Tá sé deimhnithe ag an eagraíocht Gaelscoileanna nach mbeidh siad ag tacú le polasaí na Roinne Oideachais aonaid Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla feasta.
Tá an eagraíocht oideachais ag éileamh go mbunófaí aonaid Ghaeilge a bheadh ag feidhmiú mar “scoileanna satailíte faoi chúram iarbhunscoil lán-Ghaeilge go mbeidh an stádas neamhspleách bainte amach”.
Níor cheart aonaid Ghaeilge a bhunú “mura mbíonn tumoideachas iomlán ar fáil mar pholasaí agus mar chleachtas” a deir Gaeloideachas.
Tá Gaeloideachas ag éileamh freisin go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna sainmhíniú ar fáil ar a bhfuil i gceist leis na haonaid reatha lán-Ghaeilge.
Dúirt Clár Spáinneach ó Ghaeloideachas go raibh an eagraíocht ag stocaireacht le blianta fada faoi fhiúntas na n-aonad Gaeilge i scoileanna Béarla.
Dúirt sí go raibh siad “buartha” go mbunófaí tuilleadh aonaid ar an mhúnla reatha agus gur gaelcholáistí neamhspleácha an rogha a bheadh á moladh ag Gaeloideachas.
Faoi mhúnla reatha na n-aonad Gaeilge, níl “cinnteacht” ag tuismitheoirí go mbeidh oideachas lánGhaeilge ar fáil dá bpáistí.
“Gaelcholáistí neamhspleácha an múnla is fearr chun an tumoideachas a chur ar fáil agus tá sin cruthaithe ag taighde idirnáisiúnta,” a dúirt Clár Spáinneach le Tuairisc.ie.
Tuigtear go bhfuil an múnla nua – scoileanna satailíte faoi chúram iarbhunscoil lán-Ghaeilge – mar atá á éileamh ag Gaeloideachas molta mar réiteach fadtéarmach ar na deacrachtaí i gColáiste Lú ó thús na scoilbhliana.
Tá a bhfuil i ndán do Choláiste Lú, aonad Gaeilge atá ag feidhmiú i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan, idir dhá cheann na meá toisc titim mhór a bheith ar líon na n-ábhar atá á gcur ar fáil i nGaeilge san aonad.
Dúirt urlabhraí Ghrúpa tuismitheoirí Choláiste Lú, Aidan Kinsella le Tuairisc.ie, go bhfuil siad ag glacadh leis anois go bhfuil deireadh le Coláiste Lú agus gur deis a bheadh i scoil satailíte “tús úr a chur le hoideachas lán-Ghaeilge i nDún Dealgan”.
Mairéad
Is naíscoileanna dhátheangacha iad na naíscoileanna Gaeltachta le “haonaid” dos na cainteoirí dúchais i gcuid acu.
Níl treoir dá laghad sa bPolasaí Oideachais Gaeltachta dos na naíscoileanna.
Braitheann gach rud ar na coistí agus is deacair seasamh a thógáil chun na cainteoirí ó dúchais a chosaint ó bhrú an Bhéarla.