Seachas na Connachtaigh, ag dul ar gcúl atá na cúigí

Seans maith go mbeidh athrú beag chun feabhais ar scéal na gcúigí i gcluichí Bhabhta 14 an deireadh seachtaine seo

Seachas na Connachtaigh, ag dul ar gcúl atá na cúigí

Agus mé ag baint sásaimh as an tsárchoimhlint a bhí idir Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht Dé hAoine seo caite, rith sé liom go raibh na gnéithe dearfacha agus snasta a chinntigh an Choróin Thriarach  dúinn aistrithe go dtí na cúigí. Port eile ar fad a bhí agam tráthnóna an tSathairn nuair a theip ar na Muimhnigh pointe amháin féin a chlárú i gcoinne na Sharks in Durban agus nuair a d’fhill Cúige Laighean ó Ghlaschú le pócaí folmha (38-17).

Seachas an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na Connachtaigh, ar gcúl atá na cúigí eile ar fad ag dul san URC faoi láthair.

Seans maith go mbeidh athrú beag air sin le linn chluichí Bhabhta 14 an deireadh seachtaine seo. In ainneoin an ghreadadh a fuair curaidh reatha an chomórtais, Cúige Laighean i mBabhta 13, is deacair a shamhlú go mbeidh mórán deacrachtaí acu Scarlets na Breataine Bige a chur ó dhoras i Staid Aviva anocht. Scarann deich n-áit agus scór pointí an dá fhoireann seo.

Cúige Laighean atá sa gceathrú háit ar an tábla. Seans go dtapóidh Leo Cullen an deis cosa a chur faoin stól arís, go háirithe agus leathshúil aige ar an gcluiche mór i gCorn na gCuradh a imreofar faoi cheann seachtaine. Bheadh iontas orm mura n-aimseoidh Cúige Laighean bua le pointe bónais, go háirithe leis an bhfoireann láidir atá Cullen a chur chun páirce.

Amárach, beidh Cúige Mumhan ag imirt ar thalamh ard i Pretoria i gcoinne na Bulls. Ní haon sólás do na Muimhnigh go bhfuil siad suite sa séú háit ar an tábla, dhá áit agus ceithre phointe níos airde ná na Bulls. Seans gur spreagadh do na Bulls an bhearna sin. Léirigh na Sharks an t-uafás deacrachtaí in imirt na Mumhan agus iad ag tabhairt greadadh (45-0) dóibh. Seans nach gá a mheabhrú go bhfuil na Bulls i bhfad níos láidre ná na Sharks faoi láthair. Ní bheidh sé éasca ag Cúige Mumhan bualadh eile a sheachaint.

Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Chonnacht agus iad lán d’fhéinmhuinín agus de dhóchas tar éis an tsárthaispeántais a thug siad i gcoinne Chúige Uladh i mBabhta 13. Teastóidh imirt den chineál céanna más leo freasúra an lae amárach, na hOspreys, a cheansú.

Ní scarann ach sé phointe agus áit amháin na foirne seo agus Cúige Chonnacht in uachtar sa naoú háit ar an tábla.

Tugann imirt sa mbaile deis do Chúige Chonnacht tuilleadh pointí luachmhara a bhailiú roimh an dúshlán trí chluiche i gcoinne foirne ón Afraic Theas atá rompu. Imreofar an chéad cheann acu siúd i gcomórtas Chorn an Dúshláin i nGaillimh, i gcoinne na Sharks, faoi cheann seachtaine agus ansin tosóidh camchuairt dhá chluiche URC ar an Afraic Theas. Sea, caithfidh Cúige Chonnacht an deis seo a thapú.

Is ar an Iodáil a bheas aird na nUltach amárach agus iad i gcoinne Zebre, an fhoireann is laige sa gcomórtas. Tá aon chluiche dhéag as trí iarracht déag caillte ag Zebre. Ba chuma cén léamh a dhéanfá ar imirt Uladh i gcoinne Chonnacht an Aoine seo caite, chaithfeá a rá go mbeidh an bua ag foireann na hÉireann.

Fág freagra ar 'Seachas na Connachtaigh, ag dul ar gcúl atá na cúigí'