Scéinséir aigneolaíochta agus slaiseála ar an seandéanamh i Green Room

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Saothar slachtmhar é Green Room nach dtéann i muinín na culaithe gaisce ná na maisiúchán costasach, mearbhlach

Screen Shot 2016-05-19 at 20.11.29.png

Green Room

Stiúrthóir: Jeremy Saulnier

Cliar: Anton Yelchin, Imogen Poots, Patrick Stewart, Joe Cole, Ali Shawkat, Callum Turner.

Scéinséir aigneolaíochta agus slaiseála ar an seandéanamh atá againn anseo. Saothar nach dtéann i muinín na culaithe gaisce ná na maisiúchán costasach, mearbhlach. Ní arrachtach ón saol faoi-thoinn nó ón spás amuigh atá i láthair le creathadh a bhaint asainn. Ní hea ach an neach is scanrúla ar fad acu, an duine daonna. Sa chás seo úsáidtear maolchinn naitsíocha, seanfhondúirí earnáil na mbithiúnach, le fuarallas a chur trínn amach. 

Ag tús an scannáin címid an banna punc-rac, The Ain’t Rights ar chósta Oregon is iad ar camchuairt gan dealramh lena gcrústa a thuilleamh. Dream caithiseach go maith; iad cúthail, ait agus beagfhoclach. Daoine astu féin atá gafa lena gceol, más ceol a thabharfá ar an mbéiceadh a dhéanann siad. Ba chúis gáire chugam an radharc ina bhfuilid ag casadh ar a ndícheall i mbialann agus gan ach cúpla duine fánach lucht féachana acu.

Níl go maith agus níl go holc go dtí go gcuireann leábharaic ar a n-aithne ar bhóthar a n-aimhleasa iad trí ghig a chur in áirithe dóibh i gclub atá ar an iargúil agus go dtaithíonn maolchinn é.

Nuair a bhíonn a gcúraimí ar stáitse curtha díobh acu bailíonn siad a gcip is a meanaithe ar a chéile le tabhairt faoin mbóthar arís.  De gheit tagann siad ar dhúnmharú i seomra glas an teidil. Tá an lasair sa bharrach. Cad é corrabhuais, sceon agus anbhá. Cuirtear iad faoi ghlas sa seomra. Tagann ceann feadhna le Patrick Stewart ar an láthair leis an bplána mín a chur ar chúrsaí ach ní fada go mbagraíonn sé gríosach.

Is é atá sa chuid eile den scannán ná iarrachtaí na meithle éalú ó shrathair an fhoréigin. Sceanairt á déanamh acu ar a chéile. Íomhánna glinne foréigin ag baint stangadh asainn; gadhair, gunnaí, múchtóir tine agus lanna de gach saghas á láimhseáil chun troda. Carachtair á gcur de dhroim seoil go tiubh,  rud  a choimeádann ar ár mbarraicíní sin.

Uisce faoi thalamh i measc na gcarachtar, nithe eile faoin talamh i ndáiríre.

Carúlacha grinn á gcaitheamh a chinntíonn go bhfuil cantam éigin den ghreann i measc an scliúchais. 

Faoi mar a luas thuas níltear ag brath ar na maisiúcháin leis an scéal a iompar nó le heasnaimh a chúiteamh. Déantar suan na muice bradaí a ghiniúint ón tús agus tá láthair na brúidiúlachta simplí ach thar a bheith cuí. Ina theannta sin oireann tírdhreach gruama, tais, oirthuaisceart Mheiriceá don atmaisféar tuarúil.

Tugann an cliar taispeántas ábalta uathu. Is ceann feadhna leochaileach é Pat (Yelchin) gur féidir ionannú leis agus gur laoch réalaíoch é dá bharr. Ní hé seo an ról is dual do Patrick Stewart ach tugann sé faoi charachtar an bhithiúnaigh le fonn agus le cumas, rud is dual dó. Beireann Amber (Poots) barr bua ar gach duine eile; carachtar réalaíoch, greannmhar a dtagann claochlú uirthi.

Ní háin le gach aon duine táirgí ó iomaire an uafáis.

Más áin, is fiú do shúil a chaitheamh ar an saothar seo.

Fág freagra ar 'Scéinséir aigneolaíochta agus slaiseála ar an seandéanamh i Green Room'

  • padraig

    alt oilte, fite, dluth eile on nGearaltach,….ni fear sceinseiri mise ach b’fheidir go ndeanfad eisceacht an troig seo…ar thoir an ghrinn trid an gcro