‘Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig’

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Féile na Samhna i Maigh Eo atá inniu againn…

‘Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig’

‘Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig.’ Féasta mór a bhaineann le haimsir ár sinsir is ea oíche Shamhna.
Seo cuid des na sean-nósanna atá á gcleachtadh fós i dTamhnaigh Chon Duibh.

An oíche sin fágtar píosa aráin taobh amuigh ar an bhfuinneog le haghaidh na sióg mar bíonn siad amuigh an oíche sin.

Nós eile atá againn an oíche sin, téann cailín amach i ngairdín an chabáiste agus gheibheann sí tor cabáiste, bíonn a súile dúnta aici agus má bhíonn an cabáiste cam, fear cam a phósfas sí agus má bhíonn poll ins an gcabáiste fear lag suarach a phósfas sí.
Téann cailín éigin amach go dtí an chruach choirce agus gheibheann sí trí stiopanna agus seasann sí ar lic dorais tigh comharsan agus bíonn sí ag éisteacht agus an chéad ainm fireann a cloiseann sí, sin é an t-ainm a bheas ar an bhfear a phósfas sí.
An oíche sin freisin piocann na sióga na sméara dubha agus bíonn siad ag súgradh leo agus nuair a bhíonn deireadh leis an spórt cuireann siad ar ais iad ins an áit a bhfuaireadar iad agus dá bhrí sin níor cheart aon sméara dubha a ithe tar éis na hoíche sin.

Brighid Ní Chuimilín, Tamhnaigh Chon Duibh, Ceara, Co Mhaigh Eo

Aon oíche Shamhna amháin chuaigh fear amach ag siúl. Bhí sé ag siúl cúpla
nóiméad nó mar sin nuair do casadh triúr fear air. Bhí siad ag iompar comhrann.
D’iarr an triúr fear ar an bhfear eile cúnamh a thabhairt dóibh agus rinne sé amhlaidh.
Nuair a bhí an fear cúpla nóiméad faoin gcomhrainn, do chuir sé síos í. D’fhéach sé isteach inti agus céard do chonaic sé ach cailín álainn agus í beo bríomhar.

D’éirigh an cailín álainn agus do shiúil an bheirt acu go dtí teach an fhir. D’fhan an cailín álainn ins an teach ar feadh bliana gan focal aisti ar feadh an ama
sin.

Oíche Shamhna dár gcionn bhí an fear amuigh agus do chonaic sé an triúr fear. Dúirt an chéad fhear. “Bliain ó anocht fuair Diarmuid a bhean.”

“Cén mhaitheas atá inti?” arsa an darna fear “nuair nach féidir léi labhairt.”

Chuir an tríú fear isteach ar an
gcaint. “Tá biorán suain le taobh dá ceann agus dá dtógfaí amach é sin bheadh a lán cainte aici,” ar seisean.

Máire Ní Ghilliúin, An Gort, Ceara, Co Mhaigh Eo.

Fág freagra ar '‘Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig’'