Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar Mhéara Bhostúin Marty Walsh

Is de bhunadh Ghaeltacht na Gaillimhe Marty Walsh a toghadh an athuair ina Mhéara ar Boston an tseachtain seo caite

Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar Mhéara Bhostúin Marty Walsh

Cinneadh ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe inniu go mbronnfar Saoirse na Cathrach ar Mhéara Boston, Marty Walsh, ar de bhunadh an chontae é.

Rugadh tuismitheoirí an Mhéara Walsh i gConamara agus chuaigh siad beirt ar imirce go Meiriceá, áit ar rugadh Walsh féin.

An tseachtain seo caite a toghadh Marty Walsh ina mhéara ar Boston don dara téarma as a chéile agus bhí muintir Chonamara go láidir i measc slua tacaíochta an mhéara nuathofa in Óstán Copley i gceartlár Boston nuair a fógraíodh gur le fear Chonamara a bhí an lá.

Inniu a bhí an céad chruinniú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ó atoghadh an Méara Walsh i Meiriceá agus chinn comhairleoirí na cathrach an onóir a bhronnadh ar Walsh.

Dheimhnigh an Méara Walsh go mbeadh sé ag filleadh ar Éirinn arís an bhliain seo chugainn, agus is é is dóichí anois ná go mbronnfar an stádas go hoifigiúil ar an Méara nuair a thiocfaidh sé go contae a mhuintire.

Agus an fógra faoina chuairt á dhéanamh aige an tseachtain seo caite thagair sé d’oscailt Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara agus do chuairt an Phápa ar Éirinn agus thug le fios go bhfuil an dá ócáid sin ar intinn aige.

Ba as Caladh Mhaínse i gCarna a athair John Mháirtín Tom, nach maireann, agus is Máilleach as Ros Muc a mháthair, Mary Joe Pheadair. Bhí a mháthair agus a aintíní agus uncailí, chomh maith le daoine muinteartha eile leis, ag ceiliúradh a bhua ina theannta an tseachtain seo caite.

Ba é Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn an duine deiridh ar bronnadh Saoirse na Cathrach i nGaillimhe air, go gairid i ndiaidh a thofa mar uachtarán ar an tír in 2012.

Is é Walsh an dara méara as Meiriceá ar bronnadh an onóir air. Bronnadh Saoirse na Cathrach ar Robert F Wagner Jr, Méara Nua-Eabhrac, i 1962. Bronnadh an stádas ar bheirt uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin: John F Kennedy agus Ronald Reagan.

Fág freagra ar 'Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar Mhéara Bhostúin Marty Walsh'