Seans go mbeidh fuar ag Johnson má tá sé ag súil le móramh don Nollaig

Ní féidir a bheith cinnte faoi rud ar bith a bhaineann leis an toghchán a bheidh ar siúl sa Bhreatain an mhí seo chugainn

Seans go mbeidh fuar ag Johnson má tá sé ag súil le móramh don Nollaig

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhuel, tá lá na cinniúna ag teacht faoi dheireadh: olltoghchán sa mBreatain a shocróidh ceist an Bhreatimeachta bealach amháin nó bealach eile Nó an socróidh?

Is léir le fada nach bhfuil parlaimint na Breataine ar fónamh. Ní raibh móramh ann ar son imeacht gan mhargadh, ná ar son imeacht le margadh, ná le Breatimeacht a chur i bhfeidhm, ná ar son Breatimeacht a chur ar ceal, ná ar son an dara reifreann. Ní raibh ann ach moill i ndiaidh moille, bacainn i ndiaidh bacainne.

Ghéill Páirtí an Lucht Oibre d’éileamh Boris Johnson go reáchtálfaí toghchán roimh Nollaig nuair a chuir na Daonlathaithe Liobrálacha (na Lib Dems) agus Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) in iúl go dtacódh siadsan leis: cinneadh a chuir diúltú an Lucht Oibre ar ceal.

Rinne Jeremy Corbyn iarracht a chinneadh a chosaint trí mhaíomh go raibh sé dearbhaithe anois nach bhfuil an Breatimeacht gan Mhargadh ar an gclár oibre a thuilleadh. Ach, i ndáiríre, ní raibh a leithéid ar an gclár ó tháinig Boris Johnson abhaile ón mBruiséil leis an margadh nua.

B’fhearr le Johnson toghchán a reáchtáil agus an Breatimeacht curtha i gcrích, agus b’fhearr le Corbyn sin freisin tá mé ag ceapadh. Beidh naimhde Johnson ag iarraidh scéal mór a dhéanamh de nár éirigh leis Breatimeacht a chur i gcrích faoi oíche Shamhna mar a gheall sé, ach ceapaim go dtuigeann gach éinne gurbh í an pharlaimint a chuir bac ar an bpróiseas.

Déanfaidh an Páirtí an Bhreatimeachta, páirtí Nigel Farage, iarracht leas a bhaint as sin, ach ní dóigh liom go sciobfaidh siad oiread sin vótaí ón bPáirtí Caomhach, ach amháin b’fhéidir uathu siúd nach dtaitníonn an margadh leo.

Agus is mó a chuirfidh na daoine atá i bhfabhar Breatimeachta an milleán ar Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre, ná ar Johnson.

Creidim mar sin gur mó an dochar a dhéanfaidh Páirtí an Bhreatimeachta do Pháirtí an Lucht Oibre ná do na Tóraithe: go háirithe i dtuaisceart agus i lár Shasana, sna toghcheantair a vótáil go láidir ar son imeachta ach a thug tacaíocht i gcónaí roimhe seo do Pháirtí an Lucht Oibre.

Mar sin beidh Corbyn ag iarraidh aird na vótóirí a dhíriú ar a chlár rialtais don Bhreatain, ar a phleananna do chúrsaí sláinte is tithíochta, ar a phlean infheistíocht láidir fostaíochta a dhéanamh sna ceantair is dearóile sa tír.

Tá an clár sin tarraingteach, ach is deacair a shamhlú nach mbeidh an Breatimeacht mar bhun agus barr scéal an toghcháin agus gach páirtí eile ag díriú aird air.

Dar leis na pobalbhreitheanna – agus le tamall anuas anois – tá na Tóraithe idir 10% is 16% chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre. Suas le 40% atá ag na Caomhaigh agus timpeall 24% atá ag páirtí Corbyn.

Creidim go dtiocfaidh feabhas ar chás Corbyn i gcaitheamh an fheachtais, ach ní dóigh liom go mbeidh sé ar a chumas dul chun tosaigh ar Johnson nó móramh a bhaint amach. D’fhéadfadh sé socrú iarthoghcháin a dhéanamh le náisiúntóirí na hAlban, socrú a mbeadh an dara reifreann neamhspleáchais mar choinníoll leis agus leis na Daonlathaithe Liobrálacha a bheadh ag iarraidh an Breatimeacht a chur ar ceal gan reifreann ar bith.

Bheadh comhrialtas den chineál sin ag iarraidh an dara reifreann Breatimeachta a reáchtáil, casadh a chuirfeadh tuilleadh éiginnteachta sa scéal. I bhfianaise an 40% atá ag na Caomhaigh agus an 10% ag Páirtí an Bhreatimeachta is cosúil go bhfuil móramh ann ar son an Breatimeacht a chur i bhfeidhm.

Ach níl sé cinnte ach an oiread go mbeidh Johnson in ann móramh a bhaint amach don Pháirtí Caomhach féin. Caillfidh sé suíocháin in Albain (don SNP) agus i ndeisceart Shasana (do na Lib Dems). Agus beidh sé ag brath ar Pháirtí an Bhreatimeachta le hiarrthóirí Pháirtí an Lucht Oibre a lagú.

Tá tacaíocht os cionn 10% ag páirtí Nigel Farage – níos mó ná mar a bhí ag na Lib Dems in 2017 nuair a fuair siad 12 suíochán – ach b’fhéidir faoin gcóras ait atá acu thall nach ngnóthódh siad aon suíochán.

Bheadh amhras mór orm faoin margadh leis an AE dá mbeadh ar Johnson comhrialtas a bhunú le páirtí Farage, nó leis an DUP. Ní féidir a rá mar sin go bhfuil imeacht gan mhargadh bainte den chlár.

Ach tá pearsantacht láidir ag Johnson, agus taitníonn sé le daoine i Sasana. Sna pobalbhreitheanna, mar shampla, bhí Páirtí an Lucht Oibre ar comhchéim nó fiú chun tosaigh ar na Caomhaigh sna pobalbhreitheanna go dtí gur tháinig Johnson i gceannas ar na Caomhaigh. Tá siad taobh thiar de ó shin.

Ní féidir mar sin a bheith cinnte faoi rud ar bith a bhaineann leis an toghchán seo, ach cé nach mbeidh sé éasca ag Johnson an bua a fháil, táim den tuairim go bhfuil seans an-láidir aige agus gur dóichí gur eisean a fheicfidh muid mar Phríomh-Aire na Breataine ar an 13 Nollaig, bíodh sin le móramh nó dá uireasa.

Fág freagra ar 'Seans go mbeidh fuar ag Johnson má tá sé ag súil le móramh don Nollaig'