Scríbhneoireacht Chruthaitheach 09 – ‘Fadhb na ndrugaí agus an alcóil’ (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 09 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 09 – ‘Fadhb na  ndrugaí agus an alcóil’ (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Fadhb na ndrugaí agus an alcóil
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
  2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
  3. Conclúid

Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.

a) Cúlra/stair
b) Cad is cúis leis?
c) Cad deir daoine faoi?
d) Na tuairimí atá agat féin faoi
e) Eispéiris phearsanta
f) Buntáistí/míbhuntáistí
g) Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh?
h) Dúshláin/fadhbanna
i) Tréithe atá ag rud
j) Céard a tharlóidh amach anseo?
k) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. andúil
  2. andúileachas
  3. mí-úsáid drugaí
  4. i ngalar na gcás
  5. fulaingíonn
  6. is mór an t-iomard é
  7. coiriúlacht
  8. cúrsaí athshlánaithe
  9. Ní féidir a shéanadh
  10. ag maíomh

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt as aiste shamplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh?

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáilagus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Fadhb na ndrugaí agus an alcóil

Shamhlóinn gur beag duine in Éirinn nach bhfuil cur amach pearsanta de shaghas éigin acu ar na fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus alcóil. Cairde, comharsana, gaolta agus comhghleacaithe: dá smaoineoimis ar gach duine ar ár n-aithne tá an-seans go bhféadfaimis méar a shíneadh i dtreo dhuine éigin go bhfuil fadhbanna aige le halcól agus/nó drugaí mídhleathacha nó atá ag baint mí-úsáid astu. Tá a fhios againn ar fad nach iad na handúiligh amháin a bhíonn thíos leis andúil mar fulaingíonn gach duine atá timpeall orthu chomh maith.

Ar an gcéad dul síos loiteann drugaí agus alcól sláinte an duine, idir anam agus chorp. Titeann an caidreamh atá acu lena muintir agus cairde as a chéile. Is ar éigean go bhfuil siad in ann feidhmiú ag an obair, má tá, agus tá a fhios againn ar fad má dhéantar mí-úsáid ar dhrugaí/alcóil ar feadh tréimhse fada nach bhfuil aon dabht ach go dteipeann an tsláinte agus i gcásanna áirithe faigheann daoine bás.

Ní hamháin sin ach loiteann an mhí-úsáid saol gach duine atá timpeall ar an andúileach. I rith an ama beidh cairde is gaolta na n-andúileach ar a míle dícheall ag iarraidh iad a thabhairt slán. Beidh siad ag tathant orthu cúrsaí athshlánaithe a dhéanamh, déanfaidh siad a seacht ndícheall iad a chur ar a mboinn agus beidh siad de shíor ag iarraidh an plána mín a chur ar chúrsaí. Ní bhíonn faic dá bharr acu ach briseadh croí.

Céard faoin gcostas a bhaineann leis seo don tsochaí? Tá a fhios ag an saol agus a mháthair go bhfuil an córas sláinte i ngalar na gcás: easpa acmhainní, plódú sna seomraí éigeandála, agus foireann oibre atá in ísle brí. Ní féidir a shéanadh ach go slogann mí-úsáid drugaí agus alcóil acmhainní luachmhara ó chóras atá in umar na haimléise. Nílim ag maíomh gur cheart cúram sláinte a cheilt ar éinne ach caithfear a bheith ionraic faoi na cúrsaí seo.

Tá nasc láidir idir drugaí/alcól agus iompar frithshóisialta, drochíde baile, foréigean agus coiriúlacht. Tá cultúr an óil fréamhaithe go domhain i gcultúr na n-óg sa tír seo agus níl bliain dá dtéann thart nach gcloistear faoi thragóidí foréigneacha, truamhéalacha ina bhfuil an t-ól/drugaí ina lár istigh. Cé nach féidir é a fheiceáil i gcónaí is fadhb fhorleathan, dhíobhálach é an drochíde baile, níos minice ná a mhalairt tá baint lárnach ag alcól agus drugaí léi. Arís eile déantar beagán den bhaint atá ag an ól/drugaí leis an bhfadhb.

Is mór an t-iomard í an andúil agus an mí-úsáid a bhaineann le halcól/ drugaí; ní hamháin don duine féin ach dá dhaoine muinteartha agus an tsochaí go ginearálta. Ní dóigh liom go bhfuilimid mar shochaí tar éis aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb mar is ceart. Tugaimid an chluas bhodhar d’achainí ar bhreis acmhainní agus déanaimid neamhaird ar an mí-úsáid atá inár dtimpeall, go mór mór i measc na n-óg. Dar liom go gcaithfimid meon aigne níos aibí, agus polasaithe dá réir, a tharraingt chugainn féin má tá uainn tabhairt faoi na dúshláin seo ar shlí éifeachtach.