Tá an tUachtarán Catherine Connolly agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine atá tar éis ómós a thabhairt don amhránaí aitheanta Seán Ó Sé atá ar shlí na fírinne.
Arú inné a bhásaigh an Corcaíoch, a bhain cáil amach sna 1960idí ar dtús le Ceoltóirí Chualann agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ina dhiaidh sin. Bhí sé 89 bliain d’aois.
Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly gur “briseadh croí” a bhí sa scéal gur bhásaigh an t-amhránaí Corcaíoch a bhain cáil amach le Ceoltóirí Chualann sna 1960idí.
“Corcaíoch uasal bródúil” a bhí i Seán Ó Sé, dar leis an uachtarán, agus fear a raibh “bua eisceachtúil” aige agus a roinn an bua sin “go fial flaithiúil”.
“Laoch de chuid an cheoil ab ea Seán Ó Sé, ní hamháin anseo in Éirinn ach thar lear agus i gcéin. Mheall sé na céadta míle chuig an gceol Gaelach agus traidisiúnta lena ghlór draíochtúil ceolmhar agus a stíl mhealltach amhránaíochta,” a dúirt an tUachtarán.
Dúirt sí gur thug Ó Sé “seanchas agus traidisiún na n-amhrán” ar aghaidh chuig glúnta an lae inniu agus gur “saibhre atá ceol agus amhránaíocht na Gaeilge” de bharr a shaothair.
“Ní féidir dearmad a dhéanamh gur ag Seán Ó Sé a bhí an chéad ‘hit’ Gaeilge, ‘An Poc Ar Buile’ amhrán a ardaíonn meanma agus misneach fós inniu,” a dúirt sí.
Beagán le cois seachtain ó shin, bhí an tUachtarán i láthair nuair a bronnadh Gradam Saoil TradFest Bhaile Átha Cliath ar Sheán Ó Sé in Ardoifig an Phoist.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh clú agus cáil ar Sheán Ó Sé i saol an oideachais, an chultúir agus an cheoil thraidisiúnta.
Dúirt an Taoiseach go raibh “cairdeas ar leith” idir Seán Ó Sé agus Seán Ó Riada.
“Bhí dlúthchaidreamh eatarthu agus ba é ab údarásaí Seán sa tuiscint a léirigh sé ar cheol Uí Riada,” a dúirt Martin.
Dúirt sé go raibh ceangal iontach ag Seán Ó Sé “le scéal Chorcaí agus le muintir Chorcaí”.
Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Taoiseach nach raibh aon éirí in airde in Ó Sé agus go raibh sé “macánta” agus “dílis don dtraidisiún” i gcónaí.
Dúirt Martin gur “bhreá [leis] bualadh le [Ó Sé] i gcónaí, agus go raibh an t-amhránaí “greannmhar agus gealgháireach”.
Rugadh Seán Ó Sé i mBéal Átha Leice, gar do Bheanntraí, i gcontae Chorcaí in 1936, áit a raibh a bheirt tuismitheoirí ina múinteoirí sa scoil náisiúnta. Chuaigh sé féin leis an múinteoireacht agus bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine i gcathair Chorcaí ar feadh tamaill.
Bhuaigh sé an comórtas amhránaíochta ag Feis na Mumhan agus é 23 bliain d’aois agus cuireadh tús lena a shaol mar amhránaí traidisiúnta aitheanta. Chuir sé aithne ar an gcumadóir agus an ceoltóir clúiteach Seán Ó Riada sna 1960idí agus bhí sé ar dhuine de na daoine is mó a chanadh le grúpa ceoil an Riadaigh, Ceoltóirí Chualann, tráth a raibh spéis as an nua á cur in amhráin agus i gceol traidisiúnta na hÉireann.
Shiúil sé an domhan agus é ag gabháil fhoinn le Ceoltóirí Chualann agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ba mhinic é ar chláir theilifíse agus raidió RTÉ, idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus ar TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún sin sna 1990idí.
Sa bhliain 1962, rinne sé taifead, le Gael Linn, ar amhrán traidisiúnta faoi ghabhar a d’imigh le báiní i gCorca Dhuibhne – ‘An Poc Ar Buile’. Ba é Dónall Ó Mulláin, as Cúil Aodha, a chum an t-amhrán agus Seán Ó Riada a chuir ceol leis.
Chuala Ó Sé an t-amhrán den chéad uair agus é ina scoláire i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Deireadh sé gurbh é ‘An Poc Ar Buile’ an chéad amhrán Gaeilge a bhí “ar bharr na gcairteacha”.
Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt mac Sheáin Uí Riada, Peadar Ó Riada, gur “geall le deartháir” ag a athair Seán Ó Sé agus gur “bhall den chlann” a bhí ann ó tháinig sé go dtí a dteach cónaithe i mBaile Átha Cliath ar cuairt ar a athair den chéad uair sna 1960idí.
“Bhí an-chuid mar an gcéanna eatarthu [Ó Riada agus Ó Sé]. Bhí an-chuid comónta acu, an teanga chéanna chomónta, an deisbhéileacht, agus an tábhacht a bhain le greann,” a dúirt Ó Riada.
Dúirt sé go raibh sé féin agus Seán Ó Sé “ag taifeadadh go dtí an deireadh” agus go bhfuil 57 amhrán, idir amhráin Bhéarla agus amhráin Ghaeilge, taifeadta acu nár cuireadh amach go fóill.
“An bua iontach a bhí aige ná go neosfadh sé an scéál a bhí san amhrán. Mhothófá an scéal go léir léirithe os do chomhair amach,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Riada gur fear “éirimiúil agus cliste” a bhí in Ó Sé a bhí “luite isteach ina chultúr ó Thuatha Dé Danann go dtí an lá inniu”.
Mhol sé a dhílseacht do na pobail Éireannacha a bhí i Sasana i lár an chéid seo caite agus dúirt gur choinnigh Ó Sé air ag tabhairt cuairteanna ar na pobail sin go dtí an bhliain seo caite.
Sa bhliain 2011, fuair Ó Sé an drochscéala go raibh ailse ina dhrólann. Tháinig sé slán as an ngalar sin, áfach, agus choinnigh sé air ag canadh go poiblí. Sa bhliain 2015 scríobh sé scéal a shaoil, in éineacht leis an scríbhneoir Patricia Ahern, sa leabhar An Poc Ar Buile – The Life and Times of Seán Ó Sé.
Bhronn TG4 an gradam Amhránaí na Bliana ar Ó Sé ag Gradam Ceoil TG4 i mBéal Feirste in 2021. An bhliain chéanna, bhronn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, Gradam an Uachtaráin ar Sheán Ó Sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, a reáchtáladh ar líne mar gheall ar an víreas corónach.
Bronnadh dochtúireacht oinigh air i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, in 2025.
Bhásaigh a bhean chéile, Eileen, anuraidh agus maireann a gclann, Áine, Con agus Íde.
Fág freagra ar 'Seán Ó Sé, laoch de chuid an cheoil a raibh an ‘an chéad hit Gaeilge aige’, ar shlí na fírinne'