Tá rud éigin cearr nuair a bhíonn póilíní anuas sa mhullach ar iriseoirí in ionad suim a léiriú sna coireanna a thuairiscíonn siad

Cúis bhuartha is ea gabháil beirt iriseoirí i mBéal Feirste do dhuine ar bith a bhfuil meas aige ar shaoirse iriseoireachta

Tá rud éigin cearr nuair a bhíonn póilíní anuas sa mhullach ar iriseoirí in ionad suim a léiriú sna coireanna a thuairiscíonn siad

Iriseoirí i bpríosún i Maenmar, cúigear maraithe in ionsaí lámhaigh ar nuachtán in Annapolis i Meiriceá, a thuilleadh maraithe i gCabúl agus sa Mheánoirthear i mbliana. Breis is 2,500 iriseoir a maraíodh i ngeall ar a gcuid oibre ó 1990.

Tarraingíonn na huafáis sin diancháineadh ar fud na cruinne, mar is ceart, díreach mar a thuill dúnmharú Veronica Guerin ó dheas agus Martin O’Hagan ó thuaidh cáineadh.

Cuireann foréigean nó diansmacht ar iriseoirí i gcéin alltacht orainn agus ghlacamar leis gur uafáis as an gcoitiantacht ar fad iad dúnmharú ár gcomhghleacaithe sa tír seo. Is mór is fiú go bhfuil sin fíor i gcónaí, ach tá údar imní againn sa bhaile. Níl an ceathrú heastát chomh sábháilte is ba mhaith linn a ligean orainn féin agus cúis bhuartha is ea gabháil iriseoirí i mBéal Feirste do dhuine ar bith a bhfuil meas acu ar shaoirse iriseoireachta, clóite nó leictreonach.

An tseachtain seo caite rinne póilíní as Durham Shasana agus an PSNI ruathair ar dhá theach agus ar oifig an chomhlachta a rinne an scannán No Stone Unturned faoi eirleach Loch an Oileáin i 1994. Ghabh siad na hiriseoirí iniúchta, Barry McCaffrey agus Trevor Birney, maille le cáipéisí agus ríomhairí óna dtithe agus ó oifig Fine Points Films. Rinne an scannán, faoi stiúir Alex Gibney, scrúdú ar líomhaintí faoi chlaonpháirt an RUC san ionsaí sin inar maraíodh seisear fear a bhí bailithe san Heights Bar ag faire ar Éirinn in aghaidh na hIodáile i Giants Stadium i gCorn an Domhain san sacar.

Bhain foireann an scannáin leas as cáipéis ó oifig Ombudsman na bPóilíní – ábhar nár eisíodh go hoifigiúil. I measc na lochtanna a fuarthas ar an bhfiosrú faoin eachtra i Loch an Oileáin, maíodh gur scriosadh fianaise nó go ndearnadh neamhshuim di.

Chuir Oifig an Ombudsman in iúl don PSNI nár scaoileadh an cháipéis sin go dlíthiúil. Chinn an PSNI nár mhór ‘gadaíocht’ na cáipéise a fhiosrú mar go mb’fhéidir go gcuirfeadh an t-eolas inti beatha i mbaol. D’iarr siad ar phóilíní Durham é sin a dhéanamh. Dúirt George Hamilton, Príomh-Chonstábla an PSNI gur tugadh an cúram d’fhórsa Durham chun a léiriú go poiblí go mbeadh an fiosrú neamhspleách – go bunúsach, theastaigh uaidh a chinntiú nach bhféadfaí claonadh a chur i leith an PSNI. Bhí sé fánach aige.

Tá rud éigin cearr nuair a thagann na póilíní anuas sa mhullach ar iriseoirí maidir lena bhfoinsí in ionad suim a léiriú sna coireanna a thuairisc siad. Ní dea-theist ar shochaí é. Ní dea-theist ar an PSNI é.

Nílim ag iarraidh a rá go mbíonn iriseoireacht inmholta i gcónaí. Tá a mhalairt d’fhianaise le feiceáil gach lá, bheadh sé craiceáilte é sin a shéanadh. Tuigim freisin go measfaidh roinnt gur ag tochras ar a gceirtlín féin a bhíonn iriseoirí nuair a sheasann siad in aghaidh nochtadh foinsí. Ach ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht atá le cosaint foinsí chun eolas a aimsiú ar mhaithe leis an leas poiblí.

Tá iriseoireacht iniúchta sách annamh ar an aimsir seo- tá sí costasach, tógann sí am agus misneach agus ídíonn sí acmhainní. Bhí an obair a rinne foireann No Stone Unturned tábhachtach mar is dual don tseirbhís fiosrúcháin The Detail ina bhfuil McCaffrey agus Birney fostaithe. Iarracht ionraic ab ea é chun an fhírinne a aimsiú faoi eachtra scanrúil nár fiosraíodh i gceart. Shásaigh sé an treoir “comfort the afflicted, afflict the comfortable”.

Nuair a taispeánadh an scannán sa bhfómhar anuraidh bhí míshuaimhneas ann faoi chinneadh na léiritheoirí ainmneacha amhrastaigh a fhoilsiú. Cheistigh roinnt mhaith daoine an cinneadh eagarthóireachta sin. Ach níorbh é sin a spreag an PSNI. Níor fhógair siad fiosrú faoi conas a scriosadh fianaise. Níor fhógair siad fiosrú faoi conas a ‘cailleadh’ fianaise- díol gluaisteáin mar dhramh-mhiotal, cuir i gcás. Níor chinn siad gur ghá a thuilleadh fiosraithe a dhéanamh faoi líomhaintí claonpháirteachais idir baill den RUC agus an bhuíon ón UVF a bhí freagrach as an sléacht agus as eachtraí eile sa gceantar sin i gContae an Dúin. Ba é an fiosrú faoi fhoinsí na n-iriseoirí an t-aon bheart a tionscnaíodh.

Ghoill gabháil na n-iriseoirí go mór ar ghaolta na ndaoine a maraíodh i Loch an Oileáin, daoine a mhaígh gur deineadh neamhshuim oifigiúil díobh ar feadh na mblianta. D’eagraigh siad bigil mar thaca leis an mbeirt fhear. B’údar mór imní é do cheardchumann an n-iriseoirí, an NUJ, agus do ghrúpaí cearta an duine. D’éirigh le dlíodóirí thar ceann na n-iriseoirí stop a chur le scrúdú an ábhair a ghabh na póilíní, go ceann tamaill ar aon nós ach cúis bhuartha ab ea é gur chaith póilíní 13 uair an chloig ag dul trí ríomhairí agus comhaid in oifigí The Detail/Below the Radar/Fine Point Films sular thug siad leo iad.

Scaoileadh Barry McCaffrey agus Trevor Birney saor oíche De hAoine. Ceistíodh iad ar feadh an lae. Dé Luain d’fhógair The Detail go raibh a bhfoireann i mbun oibre mar is gnách agus nach gcuirfí stop lena gcuid fiosruithe. Is maith sin. Is minic a chothaíonn ‘fiosruithe’ den chineál a chonacthas ón PSNI agus Póilíní Durham drogall roimh iniúchadh. Gan dabht sin é a fheileann do na húdaráis, sin cuid den toradh a bhíonn uathu. Tá gá le misneach le cur ina n-aghaidh.

Fág freagra ar 'Tá rud éigin cearr nuair a bhíonn póilíní anuas sa mhullach ar iriseoirí in ionad suim a léiriú sna coireanna a thuairiscíonn siad'