Seans ann go mbainfidh cogadh cathartha na gCaomhach tuisle eile as an DUP

Bhí ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, díreach tar éis a rá go raibh sé dóchasach gur ghearr go ndéanfadh sé margadh le rialtas na Breataine nuair a bhuail an spadhar is déanaí Boris Johnson

Seans ann go mbainfidh cogadh cathartha na gCaomhach tuisle eile as an DUP

“Ní ligfidh sinne do pholaitíocht na pearsanachta a theacht salach ar an obair thábhachtach atá le déanamh againn le rialtas na Breataine.” An Feisire Parlaiminte, Gavin Robinson, leascheannaire nua-thofa an DUP, a dúirt i ndiaidh an achrainn is deireanaí a spreag Boris Johnson i measc na gCaomhach. Aird an Phríomh-Aire Sunak a choinneáil dírithe ar éilimh an DUP a bheas mar chúram ar an DUP, ar sé.

Go n-éirí sin leis! Cén seans, i bhfianaise na n-iarrachtaí is deireanaí ón iarPhríomh-Aire, Boris Johnson chun cogadh cathartha a chothú ina pháirtí agus an Príomh-Aire reatha, Rishi Sunak, a lagú a thuilleadh?

Ar éigean a bhí a anáil tarraingthe ag ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, tar éis dó a rá go raibh sé dóchasach gur ghearr go ndéanfadh sé margadh le rialtas na Breataine nuair a d’fhéach Johnson leis an lasair a chur sa bharrach. Ar mhaithe leis féin a bhí Johnson, mar is dual dó, gan aird ar bith aige ar cheisteanna a bhí is atá ag dó na geirbe ag saoránaigh.

Síceadhráma a thug Gavin Robinson ar an mbabhta achrainn seo; scigdhráma dar lena lán ach ceann a bhféadfadh ciallachais a bheith aige do na hiarrachtaí chun roinnt na cumhachta in Stormont a athnuachan. An mbeidh tionchar aige ar idirbheartaíocht an DUP le rialtas Sunak chun an tsáinn faoin bprótacal iarBhreatimeachta/creat Windsor a fhuascailt? An ar an míshuaimhneas sa pháirtí Caomhach a cheansú, agus ullmhú do na fothoghcháin a eascraíonn as taghdanna feirge Johnson agus a dheisceabail, a dhíreoidh Sunak san tréimhse seo romhainn – tuisle eile bainte as an DUP ag spadhar de chuid Johnson? Nó an bhféadfadh sé tarlú go dtapódh Sunak an deis chun a theacht ar fhuascailt na faidhbe a chothaigh Johnson? Rinne Johnson an damáiste le tacaíocht fhonnmhar an DUP go dtí go ndearna sé feall orthu.

Ba é agallamh Jeffrey Donaldson an tseachtain seo caite an chéad leide a fuarthas go raibh an DUP toilteanach labhairt faoi chlár ama, cé gur clár ama don phlé leis an mBreatain é seachas sprioc d’athbhunú Stormont. Dúirt ceannaire an DUP go raibh siad ag druidim le huair chinniúnach sna seachtainí seo romhainn agus go raibh sé dóchasach. Ní léir céard é go beacht atá an DUP ag iarraidh ar an rialtas a dhéanamh chun go n-éireoidh siad as a mbaghcat ar Stormont de bharr an phrótacail.

Bhí an rialtas soiléir nach ndéanfar athrú ar bith ar chreat Windsor. Murab ionann agus Johnson tá Sunak ag iarraidh a thaispeáint go seasann sé lena fhocal agus le conarthaí idirnáisiúnta. Mar sin, bainfidh cibé seift nó beart a dheonófar le barántais nó reachtaíocht don Ríocht Aontaithe amháin. Fuascailt ar “na fadhbanna trádála, an t-easnamh daonlathach agus dochar bunreachtúil” atá ón DUP, dar le Gavin Robinson. Chun an réiteach sin a aimsiú, a dúirt an leas-cheannaire, leanfadh siad orthu ag caint leis an rialtas beag beann ar achrann nó coraíocht i measc na dTóraithe; ní ligfidh siad don dráma iad a chur dá dtreo, ar sé.

Beidh an Pharlaimint ar shaoire an tsamhraidh ón 20 Iúil agus caithfear reacht a rith roimhe sin má táthar chun an tuar a fhíorú go bhfillfidh an DUP ar Stormont sa bhfómhar. Ní hiad an DUP a luann an fómhar mar sprioc ach an UUP agus Alliance. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfillfeadh an DUP ansin fiú má dhéanann rialtas Sunak beart go luath.

Ní hiad an DUP amháin a chaithfidh Sunak a shásamh faoin gceist seo. Tá freagracht air do pháirtithe eile abhus chomh maith le hÉirinn, (an tAE maidir le creat Windsor) agus Meiriceá – mar a bhfuil an tUachtarán Biden ag iarraidh a chinntiú ‘nach mbeidh an Bhreatain ag útamáil leis an tsíocháin’. Mar pholaiteoir atá bródúil as seasamh lena chuid conarthaí idirnáisiúnta, ní mór do Sunak a bheith cúramach nach gcuirfidh sé foráil ar bith i gComhaontú Aoine an Chéasta as a riocht. Rinne an Tánaiste Micheál Martin tagairt don riachtanas sin le déanaí i dtaca le Jeffrey Donaldson; ní foláir nó gur chuir sé an fhainic chéanna ar an Státrúnaí Heaton-Harris agus feidhmeannaigh Rishi Sunak.

Ní ribín réidh é ag Sunak fiú gan mífheidhmiú a pháirtí a chur san áireamh.

Fág freagra ar 'Seans ann go mbainfidh cogadh cathartha na gCaomhach tuisle eile as an DUP'