Sárfhoireann Átha Cliath ag ceiliúradh den cheathrú bliain as a chéile

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CRÓCHAIGH: Is iad Áth Cliath curaidh chraobh peile na hÉireann den cheathrú bliain as a chéile agus an lámh in uachtar faighte acu ar fhir na Láimhe Deirge

Sárfhoireann Átha Cliath ag ceiliúradh den cheathrú bliain as a chéile

Cluiche Ceannais Chraobh Peile na hÉireann 2018 Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain 1-14

Ciarraí, Loch Garman agus anois Áth Cliath. Tá Craobh Shinsir Peile na hÉireann buaite den cheathrú huair as a chéile ag foireann dhochreidte Jim Gavin tar éis dóibh Tír Eoghain a chloí i gcluiche ceannais an lae inniu.

B’fhearr an fhoireann i bhfad iad Áth Cliath agus cé go ndearna Tír Eoghain iarracht teacht aniar a dhéanamh i dtreo an deiridh, bhí a ndóthain déanta ag na buaiteoirí chun bearna a choinneáil idir na foirne.

Áirítear foireann Gavin i measc na bhfoirne is fearr riamh agus bhí siad beagnach gan locht nuair ba ghéire an gá sa dara leath inniu. Bhuaigh siad gach cic amach a thóg a gcaptaen Stephen Cluxton agus níor chuir siad aon iarracht ar fóraoil sa tréimhse chéanna.

Philip McMahon agus Dean Rock ag ceiliúradh den cheathrú bliain as a chéile ce ©INPHO/James Crombie

Ar an láimh eile, ní raibh na himreoirí is tábhachtaí ag Tír Eoghain i mbarr a maitheasa. Níor scóráil Mattie Donnelly nó Niall Sludden tada inniu, ná níor aimsigh Peter Harte aon scór ón imirt. Maolaíodh ar an tionchar a bhíonn ag Tiernan McCann agus an cúram leagtha air Ciarán Kilkenny a leanúint. Bhí Kilkenny féin ar fheabhas don chuid is mó den chluiche.

Ar a laghad bhí coimhlint cheart againn den chéad 20 nóiméad.

Níor chuir ceachtar de na foirne tús iontach leis an gcluiche ach ba iad Tír Eoghain ab fhearr a shocraigh isteach san imirt. Ba iad Áth Cliath a fuair an chéad scór ach ba léir ó thús an chluiche go raibh díograis agus díocas ag baint le cur chuige imreoirí Thír Eoghain.

Fuair Peter Harte, Mark Bradley agus Tiernan McCann cúilín an duine agus d’fhág na trí cinn as a chéile sin go raibh Tír Eoghain chun cinn tar éis 8 nóiméad. Fuair Conor McAliskey péire eile dóibh agus tar éis ceathrú huaire bhí siad go maith chun cinn, 0-5 in aghaidh 0-1.

Níor scóráil Áth Cliath ach an aon phointe amháin sa chéad 18 nóiméad ach ghlac siad ceannas ar an gcluiche de réir a chéile agus ní fada go raibh cúiteamh déanta acu ar an  drochthús sin.

Lee Brennan sna sála ar Chiarán Kilkenny  ©INPHO/James Crombie

Ba é Ciarán Kilkenny a d’aimsigh an dara pointe dóibh tar éis do Stephen Cluxton an liathróid a sheoladh chuig Jack McCaffrey le cic amach den scoth. Bhí Niall Morgan ag déanamh go maith lena chiceanna amach go dtí sin freisin agus gach ach ceann buaite ag Baile Átha Cliath. Chuaigh rudaí in olcas go tapa do Morgan, faraor.

Bhuail sé cic amach díreach isteach i lámha Kilkenny a bhí 55m amach.

Thug seisean pas do Con O’Callaghan, a thug pas do Paul Mannion agus nuair a leagadh Mannion sa chearnóg, bronnadh cic éirice air, cic a shlánaigh sé féin.

D’fhág an cúl sin go raibh Áth Cliath ar comhscór agus ní fada go raibh siad imithe chun cinn. Bhuaigh siad seilbh na liathróide ó phéire eile de chiceanna amach Thír Eoghain agus fuair Dean Rock cúilín sa dá chás.

Scóráil Cathal McShane pointe do Thír Eoghain sa 24ú nóiméad ach bhí an lámh in uachtar ag fir Jim Gavin. Fuair Jack McCaffrey a chéad phointe go luath ina dhiaidh sin agus chuir siad an liathróid san eangach arís sa 27ú nóiméad, nuair a rinne Con O’Callaghan sárobair chun deis éasca a chruthú do Niall Scully.

D’aimsigh Dean Rock dhá chúilín eile roimh leath ama, ceann ón imirt agus ceann ó chic saor, agus bhí Áth Cliath seacht bpointe chun cinn ag an mbriseadh, 2-7 in aghaidh 0-6.

Chuir Tír Eoghain tús maith leis an dara leath agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú a bhuíochas de phointí ó Conor McAliskey agus Kieran McGeary ach bhí an chuma ar Áth Cliath i gcónaí go raibh freagra acu ar aon cheist a chuirfeadh a gcéilithe comhraic orthu.

Thosaigh na fir ionaid ag teacht isteach don dá fhoireann i lár an dara leath ach, seachas ciceanna saora Lee Brennan, is beag tairbhe a  bhain Tír Eoghain as lucht an bhinse. Choinnigh siad orthu ag cur iarrachtaí amú, sé cinn déag san iomlán, agus beidh thiar i gcónaí ar aon fhoireann a chuireann an méid sin seansanna amú i gcoinne Átha Cliath.

Tugadh údar misnigh do Thír Eoghain sa 65ú nóiméad nuair a bhuaigh Colm Cavanagh cic éirice a shlánaigh Peter Harte. Cuireadh John Small den pháirc go luath ina dhiaidh sin agus nuair a fuair Brennan a thríú cic saor den dara leath, ní raibh eatarthu ach ceithre phointe, 2-14 in aghaidh 1-13. Níor éirigh leo dul tada níos gaire do churaidh na hÉireann.

Bhí lá stairiúil i gcraobh na mionúr chomh maith agus an corn tugtha leo ag Ciarraí den chuigiú bliain as chéile sa ghrád sin, gaisce nach ndearna aon fhoireann eile riamh. Fuair buachaillí na Ríochta an ceann is fearr ar Ghaillimh, 0-21 in aghaidh 1-14.

Áth Cliath: S Cluxton; P McMahon, C O’Sullivan, E Murchan; J Small, J Cooper, J McCaffrey (0-1); B Fenton (0-2), J McCarthy; N Scully (1-0), C O’Callaghan, B Howard (0-1); P Mannion (1-1, 1 chic éirice), C Kilkenny (0-3), D Rock (0-7, 4 chic saor, 1 ‘45). Fir Ionaid: M Fitzsimons in áit C O’Sullivan (25 nóim), C Costello in áit N Scully (52 nóim), D Daly in áit E Murchan (57 nóim), K McManamon (0-1) in áit P Mannion (57 nóim), E Lowndes in áit J Cooper (63 nóim), M Macauley (0-1) in áit D Rock (66 nóim).

Tír Eoghain: N Morgan, M McKernan, R McNamee, P Hampsey (0-1) T McCann (0-1), R Brennan, P Harte (1-1, 1 chic éirice, 1 chic saor); C Cavanagh, C McShane (0-2); M Donnelly, N Sludden, K McGeary (0-1); M Bradley (0-2), C Meyler, C McAliskey (0-3, 1 chic saor). Fir Ionaid: L Brennan (0-3, 3 chic saor) in áit C Meyler (39 nóim), F Burns in áit N Sludden (45 nóim), H Loughran in áit K McGeary (48 nóim, cárta dubh), R Donnelly in áit C McAliskey (48 nóim), D McClure in áit C McShane (54 nóim), R O’Neill in áit M Bradley (63 nóim).

Réiteoir: Conor Lane.

Fág freagra ar 'Sárfhoireann Átha Cliath ag ceiliúradh den cheathrú bliain as a chéile'