Saoirse Bhéal Feirste le bronnadh ar Dháithí Mac Gabhann

Mar ómós don chainteoir óg Gaeilge a throid ar a shon, ‘Dlí Dhaithí’ atá ar an dlí nua faoin deonú orgán sa Tuaisceart

Saoirse Bhéal Feirste le bronnadh ar Dháithí Mac Gabhann

Tá Saoirse Bhéal Feirste le bronnadh ar Dháithí Mac Gabhann, an cainteoir Gaeilge óg as Béal Feirste a bhfuil dlí nua faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh.

Tá Dáithí Mac Gabhann, arb as Baile Uí Mhurchú dó, sé bliana d’aois, agus tá sé ag fanacht an chuid is mó dá shaol ar aistriú croí.

Bhí rath an mhí seo caite ar fheachtas fada Dháithí agus a thuismitheoirí, Máirtín agus Seph, nuair a chuir Rí Séarlas III Shasana a lámh leis an dlí nua – ‘Dlí Dháithí’.

De réir ‘Dlí Dháithí’, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Tiocfaidh an dlí  i bhfeidhm sa Tuaisceart ar an 1 Meitheamh.

In Westminster a tugadh an dlí isteach mar nach bhfuil Stormont ag feidhmiú faoi láthair.

Bhí Dáithí 14 mí nuair a fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh aistriú croí de dhíth air agus chuir siad tús le feachtas chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.

Coiste straitéise agus acmhainní Chomhairle Cathrach Bhéal Feiste a mhol go mbronnfaí saoirse na cathrach ar an ngaiscíoch óg agus meastar go dtabharfar beannacht na comhairle don mholadh ag cruinniú Dé Luain seo chugainn.

Ar na daoine eile a bhfuil saoirse na cathrach bronnta orthu tá iar-uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Bill Clinton, an fear scannáin Kenneth Branagh, an ceoltóir mór le rá Van Morrison agus an lúthchleasaí Mary Peters.

 

Fág freagra ar 'Saoirse Bhéal Feirste le bronnadh ar Dháithí Mac Gabhann'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ó thuaidh!