Trí fhear fichead a bhí ar an bpainéal; fir mhaithe faoi chéad bhláth na hóige. D’fhoireann Charna-Caiseal, atá 80km siar ó chathair na Gaillimhe, a d’imríodar. Bhíodar in aghaidh fhoireann Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach i gcluiche ceannais sinsir peile chontae na Gaillimhe, go díreach 20 bliain ó shin. Bhí peileadóirí as contaetha go leor ag foireann na cathrach ach ar éigean a thugadar na cosa leo ó leaids Ghaeltacht Chonamara. Ba mhór an iarraidh í ag dream as pobal ar dhaonra íseal, ar imeall thiar an chontae.
Cá bhfuil na fir óga sin anois?
Freagraítear an cheist sin i mbliainiris Iorras Aithneach 2025. Ceantar Charna, Chill Chiaráin agus an Chaisil in iarthar Chonamara atá i gceist. As an triúr fichead sin, níl ach seachtar fanta ina bpobal dúchais. I dtimpeallacht chathair na Gaillimhe, nó in áit eile in Éirinn atá ochtar eile acu; sna Stáit Aontaithe, sa mBreatain agus san Astráil atá an chuid eile.
Tagann agus imíonn daoine in áiteacha go leor. Tomhaistear buanadas an daonra ar chúpla bunphointe: An líon daoine a imíonn ar shlí na firinne agus an líon daoine a thagann ar an saol. Ansin cuirtear san áireamh an líon daoine a thagann isteach, agus an líon daoine a imíonn. I bpobail ar nós taobh tíre Charna/an Chaisil, in Acaill, agus i réigiúin imeallacha (ar bhun tíreolaíochta) Gaeltachta, ní thagtar ar chothromaíocht; ceann le fána atá ann.
An bhfuil dóchas ag na ceantair sin de bharr na cáipéise Ár dTodhchaí Thuaithe, beartas forbartha tuaithe an Rialtais?
Tá an Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag lorg tuairimí agus moltaí anois maidir le hathmhúnlú an phlean seo a tháinig i bhfeidhm in 2019.
Bhíodh leagan i mBaile Átha Cliath go mba ‘down the country’ a bhí muintir na tuaithe, feilméaraí den chuid ba mhó. Bhí chuile dhuine ó Leamhcán siar sa mbád sin. Ach, tá athrú saoil ann. Ní raibh ach 26 baile in iarthar agus in iarthuaisceart Phoblacht na hÉireann i lár na 1990idí a raibh níos mo ná 1,500 duine iontu; tá sin méadaithe go dtí 45 baile anois. Ach cé go bhfuil sin amhlaidh, tá 64% den daonra sa réigiún sin tugtha síos mar mhuintir na tuaithe fós. 36% an daonra oifigiúil tuaithe sa bPoblacht uilig. Tá tábhacht ollmhór ag baint le todhchaí na tuaithe mura mbeadh ann ach an bainne a théann sa leite, agus sa latté.
B’fhacthas do Denis O’Brien, an fear gnó, go raibh téagar, teacht aniar agus dúthracht ar leith ag baint le hoibrithe na tuaithe. Ba ad na fostaithe ab fhearr, a deir sé. De réir pholasaithe cearta agus cothromaíochta na linne seo, bheadh claonadh mar sin in aghaidh na rúibricí. Ach, san saol a bhíodh ann, bhí gasúir na tuaithe tógtha le hobair ó bhíodar an-óg. Is cinnte gur mhúnlaigh an tógáil sin cruas agus díocas iontu.
Ach tá an saol sin ag athrú freisin.
Sa mbliain 1996 – bliain daonáirimh – bhí trí phríomhfhoinse oibre faoin tuath – talmhaíocht/foraoiseacht/iascaireacht; déantúsaíocht; agus obair thógála.
Thug na trí réimse sin fostaíocht do 44% den daonra tuaithe, sna contaetha cois teorann, i gCúige Chonnacht agus sa Chlár. Obair fhisiciúil. Níl ach 24% den phobal oibre gafa leis an gcineál sin dualgas anois. Mórán mar sin a bheadh sé ar fud na tuaithe uilig. Ní chleachtann go leor de mhuintir óg na tuaithe obair fhisiciúil anois; tádar gaibhte go leibhéal eile scolaíochta. Ardteist go bunchhéim go máistreacht agus tuilleadh.
Chuile sheans gur cúrsaí oideachais agus oibre a thug dhá thrian d’fhoireann 2005 Charna-Caiseal go dtí na háiteacha a ndeachadar; sin ar an gcéad iarraidh. Lean buntáistí eile, ar nós éascaíocht taistil, seirbhísí níos fearr agus áisiúlacht. Beidh spriocanna sa múnla nua do Ár dTodhchaí Thuaithe maidir le bóithre maithe, seirbhísí cumhachta agus cumarsáide, agus jabanna. Ach, caithfear aguisín a chur leis na jabanna – beidh fostaíocht a bheidh ag teacht leis an gcaighdeán scolaíochta agus oiliúna atá ar na daoine óga ag teastáil.
Anonn anois chuig Ár dTodhchaí Thuaithe.
Ceist anois: cén cosán é ag foireann shóisir peile Charna-Caiseal a bhuaigh craobh an chontae i mbliana? Meas tú arb é macasamhail scéal 2005 a bheidh i mbliainiris Iorras Aithneach 2045?
Fág freagra ar 'Scéal na tuaithe is ea scéal fhoireann Charna-Caiseal a rinne gaisce in 2005'