Seans nach mbeidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha roimh an bhfómhar

Cé gur éirigh Rónán Ó Domhnaill as mar Choimisinéir dhá mhí ó shin, níl an folúntas fógartha go fóill

Seans nach mbeidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha roimh an bhfómhar

D’fhéadfadh an fómhar a bheith ann sula mbeidh Coimisinéir Teanga nua in oifig.

Tá an oifig gan coimisinéir ó d’éirigh Rónán Ó Domhnaill as an gcúram mí Feabhra agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh roinnt míonna eile ann go dtí go bhfostófar a chomharba.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios cheana gur ag deireadh mhí Eanáir a cuireadh tús leis an bpróiseas chun coimisinéir nua a earcú ach cé go bhfuil breis is dhá mhí caite ó shin, níl an folúntas fógartha go fóill.

Deir an Roinn go bhfuiltear ag súil fógra a chur amach roimh dheireadh na míosa.

“Tá an Roinn ag tabhairt socruithe chun críche leis an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas a fhógairt do phost an Choimisinéara Teanga,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne. “Tá an Roinn ag súil go n-eiseofar an fógra le linn na coicíse seo amach romhainn.”

Dúradh cheana go bhféadfadh go dtógfadh sé suas le trí mhí chun iarrthóir a roghnú ó dháta an fhógra agus dúradh freisin go bhféadfadh go mbeadh ar an iarrthóir a roghnófaí fógra 1-3 mhí a thabhairt sa phost atá acu. D’fhágfadh sin go bhféadfadh mí Dheireadh Fómhair a bheith ann sula líonfar folúntas an Choimisinéara Teanga.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc mí Feabhra nach “cás uathúil” é go mbeadh tréimhse ama idir éirí as Coimisinéara Teanga agus ceapadh duine nua sa ról. Tharla sin in 2014, a dúradh. Tréimhse níos lú ná trí seachtaine a bhí i gceist an uair sin idir éirí as an iarchoimisinéara Seán Ó Cuirreáin agus ceapachán Rónáin Uí Dhomhnaill.

Ceapadh Ó Domhnaill mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán an mhí seo caite. Ceapadh Jeremy Godfrey mar Chathaoirleach Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún an lá céanna, ach murab ionann is folúntas an Choimisinéara Teanga, tá folúntas don phost a d’fhág Godfrey, mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, fógartha cheana féin agus an spriocdháta chun cur isteach air thart ón mhí seo caite. Meastar go gceapfar duine nua sa phost laistigh de roinnt seachtainí.

Tugadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga an mhí seo caite faoin Acht Teanga leasaithe, ach níl oifig an Choimisinéara Teanga in ann tuarascálacha ar imscrúduithe a chur i gcrích go dtí go mbeidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha.

Faoin Acht, tá sé de chumhacht anois ag an gCoimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhfuil baint acu le cúrsaí Gaeilge. Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh sé gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais sula bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.

Fág freagra ar 'Seans nach mbeidh Coimisinéir Teanga nua ceaptha roimh an bhfómhar'