Gníomhaíocht 1:
An teideal: Is glas iad na cnoic i bhfad uainn
- Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
- Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
- Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
- Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.
Gníomhaíocht 2:
- Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
- Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
- Struchtúr Scéil:
- Cruthaigh an comhthéacs
- Tarlaíonn eachtra tábhachtach
- An chríoch/an réiteach
Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.
- Cé hé/hí an príomhcharachtar?
- Cén sórt duine é/í?
- Cad atá uaidh/uaithi?
- Céard atá ag cur as dó/di?
- Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
- Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
- Cén uair?
- Cén áit?
- Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
- Cad deir sé/sí?
- Cad deirtear léi?
- Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
- Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
- Cad a athraíonn?
- Cén chaoi a mbíonn rudaí ag an deireadh?
Gníomhaíocht 3:
Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:
- gan choinne
- ní mar a síltear a bhítear
- aniar aduaidh
- tháinig an tuar faoin tairngreacht
- ísle brí
- fíorú brionglóide
- in ainneoin
- taitneamh agus tairbhre
- chaith mé mo hata le/leis
- deis a thapú
Tosaigh ag scríobh
Gníomhaíocht 4:
Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
Gníomhaíocht 5:
Seo an chéad alt as aiste shamplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh?
Gníomhaíocht 6:
Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.
Gníomhaíocht 7:
Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?
Gníomhaíocht 8:
Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáilagus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn
Ní raibh ó Sheán riamh ach an sráidbhaile, An Droichead Beag, a fhágáil. Mheas sé riamh go raibh an áit ró-iargúlta agus róbheag. Mheas sé go raibh na daoine cúngaigeanta agus go raibh saol níos sofaisticiúla dlite dó. Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain cén fáth ar fhill sé ar an bhfód dúchais in aon chor.
Sé bliana roimhe sin a thug sé aghaidh ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le céim a bhaint amach. Bhain sé taitneamh agus tairbhe as na blianta sin agus bhí drogall air saol na cathrach a fhágáil ina dhiaidh; ach ní fhéadfaí droim láimhe a thabhairt do phost buan, bhuel sin é a dúirt a thuismitheoirí leis arís agus arís eile.
Dúirt Seán leis féin go mbainfeadh sé triail as. Anois bhí dhá bhliain caite aige sa mbaile agus mhothaigh sé sáinnithe, plúchta. Bhí cairde aige ceart go leor agus bhí sé sáite sa chumann peile ach fós ní raibh sé sásta. Bhí an post taitneamhach go leor fiú ach níorbh é sin an cineál saoil a bhí leagtha amach aige dó féin. Ní raibh ann ach an sop in áit na scuaibe.
Nuair a thug Liam, cara leis ón gcoláiste, cuireadh dó teacht chun cónaithe leis i Nua-Eabhrac ní fhéadfadh sé an deis a scaoileadh thairis. Cuireadh an dlaoi mhullaigh ar an scéal nuair a dúirt a chara go mbeadh sé in ann cabhrú leis post a fháil. Ní raibh uaidh ach gaoth an fhocail. Mí ina dhiaidh sin, d’ardaigh sé a sheolta leis go Meiriceá.
Ar dtús bhí Seán ar mhuin na muice. Bhí buíon nua chairde aige, post breá agus é ag maireachtaint i gcathair shuaithinseach. De réir a chéile thosaigh rudaí ag athrú. Ní raibh an pá chomh maith sin, go mórmhór agus costais chomh hard sin i Nua-Eabhrac. Bhí an post ag éirí níos deacra agus a bhas ag éileamh níos mó oibre. Bhí sé deacair bualadh le cairde óir go raibh siad an-ghnóthach agus iad scaipthe ar fud na cathrach. Bhí Liam ag siúl amach le cailín agus is annamh a bhíodh sé san árasán.
Ba mhinic nach sroicheadh sé an t-árasán go dtí a 9.00 istoíche agus go mbíodh gach deireadh seachtaine á chaitheamh aige leis féin. Thosaigh sé ag smaoineamh go maoithneach ar an mbaile. An post réidh a bhí aige, an chuideachta leis an bhfoireann peile, an spraoi sa teach tábhairne áitiúil, fiú na seanphlandaí a bhíodh caite cois cuntair. Is cinnte gur airigh sé uaidh béilí blasta a mháthar go mórmhór nuair a d’fhéach sé ar an dinnéar réamhdhéanta is déanaí a bhíodh os a comhair amach.
Ní raibh an bhliain féin caite ag Liam i Meiriceá nuair a chinn sé filleadh ar an bhfód dúchais. Níor chathair mar a tuairisc í. Bhí cumha air i ndiaidh an bhaile. Ar ámharaí an tsaoil bhí a phost sa mhonarcha áitiúil ar fáil i gcónaí dó agus bhí a fhios aige go gcuirfeadh a mhuintir, a chairde agus a chomhghleacaithe fáilte chroíúil roimhe. Bhí sé éadromchroíoch ag bordáil an eitleáin. Agus aerárthach Aer Lingus san aer d’fhéach sé síos ar an gcathair mhór a bhí sé a fhágáil ina dhiaidh. Bliain ó shin mheas sé go bhfíorófaí a bhrionglóidí inti. Ní mar a síleadh a bhí. Labhair Séan go ciúin leis féin: ‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ach is minic nach mbíonn siad féarmhar.’