Deir Roinn na Gaeltachta go dtabharfar tuilleadh eolais “go gairid” faoi spriocanna atá le fógairt ag an Rialtas maidir le seirbhísí poiblí a bheith á gcur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta.
Bhí Aire na Gaeltachta le dátaí a leagan síos ag tús na bliana do spriocanna atá leagtha amach sa reachtaíocht maidir leis na dualgais teanga atá ar chomhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa nGaeltacht ach níor cloíodh leis na spriocanna sin.
Cé go deir an Roinn go bhfuiltear ag súil le “níos mó a fhógairt faoi seo”, níor tugadh aon eolas maidir le cén uair go díreach a dhéanfar sin nó cén uair a fhógrófar na spriocdhátaí. Níor tugadh aon mhíniú ach an oiread ar cén fáth nár éirigh leis an Aire cloí leis an reachtaíocht.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí agus ranna stáit a chinntiú go mbeidh a gcuid seirbhísí go léir i nGaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Chomh maith leis sin leagtar dualgas ar oifigí comhlachtaí poiblí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na hoifige acu.
Bhí an tAire le spriocdhátaí a leagan síos faoina mbeadh na dualgais sin á gcomhlíonadh laistigh de trí mhí ó cuireadh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi bhráid an Rialtais, rud a rinneadh ar an 1 Deireadh Fómhair anuraidh, de réir na Roinne. D’fhágfadh sin gur ghá don Aire na spriocdhátaí a roghnú roimh an 1 Eanáir ach táthar fós ag fanacht ar scéal uaidh.
Deir an Roinn gur tapaíodh an deis aimsir an toghcháin anuraidh “tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin fiúntach sa bhreis” leis na comhlachtaí poiblí ábhartha i leith a gcuid dualgas chun “an leibhéal is airde ceannach isteach a fháil uathu orthu”.”
“Anois agus Aire nua ceaptha, táthar ag súil le níos mó a fhógairt faoi seo go gairid,” a dúirt urlabhraí le Tuairisc.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil “breithniú” á dhéanamh aige ar an sárú atá déanta ag an Rialtas ar an reachtaíocht teanga.
Foilsíodh an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge mí Dheireadh Fómhair seo caite agus é ráite ag an Roinn go bhfuil sé i gceist an chéad phlean gníomhaíochta atá beartaithe mar chuid den phlean “a fhoilsiú sa chúpla mí amach romhainn tar éis é a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais”.
Fág freagra ar 'Scéal faoi sheirbhísí i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta le fógairt ‘go gairid’ ag an Roinn'