidh cíos cás ná cathú ar Simon Coveney i ndiaidh léigear na seachtaine seo sa Dáil, ach an mbeidh rath ar a phlean cíosa?

Seasamh Coveney mar ábhar ceannaire neartaithe ag cath an chíosa

Nuair a chloiseann tú Teachta Dála ag rá gur cúis mhór aiféala é nach n-aontaíonn Teachta ón taobh eile den Dáil lena thuairim, is iondúil go mb’fhearr duit a bheith ar d’aire.

Is dlúthchuid den saol polaitiúil é an t-easaontas agus an argóint. Oireann easaontas do pholaiteoirí go minic. Leithéid aighneas na seachtaine seo idir Simon Coveney agus Barry Cowen, agus idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

D’fhoilsigh an tAire Tithíochta plean Dé Máirt chun cóiríocht ar cíos a fhorbairt agus a rialáil. Mhol Fianna Fáil athruithe éagsúla, ina measc ísliú ar an uasteorainn ceathair faoin gcéad ar ardú cíosa sa phlean do chathair agus contae Bhaile Átha Cliath agus do chathair Chorcaí.

Sheas an rialtas an fód, cé gur cruinne a rá, b’fhéidir, gur sheas Fine Gael an fód. Dúirt Simon Coveney agus an tAire Stáit Damien English nach nglacfaidís le hathrú ar bith ar an uasteorainn ar ardú cíosa. Bhí cothromaíocht riachtanach, a dúirt an bheirt, idir chás na dtionóntaí agus chás na dtiarnaí talún, ionas nach ndíbreofaí ón margadh tiarnaí talún de bharr an uasteorainn a bheith ró-íseal.

Sheas Fianna Fáil an fód ina gcoinne, ar feadh dhá lá. Dúirt Micheál Martin sa Dáil go raibh an uasteorainn ceathair faoin gcéad “iomarcach”. Dúirt Thomas Byrne leis an scríbhneoir seo go mbeadh laghdú á éileamh ag an bpáirtí.

Ghéill príomhpháirtí an fhreasúra roimh dheireadh na seachtaine. Ar dhá chúis: toisc nach raibh Coveney toilteanach glacadh le laghdú ar bith, agus toisc go raibh faitíos ar Fhianna Fáil go gcuirfí an milleán orthu mura gcuirfí plean an rialtais i bhfeidhm.

Tá Coveney sásta faoiseamh cánach do thiarnaí talún, mar a mhol Fianna Fáil, a chur faoi bhráid coiste. Dúirt sé Déardaoin go bhféachfaí san athbhliain ar an uasteorainn a chur i bhfeidhm i gcathracha eile agus i gcontaetha atá cóngarach do Bhaile Átha Cliath. Ach dhiúltaigh sé a leithéid a fhógairt láithreach, mar a d’iarr Fianna Fáil.

Bhí ríméad ar Theachtaí Dála Fhine Gael agus an Dáil á cur ar atráth Dé hAoine. Níor buadh ach cath amháin an tseachtain seo sa leathchoimhlint leanúnach idir an dá pháirtí is mó sa Dáil seo, ach buadh é go scafánta.

Níl ach dhá aguisín le cur leis an scéal, ach baineann siad araon le mórcheisteannna a bheas faoi chaibidil in 2017.

Sa Dáil seo, caithfear Fianna Fáil a chur san áireamh mar chuid de lucht tacaíochta an rialtais. Dá laige an tacaíocht sin, ní bheadh an rialtas i gcumhacht dá ceal. Ní foláir don dá thaobh cuimhneamh go gcuireann achrann i measc lucht tacaíochta seasmhacht gach rialtas i mbaol, go háirithe más rialtas mionlaigh é.

Ar leibhéal pearsanta, léirigh Simon Coveney cumas agus fuarchúis le seachtain. Neartaigh sé a chás mar ábhar ceannaire a thabharfadh ábhar misnigh dá pháirtí. Ach is tábhachtaí go mór, dó féin agus don tír i gcoitinne, go mbeadh dea-thoradh ar an bplean a d’fhógair sé seachas bua gearrthéarmach sa Dáil.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Seasamh Coveney mar ábhar ceannaire neartaithe ag cath an chíosa'

  • Mise Áine

    @go mb’fhearr duit a bheith ar d’aire

    Nó, ar a laghad, súil a choinneáil ar an Aire ar leith seo…