Breithiúnas maidir le hachomharc faoi chás sceimhlitheoireachta in aghaidh rapálaí Kneecap curtha siar

Éisteadh ar feadh an lae inniu san Ard-Chúirt i Londain an cás achomhairc a thug Seirbhís Ionchúisimh na Corónach i gcoinne an chinnidh cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh a chaitheamh amach an fómhar seo caite

Breithiúnas maidir le hachomharc faoi chás sceimhlitheoireachta in aghaidh rapálaí Kneecap curtha siar

Tabharfar breithiúnas lá níos faide anonn faoi achomharc i gcoinne an chinnidh cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, an rapálaí ‘Mo Chara’ ó Kneecap, a chaitheamh amach an fómhar seo caite.

Bhí an t-achomharc os comhair na hArd-Chúirte sna Cúirteanna Ríoga Coiriúla i Londain inniu.

Ag deireadh na héisteachta, dúirt an Breitheamh Andrew Edis go gcuirfeadh sé féin agus an Breitheamh Thomas Liden a mbreith sa chás ar fáil i scríbhinn ar líne amach anseo.

“Is dócha nach mbeidh gá le héisteacht eile mar tá na himpleachtaí a bhainfidh le pé cinneadh a dhéanfaimid sách soiléir,” arsa Liden.

“Má sheasaimid le cinneadh an phríomh-bhreithimh [sa chúirt dúiche] agus má aontaímid leis, seasfaidh an rialú a rinne sé.

“Mura ndéanfaimid sin rachaidh sé [an cás] siar [go dtí an chúirt dúiche] ionas gur féidir leis féin nó duine dá chomhghleacaithe é a éisteacht agus déileáil leis.”

Dúirt an Breitheamh gur chualathas “go leor” sa chúirt inniu a thabharfadh lón machnaimh dó féin agus dá chomhghleacaí, an Breitheamh Liden.

Éisteadh ar feadh an lae inniu san Ard-Chúirt i Londain an cás achomhairc a thug Seirbhís Ionchúisimh na Corónach in aghaidh bhreith Paul Goldspring, an breitheamh a chinn an cás a chaitheamh amach sa chúirt dúiche.

Caitheadh amach i mí Mheán Fómhair seo caite an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh Uí Annaidh a raibh sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat mar thacaíocht le Hezbollah ag ceolchoirm.

Caitheadh an cás amach ar an mbonn gur tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “go neamhdhleathach” agus go raibh “siad ar neamhní” dá bharr.

Mhaígh lucht an ionchúisimh gur dearmad a bhí sa chinneadh sa chúirt dúiche agus go raibh “pointe tábhachtach dlí” i gceist a chaithfí “a shoiléiriú”. Mhaígh lucht cosanta Liam Óig Uí Annaidh go raibh an ceart ar fad ag Paul Goldspring.

An cheist bhí á cíoradh sa chúirt inniu ná an raibh an ceart ag Goldspring nach raibh tús curtha in am leis na himeachtaí dlí in aghaidh Uí Annaidh toisc nach bhfuarthas cead an Ard-Aighne in am.

Mhaígh lucht dlí Liam Óig Uí Annaidh inniu go raibh an ceart ag an mBreitheamh sa chúirt dúiche agus nach raibh aon dlínse ag an gcúirt sin sa chás. Dúirt siad go gcaithfeadh comhleanúnachas a bheith sa dlí agus nach raibh loighic dá laghad leis an maíomh go ndéantar imeachtaí dlí a thionscnamh níos mó ná uair amháin.

Mhaígh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gur leor faoin reachtaíocht sceimhlitheoireachta go raibh cead an Ard-Aighne faighte sula ndeachaigh Ó hAnnaidh os comhair na cúirte den chéad uair, ar an 18 Meitheamh 2025, chun freagra a thabhairt ar an gcúis scríofa.

I ndiaidh na héisteachta inniu ghabh JJ Ó Dochartaigh, DJ Provaí ó Kneecap, buíochas leis na daoine a bhí ag agóid taobh amuigh de na cúirteanna. “Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht, caithfimid leanúint ar aghaidh leis,” ar sé.

Bhailigh slua lasmuigh de na Cúirteanna Ríoga Coiriúla ar maidin chun a dtacaíocht a léiriú do Liam Óg Ó hAnnaidh, Kneecap agus cás mhuintir na Palaistíne. Bhí bratacha á n-iompar ag an slua ag fógairt a gcuid tacaíochta don rapálaí agus don Phalaistín.

Cuireadh in airde lasmuigh de na cúirteanna comhartha sráide sealadach a raibh ‘Kneecap Junction’ scríofa air.

Labhair beirt fheisirí parlaiminte de chuid Shinn Féin, John Finucane agus Paul Maskey, leis an slua taobh amuigh.

Dúirt John Finucane go seasfaí le Liam agus le muintir na Palaistíne agus go gcuirfí in aghaidh an chinedhíothaithe in Gaza.

Dúirt Paul Maskey go rabhthas taobh amuigh den chúirt mar nár ghlac rialtas na Breataine le cinneadh breithimh an cás a chaitheamh amach.

“Cinsireacht atá anseo againn. Sin go díreach an rud atá i gceist leis seo,” arsa Maskey.

Fág freagra ar 'Breithiúnas maidir le hachomharc faoi chás sceimhlitheoireachta in aghaidh rapálaí Kneecap curtha siar'