Scoláireachtaí mór le rá bronnta ar iardhaltaí Gaelscoile

Bronnann an tAcadamh Ad Astra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, scoláireachtaí ar mhic léinn a rinne gaiscí ar leith sa réimse acadúil, sna taibh-ealaíona nó sa spórt

Scoláireachtaí mór le rá bronnta ar iardhaltaí Gaelscoile

Mic Léinn in Acadamh Ad Astra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Pictiúr: Chris Bellew /Fennell Photography

Bhí iardhaltaí Gaelscoile ina measc siúd ar bronnadh scoláireachtaí mór le rá orthu ag ócáid ag bhí ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le gairid.

Bronnann an tAcadamh Ad Astra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, scoláireachtaí ar mhic léinn a dhéanann gaisce ar leith i réimsí na hacadúlachta, na dtaibh-ealaíon nó an spóirt agus d’éirigh le seachtar iardhaltaí Gaelscoile scoláireachtaí a fháil ag an searmanas speisialta.

Bhí cúigear a d’fhreastail ar Choláiste Íosagáin ina measc chomh maith le dalta amháin as Coláiste na Coiribe i nGaillimh agus duine as Gaelcholáiste Cheatharlach.

Bíonn ar mhic léinn ar a laghad 6 Ghrád H1 a bhaint amach san Ardteistiméireacht chomh maith le gaisce a dhéanamh taobh amuigh den seomra ranga chun cur isteach ar scoláireacht Ad Astra.

Den chúigear as Coláiste Íosagáin ar tugadh aitheantas dóibh, bronnadh scoláireachtaí Ad Astra Acadúil ar Shadhbh Ní Ghráda, atá ag plé le Dlí le Polaitíocht anois; ar Sarah Ní Laoide, atá ag staidéar cúrsaí Leighis; agus ar Cybi Nic Gearailt, atá ag staidéar na Staire agus na Nua-Ghaeilge.

Cybi Nic Gearailt, Michelle Carey, Niamh Carey, Sadhbh Ní Ghráda, Katherine Egan, Seán Delap (Príomhoide Choláiste Íosagáin), Sadbh Ni Ghrada agus Sarah O’Laoide. Pictiúr: Chris Bellew/Fennell Photography

Fuair beirt eile ón scoil lán-Ghaeilge sin i Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath scoláireachtaí Ad Astra sa Spórt, sin iad an cúpla as clann Carey, a bhfuil gaiscí bainte amach acu sa haca. Tá Michelle ag déanamh céime san Innealtóireacht Bhithleighis agus tá a deirfiúr Niamh ag tabhairt faoi chéim san Eolaíocht.

Tugadh scoláireacht Ad Astra Spóirt chomh maith do Dhónal O’Shea, iardhalta de chuid Choláiste na Coiribe i nGaillimh. Roghnaíodh O’Shea, atá anois ag tabhairt faoi chéim san Eacnamaíocht agus Airgeadas, mar Iománaí na Bliana nuair a bhuaigh foireann mhionúir na Gaillimhe Craobh na hÉireann in 2018.

Dónal O’Shea agus Móirín Nic Fhlannchadha ó Choláiste na Coiribe. Pictiúr: Chris Bellew/Fennell Photography

Bronnadh scoláireacht Ad Astra Acadúil ar Aidan Sloyan, a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste Cheatharlach agus atá anois ag déanamh céim san Eacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Is fiú €3,000 sa bhliain scoláireacht Ad Astra, chomh maith le roinnt buntáistí eile ar nós lóistín speisialta agus meantóir acadúil.

Cláraitheoir An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Mark Rogers agus Aidan Sloyan. Pictiúr: Chris Bellew/Fennell Photography

Ina measc siúd a raibh scoláireachtaí Ad Astra acu, tá an rámhaí Paul O’Donovan, an lúthchleasaí Mark English agus imreoirí rugbaí na hÉireann, Garry Ringrose agus James Ryan.

 

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí mór le rá bronnta ar iardhaltaí Gaelscoile'

  • Richie Ó Mathúna

    Go raibh maith agat as an alt seo a chur i láthair. D’fhreastal ladhair maith eile do na scoláirí seo ar bhunscoileanna lán ghaeilge ina measc beirt ghearchaille Uibh Fháilí a d’fhreastal ar Gaelscoil an Eiscir Riada sa Tulach Mhór!