Más truamhéalach an radharc a bhí i bPáirtí an Lucht Oibre ag a dteacht le chéile an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag éagaoineadh a gceasnaí toghchánaíochta, bhí cuid den fhírinne sa mhéid a bhí le rá ag Brendan Howlin, ceannaire an pháirtí, mar sin féin:
“Tá muinín caillte sa bpáirtí,” a dúirt sé, “ag na daoine ar chóir dóibh muinín a bheith acu as.”
Ach bhainfeadh sé deoir as an gcloch ghlas a laghad tuisceana a léirigh an páirtí féin faoin bhfáth a bhí leis sin.
Chreid roinnt bheag díobh, Alan Kelly ina measc, nach raibh ag teastáil ach ceannaire nua (é féin ar ndóigh), agus daoine a labhródh amach níos láidre faoi bhunphrionsabail an pháirtí (cibé rud iad sin).
Bhí an móramh den tuairim nach ndéanfadh athrú ceannaire aon mhaith (agus an ceart ar fad acu, ceapaim féin) ach go gcaithfí níos mó fuinnimh a chaitheamh ag míniú polasaithe agus dearcadh an pháirtí.
Ach, agus iad báite go muineál sa bhféintrua, níor rith sé le duine ar bith acu a áitiú nach raibh muinín ag an bpobal astu toisc gur thréig siad iad, agus toisc gur imir siad cleas orthu.
Ní leor mar caint fhórsúil más léir do na vótóirí nach bhfuil ann ach caint roimh thoghchán agus go ngéillfeadh an páirtí arís do pholasaithe an rachmais dá mbeidís sa rialtas.
Sea, níl lucht an pháirtí sásta a admháil gur feall a bhí ann a rá roimh thoghchán gur rogha a bhí ann idir bealach an Lucht Oibre agus bealach Frankfurt agus ansin bealach Frankfurt a roghnú iad féin i ndiaidh an toghcháin.
Ach is léir nach bhfuil dearmad déanta ag an bpobal ar an bhfeall sin, agus go dtí go mbeidh an páirtí sásta leorghníomh a dhéanamh ina gcion, ní bhfaighidh siad maithiúnas.
Caint in aisce mar sin don pháirtí a cheapadh go dtiocfadh biseach orthu dá dtosóidís ag caint faoi chearta oibrithe is eile, mar ní chreideann na hoibrithe go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.
Agus más fíor do na pobalbhreitheanna, rachaidh sé deacair orthu oiread is suíochán amháin a choinneáil sa gcéad olltoghchán eile.
Is cuma sin ach beidh páirtithe eile ann –Fine Gael is Fianna Fáil, cuir i gcás – a chuirfidh na polasaithe céanna leo i bhfeidhm (agus a labhródh go fórsúil nuair is gá). Ach bhain buntáiste amháin le páirtí an Lucht Oibre – is é sin go raibh nasc aige le gluaiseacht na gceardchumann is go dtugadh sé guth sa bpolaitíocht, tráth, d’oibrithe a bhíodh eagraithe.
Tá an nasc sin lagaithe as cuimse, agus murach SIPTU, is leithéidí Jack O’Connor, is ar éigean go mbeadh nasc ar bith ag an bpáirtí leis na ceardchumainn anois.
Cé a labhróidh mar sin ar son na haicme úd? Tá an eite chlé de Shinn Féin ag rá gur féidir leosan labhairt ar a son ach, go fóilleach ar aon chuma, níl aon nasc oifigiúil idir aon cheardchumann agus an páirtí sin.
Céard faoi na Daonlathaigh Shóisialta? Bhí daoine ar nós Róisín Shortall, Catherine Murphy agus comhairleoirí amhail Dermot Looney agus Cian O’Callaghan i bPáirtí an Lucht Oibre go dtí gur fhág siad é mar agóid i gcoinne pholasaithe na déine.
Ach is lú dul chun cinn atá déanta acu siúd sna ceardchumainn nó mar atá ag Sinn Féin féin.
An féidir ‘fronta leathan’ a bhunú a cheanglódh na páirtithe ar an bhfíor-eite chlé leis na ceardchumannaigh agus gníomhaithe sóisialta ar bhealach a thabharfadh guth dóibh siúd nach bhfuil aon ghuth acu faoi láthair?
Is beag caint atá ann faoina leithéid ag an bpointe seo, ach dá nglacfadh Sinn Féin le polasaithe rachmais Fhianna Fáil nó Fhine Gael, ní rófhada a bheadh muinín an phobail acu.
Ní hin le rá nach cóir comhrialtas a dhéanamh, ach go gcaithfeadh an comhrialtas sin a bheith bunaithe ar athrú polasaí, agus ar pholasaithe nua a réiteoidh na géarchéimeanna ni gcúrsaí tithíochta, sláinte, oideachais agus eile.
Agus ní féidir réiteach a fháil ar na fadhbanna sin gan droim láimhe a thabhairt le polasaithe an Aontais Eorpaigh maidir le srian docht a chur ar an méad airgid gur féidir linn a fháil ar iasacht (Comhaontú Fioscach) nó maidir le ceart an stáit dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha ar mhaithe le leas an phobail (Conradh Maastricht).
Ach deir na Daonlathaigh Shóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil siad i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, gan cheist agus is mó atá Sinn Féin ag iarraidh a bheith ‘criticiúil’ seachas naimhdeach don Aontas.
Is ar éigean go bhfuil aon díospóireacht chor ar bith faoin Aontas sna ceardchumainn.
Ach seo croí an scéil. Mura mbriseann muid le polasaithe na déine agus leis an dílseacht as cuimse a léirítear don saormhargadh, níl ann ar fad ach an focal mór agus droch-chur leis.
Scéal truacánta is ea scéal Pháirtí an Lucht Oibre, ach an bhfuil éinne eile ann a chuirfeadh fíor-rogha ar fáil ina áit?
Éibhear Neff
Thréig Páirtí an Lucht Oibre an lucht oibre.
Mar sin, cad tá fágtha?
Páirtí, páirtí gan lucht.