Scéim thairbheach d’íobartaigh nó cleas ar mhaithe leis an Eaglais Chaitliceach?

Sí deoise an Droma Mhóir an chéad cheann sa tír a thairg scéim chúitimh do dhaoine a ndearna baill den chléir nó daoine eile faoi bhrat na hEaglaise ionsaithe ‘domhaite, dochosanta, déistineacha’ orthu

Scéim thairbheach d’íobartaigh nó cleas ar mhaithe leis an Eaglais Chaitliceach?

Tharraing an scéim a d’fhógair an tArdeaspag Eamonn Martin aird an phobail. Céim stairiúil i stair achrannach na hEaglaise Caitlicí i dtaca le mí-úsáid ar dhaoine óga is ea í.

Sí deoise an Droma Mhóir an chéad cheann sa tír a thairg scéim chúitimh do dhaoine a ndearna baill den chléir nó daoine eile faoi bhrat na hEaglaise ionsaithe ‘domhaite, dochosanta, déistineacha’ orthu nuair a bhí siad faoi bhun 18.

Liosta le háireamh iad na ceisteanna faoi chuspóirí agus feidhm na scéime. Thar aon ní is í an cheist mhór an sásódh an scéim cuid de na gearánaithe?

An chun tairbhe na n-íobartach í, trí scór go leith acu ar a laghad, ina measc an dá scór a d’fhulaing ré uafáis an Athar Malachy Finnegan? Nó an ar mhaithe léi féin a rinne an Eaglais Chaitliceach an cinneadh neamhchoitianta seo? An mó tairbhe a bheadh le baint ag an Eaglais as ná ag daoine a bhfuil dochar uafásach déanta dóibh? An gcuirfeadh an scéim ó dhoras aon fhiosrú críochnúil ar iompar na hEaglaise? An sábhálfadh sé deoise an Droma Mhóir ó bhancbhriseadh? An rith tástála é do dheoisí eile?

Cheadódh an plean d’aon duine ar deineadh mí-úsáid ghnéis, mí-úsáid chorpartha nó aigne nó mealltóireacht air idir 1950 agus deireadh na bliana 2010 cúiteamh agus cabhair ar nós seirbhís chomhairliúcháin a éileamh. Painéal neamhspleách a dhéanfadh cinneadh. Bheadh uasteorainn £80,000 ar íocaíochtaí. Tá timpeall £2.5 milliún ar fáil don scéim, ach dúirt an tArdeaspag Martin, riarthóir na deoise atá gan easpag ó 2018, go n-ídeofaí na hacmhainní go léir dá mba ghá. Sa gcás sin, mheas roinnt go bhféadfadh bancbhriseadh a bheith i ndán don Droim Mór.

Dúirt an tArdeaspag gur roghnaíodh an córas seo tar éis dó a dhul i gcomhairle le híobartaigh. Is léir go bhfuil cuid acu ag iarraidh cásanna cúirte agus poiblíocht a sheachaint, roinnt den bharúil nach mbeidís in ann ag an bplé poiblí sin ar a gcrá croí agus aigne. Is maith ann an scéim dá leithéidí siúd cé go bhfuil daoine áirithe ar fágadh drochbhail amach is amach orthu míshásta leis an uasteorainn ochtó míle ar chúiteamh.

Tá suimeanna i bhfad níos mó ná sin íoctha le gearánaithe a chuaigh chun cúirte cheana féin. Dúirt marthanóir atá ag cur an dlí ar an deoise i gcás sibhialta gur suarach an mhaise é don Eaglais an béal bocht a bheith aici faoi acmhainní na deoise. Cleas soiniciúil é chun teorainn a chur le costas agus damáiste agus ní bheadh aon bhaint aige féin le scéim an ardeaspaig, a dúirt sé.

Tá scata íobartach diongbháilte nach scuabfar i bhfolach ról na hEaglaise i leith mí-úsáideoirí. Teastaíonn fiosrú sna cúirteanna nó fiosrú poiblí ó roinnt d’iarscoláirí Choláiste Cholmáin ar an Iúr mar a raibh an foghlaí gnéis, an tAthair Malachy Finnegan, ina mhúinteoir ó 1967 go 1977 agus ina Uachtarán as sin go 1987. Maíonn siad go raibh fios ar fud an choláiste faoi iompar Finnegan le gasúir ó aois 11 ar aghaidh; bhuail sé buachaillí agus rinne sé ionsaithe gnéis ach ní dhearna na húdaráis tada.

Bhí an tAthair Finnegan ina shagart paróiste i ndeisceart an Dúin ina dhiaidh sin, áit ar lean an drochíde. Rinneadh liosta gearán le heaspag na linne, an Dr Brooks, a sheol an sagart go Sasana i 1994 le haghaidh cóir ‘leighis’. Níor tugadh tuairisc do na póilíní.

Nuair a fuair an tAthair Finnegan bás in 2002 bhí an t-easpag san Droim Mór, an Dochtúir John McAreavey ar dhuine de cheiliúraithe an Aifrinn ar a shochraid. Nuair a tháinig an t-eolas sin chun solais in 2018 d’éirigh an tEaspag McAreavey as a oifig. Níor ceapadh easpag nua ar an deoise bheag. Níl ach 23 paróiste ar fad inti agus seans nár mhiste í a chónascadh le hArd Mhacha nó le deoise an Dúin agus Chonaire.

Nochtann an scannal sa choláiste mór le rá chomh maith leis an chaoi ar láimhseáil an deoise na líomhaintí eile na heasnaimh mhóra chéanna ar an gcur chuige i leith na coiriúlachta seo. Ní ghabhfaidh scéim chúitimh faoi rún i ngleic leo sin.

Tá gach ceart ag aon duine gur mian leis é a dhul i muinín na scéime, níl aon cheist faoi sin.

Ach tá gach ceart ar fhiosrú oscailte ag na daoine gur mian leo a fháil amach cén fáth gur deineadh neamart iontu, gur ceadaíodh mí-úsáid orthu ar feadh sé nó seacht de bhlianta. Cérbh iad na daoine a bhí ar an eolas agus cathain? Ar pholasaí é ligint do pháistí fulaingt chun ‘eagraíocht’ na heaglaise a chosaint? Ní réiteofar na ceisteanna sin go ligfear do sholas na gréine scaladh ar an mbrocamas. Níl i bhfiosruithe faoi cheilt ach ceirín ar an gcneá.

Fág freagra ar 'Scéim thairbheach d’íobartaigh nó cleas ar mhaithe leis an Eaglais Chaitliceach?'

  • Anne Adams

    Nil aon feabhas ann

  • Éamonn Ó Gribín

    Níl aon amhras, ach gur cleas soiniciúil é chun teorainn a chur le costas agus damáiste ar mhaithe leis an Eaglais Chaitliceach.

    Is mór an náire thú a Ardeaspaig Eamonn Martin!