Is mó sin staraí a chuir ábhar bunúil ar fáil sa Ghaeilge, mé ag smaoineamh go háirithe ar Bhreandán Ó Buachalla, Seán Ó Lúing, Leon Ó Broin agus Liam Ó Caithnia, a thug léargas dúinn orainn féin agus ar ár muintir, agus ar bhochtaide go mór sinn dá n-uireasa.
Seanphort ag cuid againn brath na staraithe oifigiúla ar fhoinsí Béarla agus stáit amháin, rud a fhágann go mbraithimid gur deoraithe sinn sa tír a mbíonn siad ag clabaireacht fúithi go minic.
Ní mar sin do Vincent Morley.
Is é an staraí is dílse (duine den fhíorbheagán) a bhaineann leas riachtanach as foinsí na Gaeilge ina chuid taighde.
Dúrtsa féin gurb é an leabhar uaidh The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland saothar a raibh mé ag feitheamh leis fad mo bheatha.
Agus is in Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann a léiríonn sé an tuiscint a bhí againn orainn féin riamh anall.
Cnuasach scríbhinní is ea Cúrsaí Staire: Aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire (Coiscéim €10). Agus mar a deir siad sa chlíché is coitianta amuigh (mo leithscéal), is é atá ann go díreach mar atá ar an stán/teideal/gclúdach.
Ba dhóigh leat gur cúrsaí na hÉireann is mó a bheadh i dtreis aige sna haistí seo, ach tá oiread sin eile ann mar gheall ar stair an domhain agus scríobh na staire féin.
Ina measc siúd mar ábhair tá an chéad chogadh mór, neamhspleáchas – nó easpa neamhspleáchais – na hAlban agus na Catalóine, Conradh na Gaeilge agus an pholaitíocht, dialanna, cúirteanna éigse agus Cath Chluain Tarbh gan dul níos sia leis an liostáil. Is é is tábhachtaí ná go bhfuil gach ceann de na haistí seo greanta agus solasmhar agus go mbíonn súil eile á caitheamh thart aige iontu ar na hábhair a bhíonn idir chamáin phléite.
Fairis sin, tá na haistí seo argóinteach, áititheach agus ní mian leis suí ar an gclaí in aon chonspóid díobh.
Agus is iad conspóidí na staire agus na staraithe is ansa leis. Gabhann chun cogaidh deas is clé le daoine mór le rá a bhfuil glacadh go saonta agus go fairsing lena seasamh. B’fhéidir gurb é Habermas agus a theoiric mar gheall ar an ‘spás poiblí’ agus an mí-leas a baineadh as abhus is binne leis tabhairt faoi.
Mar a deir sé, ‘Fógraím gur fáidh bréagach é Jürgen Habermas agus diúltaím dá “spás poiblí”’. Anois duit! Níl aon téis dá gcuireann sé ar aghaidh nach soláthraíonn sé leorfhianaise agus tuilleadh mar thaca léi. Cuireann sé na saigheada trí Eric Hobsbawm, Peter Hart agus an t-irisleabhar Irish Historical Studies chomh maith céanna. Léiríonn go láidir an leanúnachas trí stair na hÉireann in aghaidh na n-údar nach bhfeiceann ann ach ‘discontinuities’.
Is féidir athscríobh na staraithe a thabhairt ar éirim an leabhair seo, nach bhfuil oiread is aiste amháin ann nach bhfuil inspéise agus spreagúil. Fairis sin, tá greann ciúin, tur ag sní go seolta trína chuid próis, rud a fhágann nach ea amháin go bhfuil eolasach, ach pléisiúrtha chomh maith.
Colm
maith thú alan. an cheart ar fad agat. scríobh den scoth sna leabhair
Fearn
Ba mhaith liom crochadh as sciota bharúil Alan anseo.
Togha leabhar.
Fearn
Gabhaigí agam!
Shíl mé “sciorta” a scríobh.
Seo an litir fhiáin a d’imigh le haer an tsaoil! “r”