I dtoghroinn Dhún Garbhán atá Gaeltacht na nDéise. Sé shuíochán atá anseo agus Fine Gael is fearr a chruthaigh in 2019 le dhá shuíochán, ceann ag Damien Geoghegan (FG), a bhí ag ceann an chomhairimh le 20%, agus Pat Nugent (FG). Ionadaí amháin atá ag Fianna Fáil anseo, Tom Cronin a toghadh ar an dara comhaireamh in 2019.
Beidh an triúr sin ó mhórpháirtithe an rialtais ag seasamh athuair agus seans maith go dtoghfar iad go léir. Beirt atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht a toghadh in 2019, Conor D. McGuinness (Sinn Féin), leaschathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge agus Séamus O’Donnell (Neamhspleách), ar toghadh iad beirt sa chomhaireamh deireanach. Ag Thomas Phelan (Páirtí an Lucht Oibre) a bhí an suíochán deireanach in 2019 agus dúshlán mór a bheidh ann dó é a choimeád.
Dún Garbhán (6 shuíochán)
Na hiarrthóirí
Tom Cronin (FF)*
Padraic Curran (NS)
Conor D. McGuinness (SF)*
Damien Geoghegan (FG)*
Caren Hallahan (NS)
Aaron Joyce (NS)
Roger Morrison (NS)
Monica Murphy (FG)
Pat Nugent (FG)*
Séamus O’Donnell (NS)*
Críostóir Ó Faoláin (CG)
Joe O’Riordan (NS)
Thomas Phelan (LO)*
Fiona Regan (SF)
Jonathan Shaw (NS)
Siobhán Whelan (SF)[/inbox]
Triúr iarrthóirí a bheidh ag Sinn Féin agus dá mbeadh lá iontach acu d’fhéadfadh go dtoghfaí an dara duine i dteannta McGuinness, cé go bhfuil an cur chuige atá ag an bpáirtí in go leor toghcheantar bunaithe ar iad a bheith níos airde sna pobalbhreitheanna ná mar atá faoi láthair.
Beidh an Neamhspleách Séamus O’Donnell ag súil le teacht i dtír ar an mborradh atá faoi neamhspleáigh go náisiúnta agus a shuíochán a choimeád. Beidh sé ag súil chomh maith nach scoiltfear an iomarca an vóta ‘neamhspleách’ agus an oiread sin iarrthóirí nach bhfuil aon pháirtí luaite leo ag seasamh, seisear i gcomparáid le triúr sa toghchán deireanach. Beidh an cainteoir Gaeilge eile sa toghcheantar, Críostóir Ó Faoláin an Chomhaontais Ghlais ag súil nach bhfuil deireadh ar fad leis ‘an Tonn Ghlas’ a bhí ann in 2019.
I measc na gceisteanna atá ag dó na geirbe ag muintir na Gaeltachta, tá cúrsaí tithíochta agus easpa seirbhísí, go háirithe sa Rinn mar ar dúnadh oifig an phoist níos túisce i mbliana.
[inbox]Dún Garbhán (6 shuíochán) Damien Geoghegan (Fine Gael) , Tom Cronin (Fianna Fáil) , Pat Nugent (Fine Gael) , Conor D. McGuinness (Sinn Féin) , Séamus O’Donnell (Neamhspleách) , Thomas Phelan (Páirtí an Lucht Oibre)[/inbox]
Fág freagra ar 'Seans maith ag comhairleoirí Gaeltachta na nDéise a suíocháin a choinneáil'