FÉILTE

Scoil Gheimhridh Joe Steve
Beidh Scoil Gheimridh Joe Steve ar siúl i gCois Fharraige ón Déardaoin, an 22 Eanáir go dtí an Domhnach an 25 Eanáir in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna agus in ionaid eile ar fud an cheantair.
Beidh eagrán speisialta den chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta á chraoladh beo ó Scoil Gheimhridh Joe Steve maidin Dé hAoine. Cuirfidh gasúir Rang 5 agus 6 Scoil Náisiúnta Cholmcille léiriú de Pionta Amháin Uisce ar stáitse in ómós do Johnny Chóil Mhaidhc ag a 16.00 ar an Aoine i Halla na Tulaí agus é léirithe ag Bridie Ní Churraoin.
Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheolfaidh scoil na bliana seo go hoifigiúil Dé hAoine. Tá cead isteach in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré. Bronnfar duaiseanna na gcomórtas próis don óige i ndiaidh an seolta.
Tá clár na féile agus tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Amharclann Chois Fharraige.
Scoil Gheimhridh Chumann Merriman
Beidh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar siúl ón Aoine 23 Eanáir go dtí an Domhnach an 25 Eanáir in Óstán an Old Ground in Inis, contae an Chláir agus ag ionaid eile mórthimpeall air. Is é téama na bliana seo ná ‘An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge’.
Cuirfear tús leis an scoil ag 8.15pm Dé hAoine an23 Eanáir. Is é Domhnall Ó Loingsigh a dhéanfaidh an oscailt agus ina dhiaidh sin beidh Muiris Ó Raghallaigh agus Gearóidín Uí Laighléis i mbun allagair le Síle Ní Choincheanainn agus iad ag breathnú siar ar luathblianta An Ghúim. Cuirfear Siompóisiam an Ollaimh Redshaw ar bun maidin Dé Sathairn agus leanfar leis an bplé is na cainteanna i rith an lae.
Gach eolas maidir le ticéid agus clár na scoile le fáil anseo.
Féile dhátheangach Tonnta i nGaillimh
Beidh an fhéile dhátheangach Tonnta, tionscnamh de chuid Ghaillimh le Gaeilge, ar ais i mbliana ag deireadh seachtaine na Féile Bríde. I measc na n-imeachtaí, beidh ceolchoirm le Pádraig Jack, amhránaí as Árainn, Déardaoin an 29 Eanáir sa Taibhdhearc.
Dé hAoine 30 Eanáir, beidh an t-amhránaí Imelda May sa Dubhlann agus seó scéalaíochta agus amhrán aici ‘Raised on Songs and Stories’. Thug Imelda May turas ar fud na tíre le deireanas sa chlár teilifíse ar RTÉ, Imelda May: Amhráin na nGael, inar chas sí le hamhránaithe traidisiúnta le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim uathu.
I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun i rith na féile, beidh ceolchoirm le Bog Bodies sa Róisín Dubh, club oíche na mac léinn in Electric le Ferdia, Huartan x Trad Rave in Amharclann Mick Lally, agus go leor eile.
Féile Imbolc i nDoire
Beidh an fhéile cheoil idirnáisiúnta Imbolc ar siúl i gcathair Dhoire arís i mbliana ón 1-7 Feabhra. Déanann an fhéile ceiliúradh ar thraidisiúin an cheoil agus tá ceardlanna, ceolchoirmeacha, damhsaí agus taispeántais san áireamh sa chlár.
I measc na n-imeachtaí beidh An Crann Sí le Gráinne Holland ar siúl ar an 1 Feabhra i gCultúrlann Uí Chanáin ag 13:30. Tabharfar ardán do cheoltóirí nua ag an ócáid Imbolc Gan Síniú ar an 3 Feabhra ag 19:30 sa gCultúrlann freisin. Beidh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta ar stáitse i gCultúrlann Uí Chanáin ar an Aoine, 6 Feabhra ag 19:30.
Ticéid agus clár na féile le fáil ag anseo.
LEABHAIR
Leabhar faoi shiúlóidí dúlra á sheoladh ar son Ospís na Gaillimhe
Beidh an leabhar dátheangach, Siúlóidí Dúlra Ghaillimh S’Againne / Our Galway Nature Walks, le Joe agus Patrick McGinley, á sheoladh ar an 22 Eanáir ag Ospís na Gaillimhe ag a 14:00. Is í Máire Mairéad Ní Loideáin a sheolfaidh an leabhar agus beidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly i láthair ag an ócáid.
Tá cur síos sa leabhar ar chúig shiúlóid dúlra i gcathair na Gaillimhe, tá an t-ábhar ar fad i nGaeilge agus i mBéarla agus tá grianghraif áille síos tríd. Is é Siúlóidí Dúlra Ghaillimh S’Againne an t-ochtú leabhar i sraith leabhar faoi shiúlóidí ar fud iarthar na hÉireann. Tá na leabhar ar díol ar €15 an ceann, ar son Ospís na Gaillimhe. Beidh an leabhar ar díol ag an seoladh agus tá sé i Siopa Leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh freisin.
AMHARCLANNAÍOCHT
Geamaireacht i nGaoth Dobhair
Beidh an gheamaireacht Aladdin á cur ar stáitse ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair ón Déardaoin 22 Eanáir go dtí an Satharn an 24 Eanáir. Leagan nuascríofa den scéal traidisiúnta é seo agus é scríofa ag Ciarán Ó Gallchóir. Beidh sé ar stáitse ag 19:30 gach oíche. Ticéid ar €12 agus iad ar fáil ar an doras ar an oíche.
IMEACHTAÍ TEAGHLAIGH
Imeachtaí san athbhliain le Tuismitheoirí na Gaeltachta
Tá réimse imeachtaí teaghlaigh ar fud na tíre beartaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i mí Eanáir agus Feabhra. Beidh ‘Rannta, Amhrán agus Spraoi’ do pháistí réamhscoile i mBearna ar an 17 Eanáir i Súil Eile ag 12:30.
Cuirfear ‘Tithe na nÉan’ ar bun i Scoil Éinne sa Spidéal ar an 18 Eanáir ag 14:00 agus i mBearna ar an 24 Eanáir ag 14:00 agus é feiliúnach do ghasúir in aois bunscoile. Cláraigh le snicheide@tuismitheoiri.ie
Beidh ‘Comhrá Teaghlaigh’ ar bun i nGaelscoil Mhic Amhlaigh i gceantar Chnoc na Cathrach i nGaillimhe, ag tosú ar an 21 Eanáir ag 10:30 agus ag dul ar aghaidh uair sa tseachtain ag an am céanna ar feadh cúig seachtaine ina dhiaidh sin.
Cuirfear ócáid do thuismitheoirí atá ag súil le páiste ‘Babaí ar an mBealach’ ar bun i dTeach Jack i nGaoth Dobhair ar an 7 Feabhra ag 12:00. Cláraigh le eilin@tuismitheoirí.ie.
TEILIFÍS
Laochra Gael ar ais ar TG4
Beidh Laochra Gael, sraith teilifíse Chumann Lúthchleas Gael, ar ais ar TG4 ar an 22 Eanáir don cheathrú séasúr is fiche. Cuirfear ocht gclár nua i láthair sa tsraith agus ochtar Laochra Gael a rinne gaisce ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta ar leith acu is ábhar don tsraith. Tabharfar léargas ar a saol agus ar an gceangal atá acu lena spórt agus leis an domhan mórthimpeall orthu. Is í a ngairm sa spórt a bheidh mar bhunús ag na cláir ach pléifear níos mó ná sin sa tsraith seo agus beidh saol na laochra taobh amuigh de pháirc na himeartha ina ábhar spéise chomh maith.
Is é Conor McManus a bheidh sa gcéad chlár a chraolfar ar an 22 Eanáir ag 22:30. Den chéad uair riamh beidh deis i mbliana ag lucht féachana TG4 an chéad chlár eile sa tsraith a fheiceáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraolfar ar an teilifís é. I measc na ndaoine eile a bheidh faoi chaibidil sa tsraith, beidh Cyril Farrell, Grace Walsh, Marty Clarke, Pádraig Horan, Neil McManus, Louise Ní Mhuircheartaigh, agus Kevin McManamon.
RAIDIÓ

Sceideal na hathbhliana faoi lán seoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuireadh tús le sceideal na hathbhliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo agus réimse clár speisialta beartaithe don tréimhse idir seo agus deireadh na míosa. Bhí an clár Tús Áite ag craoladh beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an Déardaoin, 15 Eanáir agus comóradh céad bliain den chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn á sheoladh go hoifigiúil.
Leanfaidh an tsraith ceoil Beo ón gCuan ar aghaidh i rith mhí Eanáir agus plúr na ngrúpaí traidisiúnta le cloisteáil. Éist siar le Shaskeen agus Dordán, agus éist isteach le Steve Cooney agus Breanndán Ó Beaglaíoch ar an 22 Eanáir.
Beidh comórtas Bonn Óir Sheáin Uí Riada á chraoladh beo ó Óstán Rochestown Park i gcathair Chorcaí, agus é á chur i láthair ag Peadar Ó Riada. Ná caill féasta ceoil ó Thionól Ceoil Nioclás Toibín, féile amhránaíochta agus ceoil i nGaeltacht na nDéise, a bheidh ar an aer idir an 31 Eanáir agus an 3 Feabhra. Beidh eagráin speisialta de An Saol Ó Dheas le Sláine Ní Chathalláin agus Ceol Binn Ó Na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha á gcraoladh ón bhféile.
Fág freagra ar 'Sceideal nua RnaG, Scoil Gheimhridh Joe Steve, Laochra Gael TG4, Geamaireacht Ghaoth Dobhair agus Scoil Gheimhridh Merriman'