Sciath chosanta ag na ciontóirí í an rúndacht

Ualach trom iad iarmhairtí na mí-úsáide ar mheabhairshláinte agus ar shláinte choirp freisin

Sciath chosanta ag na ciontóirí í an rúndacht

Más ar líne nó go pearsanta a dhéantar iad coinníonn an rúndacht borradh faoin bpéidifilia agus an dúmhál. Chothaigh an fhaisnéis a tháinig chun solais i gcúirt i mBéal Feirste faoi choireanna an fhoghlaí phéidifileach Alexander McCartney scéin i measc tuismitheoirí agus daoine óga. Údar alltachta ab ea é fiú ag daoine a bhfuil i bhfad an iomarca foghlamtha acu faoi mhí-úsáid ghnéis i scoileanna, eaglaisí, cumainn spóirt agus san teaghlach, chomh maith leis an gcoiriúlacht ar líne.

‘Conas is féidir daoine óga a choinneáil slán?’ an cheist a cluineadh i siopaí, i dtithe ósta, ag cluichí peile, ar bhusanna, ar thraenacha agus i gciúnas na hoíche sna céadta teach cónaithe.

Gearradh téarma príosúin fiche bliain, ar a laghad, ar Alexander McCartney, 26 as ceantar an Iúir as 185 coir in aghaidh 70 páiste, dúnorgain Cimarron Thomas, 12, in West Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 50 cás dúmháil san áireamh. Bhí 64 gaireas aige ina sheomra agus é ag cur an chluain go fíorúil ar chailíní idir 10 mbliana d’aois agus 16 ar fud na cruinne ar mheáin shóisialta, Snapchat go háirithe.

Áirítear go bhféadfadh go ndearna McCartney mí-úsáid ar 3,500 páiste ar fad cé go raibh an cás cúirte teoranta do 70. Dúirt Aire Cirt Stormont, Naomi Long, gur baolach nach mbeifear in ann na híobartaigh ar fad a aithint choíche chun cabhrú leo. Rinne póilíní i 30 tír a ndícheall chun gach páiste a aimsiú agus leanfar leis an obair sin, ar sí. D’achainigh sí ar íobartaigh McCartney nó daoine a ndearna ciontóir eile mí-úsáid orthu teagmháil a dhéanamh le póilíní nó labhairt le duine fásta iontaobhach.

Bhí McCartney in ann iallach a chur ar na cailíní gníomhartha gránna a dhéanamh ina n-aonar nó le páistí eile ar cheamara ar líne toisc go raibh faitíos orthu go dtaispeánfadh sé pictiúir mhíchuibhiúla a mheall sé uathu nuair a bhí sé ag ligean air gur chailín óg é féin. Níl aon chúis náire agaibh, arsa Naomi Long, is mar íobartaigh a chaithfear libh agus beidh tacaíocht le fáil.

Seans gur furasta é a rá ná é a dhéanamh. I bhfianaise na scannal atá tagtha chun solais faoi mhí-úsáid ghnéis sa tír seo, thuaidh agus theas, is maith atá a fhios go mba sciath chosanta ag na ciontóirí í an rúndacht. D’éirigh leo a chinntiú gur fhan na híobartaigh ina dtost ar feadh blianta le teann náire, é curtha ina luí orthu gurb iad féin a bhí freagrach.

Bhí an tost sin marfach uaireanta; fearacht an chailín óig in West Virginia, Cimarron Thomas a chuir láimh ina bás féin (mar a rinne a hathair an bhliain dár gcionn i ngeall ar bhás a iníne) is iomaí duine a mharaigh é/í féin de thoradh mí-úsáide. Ualach trom iad iarmhairtí na mí-úsáide ar mheabhairshláinte agus ar shláinte choirp freisin.

Tá liosta fada de dhúshláin le sárú idir bhearta chun téarnaimh agus obair choisctheach.

Conas cearta na n-íobartach a chosaint agus cuidiú leo bisiú ón mhí-úsáid. Misneach a thabhairt d’íobartaigh an tost a bhriseadh.

Lucht na n-ionsaithe a aithint, a chúiseamh agus a chiontú; iad a athshlánú más féidir ach a chinntiú nach gciontóidh siad arís. Maidir le mí-úsáid ar líne tá sé thar am corparáidí idirlín a chur faoi bhrí an dlí.

Is beag an dóchas ag éinne go mbogfaidh na comhlachtaí a dhéanann saibhreas as meáin shóisialta chun sábháilteacht daoine óga a chosaint. Tá sé fánach an cúram a fhágáil orthu dá ndeoin féin. Ní mór do rialtais gníomhú chun dualgas reachtúil a chur ar na gnólachtaí ilnáisiúnta agus a chinntiú ansin go gcuirfear dlíthe i bhfeidhm.

Sí an obair choisctheach eile a bhí ag dó na geirbe ag tuismitheoirí óga ó cheann ceann na tíre i ndiaidh chás McCartney. Tá a fhios ag cait an bhaile go bhfuil móramh mór de pháistí níos aclaí agus níos cliste ná a dtuismitheoirí ar an idirlíon agus ar mheáin shóisialta. Caithfear na srianta teicniúla cuí a úsáid agus tá práinn le hoideachas agus comhráití oscailte. Ní mór na ceisteanna a scrúdú ar scoil agus sa bhaile, a bheith síor-airdeallach.

Ní bhíonn na cúiseanna chomh drámatúil, chomh líonmhar ná chomh hidirnáisiúnta leis na coireanna a raibh McCartney ciontach astu ach is ar éigean a théann mí tharainn nach mbíonn cás sa chúirt faoi mhí-úsáid ar líne, íomhánna de mhí-úsáid pháistí de ghnáth. Cuma cé chomh glic maidir leis na meáin is atá teaghlach ní ribín réidh é a chinntiú nach gcuirfidh foghlaí an chluain ar dhuine óg a shíleann nárbh fhéidir bob a bhualadh orthu.

Fág freagra ar 'Sciath chosanta ag na ciontóirí í an rúndacht'