Scaiptear scéalta agus ansin cuirtear na diancheisteanna – ‘Céard iad fish fingers?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tosaíonn sé le Bird’s Eye agus ní fada ina dhiaidh sin go mbíonn siad seasta ar chúinní sráide ag caitheamh gail

unnamed

Bhuel, tá deireadh an domhain tagtha. Mé féin a rinne é agus níl mé in ann an milleán a chur ar éinne eile. Bíodh sé ráite, áfach, go ndearna mé mo dhícheall, ach gur cuireadh faoi bhrú mór mé.

Bíonn siad ag caint sa naíonra eatarthu fhéin – níl aon neart air. Scaipeann scéalta agus ansin cuirtear ceisteanna. Diancheisteanna. Thosaigh an feachtas ar an Déardaoin. ‘Céard iad fish fingers?’ a d’fhiafraigh sí díom. Tháinig sé aniar aduaidh orm.

Ba cheart go mbeadh a fhios agam go dtiocfadh an lá. Bhí Jamie’s School Dinners feicthe agamsa chomh maith le chuile dhuine eile ar chlár an domhain. Má bhí rud amháin ar eolas agam th’éis a bheith ag breathnú air, ba é seo é; gur méaróga éisc a bhíonn ar an mbord ag am dinnéir ag an diabhal fhéin in ifreann.

Ach má bhí a fhios fhéin, is dócha nach gceapann éinne go dtiocfaidh an t-anachain chuig a mbord féin. Ní raibh aon leithscéal agam, i ndáiríre. Tá a fhios agam go maith mar a oibríonn na cúrsaí seo: tosaíonn sé le Bird’s Eye agus ní fada ina dhiaidh sin nó go mbíonn siad seasta ar chúinní sráide ag caitheamh gail is ag maidhtseáil ón scoil.

D’fhreagair mé a ceist. ‘Sórt píosaí beaga iasc agus smeadar aráin orthu, níl mórán caoi orthu’, a dúirt mé agus ba chuma cén t-iontas a bhí luaite leis na fish fingers i gcómhrá an naíonra, ní raibh mé le cur leis. Níor oibrigh mo phlean. ‘Déarfainn go bhfuil siad an-deas,’ a dúirt sí, ‘d’fhéadfadh muide iad a bheith againn ar an Satharn’.

Chuimhnigh mé ar an soiscéal. ‘Céard a dhéanfadh Naomh Jamie Oliver?’ a dúirt mé liom fhéin. Ghabhfadh sé ag an gceannaí iasc, cheannódh sé iasc úr, dhéanfadh filléidí as, gheobhadh uibheachaí saor-raoin agus grabhrógaí aráin is dhéanfadh méarógaí éisc lámh-dhéanta sa gcistineach. Bhí a fhios agam céard a bhí le déanamh agam.

Ach bhí an tseachtain fada agus bhí an béar bán ag glaoch orm. Chuala mé é ar an aer fionnuair aníos ón reoiteoir.

Thóg na méarógaí deich nóiméad san oigheann agus d’ith siad chuile shórt. D’ith siad na pónairí freisin. ‘Tuilleadh!’ a dúirt siad d’aonghuth.

Lá arna mhárach d’iarr siad arís iad. Bhí leath an bhosca fágtha. ‘Cén dochar cúpla ceann eile?’ a dúirt mé liom fhéin agus d’ith siad chuile shórt arís. Dinnéar déanta, ite agus na soithí nite agus gan uair a’ chloig féin caite.

Is bog mín é cosán na haimhleasa.

Fág freagra ar 'Scaiptear scéalta agus ansin cuirtear na diancheisteanna – ‘Céard iad fish fingers?’'