Scuabfaidh mná Ocean’s 8 leo thú go dtí an chríoch gan dealramh

Tá taitneamh le baint as an eachtraíocht ar fad in Ocean’s 8, cé gur furasta cuid mhaith de a thuar agus an snas imithe den choincheap

Scuabfaidh mná Ocean’s 8 leo thú go dtí an chríoch gan dealramh

Stiúrthóir: Gary Ross

Cliar: Sandra Bullock, Cate Blanchett, Anna Hathaway, Helena Bonham Carter, Mindy Kaling, Rihanna, Awkwafina, Richard Armitage.

Ba shaothar slíoctha, snasta agus slachtmhar é Ocean’s 11; táirge eiseamláireach in iomaire na heachtraíochta a leag amach cad is scannán gadaíochta ann. In ainneoin go bhfuil seacht mbliana déag gafa tharainn ó seoladh é, agus in ainneoin nach raibh an dá scannán leantacha inchurtha leis, tá a rian le braistint i gcónaí. Bhí táirge leis an draoi Steven Soderberg bunaithe ar scannán leis an ‘Rat Pack’ ó 1960 ach d’éirigh leis an fear maith a fháil ar an réamhtheachtaí le haisteoirí mór le rá, carachtair chaithiseacha, scéal eachtrúil, castaí gan choinne, greann agus carúlacha cliste á gcaitheamh ar dalladh. Ba léir gur bhain an cliar sásamh as an scannán a dhéanamh agus bhain an lucht féachana súp as féachaint air. Tháinig an triológ ina raibh Clooney, Pitt, Damon agus a gcomhghleacaithe chun críche in 2007, ach tá a fhios ag Tadhg an mhargaidh nach bhféadfaí ligint don choincheap imeacht le cúr na habhann.

Mura bhfuil cíoná de shaghas éigin id ghlac is snámh in aghaidh easa é an t-athleagan a leagadh anuas ar an athleagan. Rinneadh cinneadh, dá réir,  meitheal ban a earcú, mar a deineadh le Ghostbusters in 2016. Ar an drochuair, níor éirigh leis an saothar úd agus cé go bhfuil a mhaitheasaí féin ag baint leis an scannán seo ní raibh aon seans aige a bheith in ann é a fhéachaint le leagan Soderberg.

An snas a bheith imithe den choincheap is cúis leis sin. Bhí rud éigin úrnua agus cliste ag baint leis an gcur i gcéill ar fad in 2001 agus tháinig an chríoch aniar aduaidh orainn go paiteanta. Seanscéal agus meirg air atá againn anois.

Go deimhin bheadh an tóin tite as an rud ar fad murach gur meitheal aisteoirí den chéad scoth atá os ár gcomhair agus go n-éiríonn leo carachtair shuaithinseacha a léiriú. Ní haon iontas seo óir go bhfuil ceithre dhuais Oscar, dhá dhuais Emmy agus ceithre Golden Globe gnóthaithe ag an bpríomhchliar i gcaitheamh na mblianta. Dá fheabhas iad, níl Clooney et al in an coinneal a choimeád leis sin.

Is í Debbie Ocean (Bullock), deirfiúr le Danny (Clooney), atá ina ceann feadhna agus Lou (Blanchett) ina ghiolla gualainne aici. Déanann siad, de réir gnáis, meitheal robálaithe a chur le chéile agus é mar sprioc acu muince diamant a ghoid le linn don ‘Met Gala’ a bheith ar siúl. Ní nach ionadh is meascán mearaí ceart atá againn agus chuaigh Bonham Carter ina dearthóir faisin Éireannach, Awkwafina ina piocaire póca, agus Rihanna an haiceálaí go mór i bhfeidhm orm. Tá raidhse caimeonna againn sa scannán, gach duine ó Anna Wintour go Serena Williams agus Kim Kardashian, ach ní fada a d’fhanfadh aon duine acu sin i d’intinn.

Tá taitneamh le baint as an eachtraíocht ar fad cé gur fuirist cuid mhaith de a thuar. Bíonn sé éigeantach i dtáirgí Ocean go mbeadh casadh ag an gcríoch, ach is ceann patuar gan dealramh atá againn anseo. Gan amhras ní chuirfidh sin aon bhac ar an tsluaisteáil agus tá Ocean’s 9 ar na bioráin cheana féin. 

Fág freagra ar 'Scuabfaidh mná Ocean’s 8 leo thú go dtí an chríoch gan dealramh'