Scéim nua bunaithe chun comhairle i nGaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge

Is féidir seisiún comhairle le saineolaí i réimse leathan ábhar a fháil ar chostas Ghlór na nGael

Scéim nua bunaithe chun comhairle i nGaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge

Is féidir le tuismitheoirí comhairle a fháil i nGaeilge faoi réimse leathan ábhar faoi scéim nua atá bunaithe ag Glór na nGael. 

Is féidir comhairle i nGaeilge a fháil ar 16 ábhar éagsúla, bíodh sin fonn léitheoireachta a chothú i bpáiste, an dátheangachas nó feabhas a chur ar scileanna sóisialta linbh.

Íocfaidh Glór na nGael as seisiún amháin le saineolaí.

An tuismitheoir ar mhaith leis nó léi tabhairt faoi sheisiún tacaíochta ar cheann de na téamaí atá i gceist is féidir leo dul go dtí suíomh Teanga Tí agus foirm iarratais a líonadh isteach. Cuirfear iad i dteagmháil go díreach leis na saineolaithe ansin.

Má ghlactar le hiarratas íocfaidh Glór na nGael as an gcéad seisiún, a dhéanfar ar Zoom. 

Má bhíonn tuilleadh seisiún ag teastáil is faoin tuismitheoir é sin a phlé agus a shocrú go neamhspleách leis an saineolaí.

Réimse na dtéamaí:

  • An Dátheangachas 
  • Sóisialú Teanga le páistí 
  • Ag Cothú Fonn Léitheoireachta 
  • Gníomhaíochtaí agus Spraoi sa Bhaile 
  • Ag Tógáil Páistí le Gaeilge 
  • Forbairt Teanga agus Urlabhraíochta 
  • Uathachas agus Teiripe Urlabhra & Teanga 
  • Stadaireacht 
  • Fadhbanna Fuaimeanna a rá 
  • Deacrachtaí Teanga a Úsáid agus a Thuiscint 
  • Disléicse agus fadhbanna Urlabhraíochta agus Teanga 
  • Fadhbanna le scileanna sóisialta 
  • Bailbhe roghnach 
  • Páistí i suíomh ina bhfuil coimhlint/scaradh idir tuistí 
  • Comhthuismitheoireacht 
  • Folláine mheabhrach an linbh 

Fág freagra ar 'Scéim nua bunaithe chun comhairle i nGaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge'

  • Áine Ní Chleirigh

    A chara,

    Ba Aoibhinn liom thuilleadh eolais a fhail maidir leis an gcabhair atá ar fail. Ta inion amhain againn. Mile buíochas