Áine Ní Ghlinn
Cló Iar-Chonnacht
Úrscéal gearr agus soléite is ea Cairdeas & Cogadh, an saothar is déanaí ó Áine Ní Ghlinn. Léiríonn sé go cumasach na coimhlintí idir déagóirí, na ceangail idir siblíní, agus an pheil Ghaelach mar chúlra leanúnach tríd. Scríofa i stíl ghonta, shoiléir, pléann sé go héifeachtach le téamaí comhaimseartha agus meallfaidh sé léitheoirí óga ó thús go deireadh.
I gcroílár an scéil tá Neans, déagóir ciallmhar a thugann aire dá deartháirín Ciarán (nó ‘Cío’ mar a thugtar air). Tá caidreamh dlúth idir an bheirt agus, murab ionann is go leor dá piaraí, tá Neans in ann caint go hoscailte lena tuismitheoirí faoina bhfuil ag cur isteach ar an mbuachaillín. Tá Cío, nach bhfuil ach ocht mbliana d’aois, trína chéile mar gheall ar bhuachaill eile a bheith ag caitheamh maslaí homafóbacha leis. Ní thuigeann sé brí an fhocail ‘aerach’, ach goilleann an masla go mór air – go háirithe nuair a mhaítear nach bhfuil cead ag buachaillí aeracha peil a imirt.
Mothaíonn an léitheoir go tréan an t-uafás atá air, mar is é mian a chroí imirt don chontae lá éigin. Cuireann Ní Ghlinn greann agus soineantacht a chuid ceisteanna in iúl go healaíonta, agus ag an am céanna tugann sí léargas grinn ar thromchúis na claontachta.
Titeann an choimhlint atá lárnach sa scéal amach ar an bpáirc pheile, áit a bhfuil Neans agus a hiarchara dlúth, Éibhín, ina gcaptaein ar fhoirne a scoileanna sa chluiche mór ceannais. Tagann a seanaighnis –a théann siar go dtí laethanta na bunscoile – chun solais díreach agus a ndeartháireacha beaga ag dul i ngleic lena chéile. Is iad na teannais seo – idir na buachaillí óga agus idir na cailíní féin – a bhrúnn an scéal chun cinn. Fágtar ceist mhór ag an léitheoir – an féidir le sean-naimhde teacht le chéile tar éis an chluiche?
Ceann de na línte is cumhachtaí sa leabhar ná an chomhairle chríonna a chuireann Neans ar a deartháirín. Pé uair a fhiafraíonn duine éigin de an bhfuil sé aerach, an freagra a thugann sé ná:
‘B’fhéidir go bhfuil. B’fhéidir nach bhfuil. Is cuma sa tsioc is ní bhaineann sé leatsa.’
Tugann an mantra seo an-mhisneach do Chío beag agus, faoi dheireadh an scéil, beidh sé ar bharr a theanga ag an léitheora chomh maith leis an ngasúr. Meabhrú cumhachtach é ar thábhacht na fírinne pearsanta agus ar an ngá seasamh in aghaidh an mhíbhéasa.
Cé go bhfuil bulaíocht i gceist, ní chuireann Ní Ghlinn an scéal i láthair mar easaontas simplí idir bulaí agus an té atá thíos leis. Ina áit sin, léiríonn sí go n-úsáideann páistí focail nach dtuigeann siad féin, agus go bhfuil na ceachtanna is tábhachtaí le foghlaim faoi chineáltas agus faoin bhfód a sheasamh ar son na héagsúlachta.
Le críoch chorraitheach i bPáirc an Chrócaigh, is scéal tráthúil agus dóchasach é Cairdeas & Cogadh. Leabhar foirfe mar bhronntanas do dhéagóir– ní hamháin mar gheall ar an dráma a bhaineann leis, ach freisin mar gheall ar an ngaois atá ann. Taispeánann Ní Ghlinn gur féidir leis an gcairdeas agus an cogadh maireachtáil taobh le taobh, ach gur féidir leis an tsíocháin an lámh in uachtar a fháil sa deireadh.
ELIZABETH Murdock
Míle buíochas Majella as an léirmheas seo.
Ceannóidh mé an leabhar seo do na garpháistí.